Ceannródaí Brandála / Brand Innovator

Forbairt News No Comments

An Ceannródaí Brandála Joe McGivern

Siopa úr Chluanaí / New Springfield ‘Siopa’

Gaeilge


Cúis cheiliúrtha eile a bhí ag  fear gnó áitiúil, Joe McGivern,  duine de phríomhimreoiri Chumann Tradálaithe Iarthar Bhéal Feirste, nuair a rinne sé an siopa úr s’aige ar Bhóthar Chluanaí a oscailt go hoifigiúil inniu. Rinneadh athmhaisiú  ar an taobh amuigh den siopa le cabhair airgid ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin scéim nuálaíoch, ‘Athnuachan na Mórbhealaí’ i bpáirtnéireacht leis an áisíneacht forbartha Gaeilge, Forbairt Feirste a chuireann seirbhisí comhairliúcháin agus aistriúcháin ar fáil don togra.


Aithníodh an Branda dúchasach atá ag ‘Siopa’ Joe McGivern ag searmanas bronnta bliantúil Forbairt Feirste, Gaelghradam Loch Lao i mí na Nollag 2009 nuair a bhain sé duais Bhéal Feirste don Ghnó beag is Gaelaí sa chathair.


English


Local businessman, Joe McGivern, one of the main players in the West Belfast Traders’ Forum celebrated the opening of his new ‘Siopa’ on the Springfield Road today as it officially opened for business. The front of the ‘Siopa’ was refurbished with help from Belfast City Council under the innovative ‘Renewing the Routes’ scheme, in partnership with Irish language development agency Forbairt Feirste who provide advice and translation services for the project.


Joe McGivern’s native  ‘Siopa’ brand was recognised in Forbairt Feirste’s annual awards ceremony, Gaelghradam Loch Lao in December 2009 when he won the Belfast award for the city’s most Gaelic small business.



Logainmneacha Chluanaí / Springfield Placenames

Forbairt News No Comments


Jake MacSiacais ag Tábhairne Caulfields

Léacht ar Logainmneacha / Placenames Lecture

Gaeilge


Cur i láthair ag stiúrthóir Forbairt Feirste ar logainmneacha

Rinne stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais, roinnt cur i láthair ar logainmneacha Cheantar Chluanaí mar chuid d’Fhéile an Earraigh a reáchtáladh ón Déardaoin 4ú go dtí an Domhnach 7ú Feabhra.


Bhí dhá léacht éagsúla ann ar théama logainmneacha a rinneadh mar chuid de Thionscadal Nansen, scéim leanúnach de chuid Forbairt Feirste.


Rinneadh an chéad chur i láthair ar an Aoine 5/2/2010 i nGaelscoil na Móna agus bhí roinnt scoláirí ó rang a sé agus rang a seacht ón scoil féin, mar aon le daltaí rang a sé agus a seacht ó Scoil na mBráithre Naomh Aodán i láthair.


Bhí an dara cur i láthair ann ar an Domhnach 7/2/2010 i dTábhairne Caulfields ag barr Bhóthar na Carraige Báine. Bhí an dá sheisiún bríomhar agus cuireadh roinnt mhaith ceisteanna ar an aoíchainteoir acu siúd a d’fhreastail ar an dá ócáid.


English


Forbairt Feirste Director delivers talks on placenames

Forbairt Feirste director, Jake MacSiacais has given a series of presentations on the theme of placenames of the Upper Springfield. The talks were held as part of the Spring Festival which ran from Thursday 4th until Sunday 7th February.


There were two lectures in total over the weekend on the theme of placenames which formed part of Forbairt Feirste’s ongoing scheme, The Nansen Project.


The first talk took place in Gaelscoil na Móna on Friday 5/2/2010 and was attended by the school’s primary six and seven pupils along with their counterparts from Saint Aidan’s Christian Brothers’ School.


The second presentation took place in Caulfield’s Bar at the top of the Whiterock Road on Sunday 7/2/2010. Both sessions were lively with the audience asking lots of questions of the guest speaker.



Gaelgradam Gnó Chluanaí / Springfield Business Awards

Forbairt News No Comments

Monarcha Balún Iontach buaiteoir Gnó is Gealaí

Gaeilge


Gaelghradam Gnó Chluanaí

Monarcha Balún Iontach aitheanta mar Ghnó is Gaelaí 2010

Reáchtáil Forbairt Feirste, Iontaobhas Bharr a’ Chluanaí agus Glór na Móna imeacht bronnta, Gaelghradam Gnó Chluanaí inár tugadh aitheantas do ghnónna i gceantar Uachtar Chluanaí  a d’imir ról ag cur chun cinn na Gaeilge. Bronnadh duaiseanna i ndá rannóg mar a bhí an Gnó is Gaelaí agus an Gnó Pobail is Gaelaí.


Ba iad na buaiteoirí do 2010 ná Monarcha Balún Iontach don ghnó is Gaelaí agus Ionad Teaghlaigh Ard na Móna a bhain duais don ghnó pobail is Gaelaí. Reáchtáladh an searmanas bronnta, ar an Satharn 6/2 /2010  mar chuid d’imeachtaí Chroí Féile an Earraigh.


English


Upper Springfield Irish Language Awards

Jolly Good Balloon Factory scoops Best Irish business award

Forbairt Feirste, Upper Springfield Development Trust and  Glór na Móna have hosted the Presentation ceremony for the inaugural Upper Springfield Irish language awards. A scheme that gives recognition to businesses in the Upper Springfield area that promote and support the Irish language. Awards were given out in two categories; The Best Irish business and the best Irish community business.


The 2010 winners were the Jolly Good balloon factory for the best Irish business and the Ardmonagh Family Centre for the best Irish community business. The awards ceremony was held, on Saturday 6/2/2010 as part of the Heart of Féile an Earraigh.



Léacht An Earraigh / Spring Lecture

Forbairt News No Comments

Cuid den Lucht Féachana

Gaeilge

Léacht an Earraigh

Ailtire Bascach ag roinnt tuairimí le lucht na Ceathrún Gaeltachta

Bhí scaifte maith i láthair ag Coláiste Feirste oíche Aoine seo caite 4/2/2010, nuair a thug an t-ailtire Bascach, Alona Martinez-Perec, caint shuimiúil, spreagúil  ar chur chun cinn ceathrúnacha cultúrtha.


Is as Bilbao, in Euskal Herria (Tír na mBascach) don Bhean Uasal Martinez-Perec agus bhí sí ábalta taithí s’aicí féin ó Bilbao agus Barcelona a roinnt leis an scaifte a bhí i láthair.


.


English


Spring Lecture

Basque architect shares opinions with Gaeltacht Quarter audience

A well-packed audience was in attendance last Friday 4/2/2010, at Coláiste Feirste when Basque architect Alona Martinez-Perec gave an interesting and engaging talk on the development of cultural quarters.


Ms Martinez-Perec from Bilbao in Euskal Herria (the Basque Country) was able to bring her experience in both Bilbao and Barcelona to bear on the talk which she gave to those in attendance.



Oidhreacht Bhríde / Bridgid’s Heritage

Forbairt News No Comments

Gaeilge


Oidhreacht Bhríde

Crosóga Bhríde a dhéanamh mar chuid d’Oidhreacht Chruthaitheach

Reáchtáil Forbairt Feirste, Iontaobhas Bharr a’ Chluanaí agus Glór na Móna Ceardlann ar Chrosóga Bhríde i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar an Dé hAoine 29ú Eanáir.


Bhí an cheardlann mar thús le sraith imeachtaí a bheas á reáchtáil mar chuid de scéim Oidhreacht Chruthaitheach idir seo agus deireadh na bliana 2010 ag ceiliúradh oidhreachta, cultúir agus na n-ealaíon sna ceantair cóngarach don Sliabh Dubh agus don Dubhais.


English


St Brigid’s Crosses workshop kicks off Creative Legacies

Forbairt Feirste, Upper Springfield Development Trust and  Glór na Móna held a workshop on the making of St Brigid’s crosses in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh on Friday January 29th as part of the Creative Legacies Project.


The workshop was the beginning of a series of events which will be held throughout 2010 celebrating the heritage, culture and arts in the areas adjacent to the Black Mountain and Divis.



An Ghaeilge i Lár an Aonaigh / Irish at heart of Market

Forbairt News No Comments



Gaeilge


Ag cinntiú áit na Gaeilge i Lár an aonaigh

Tá Oifigeach Gnó le Gaeilge, Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ag comhoibriú le hionadaithe áitúla cheantar Cholláin le cinntiú go mbíonn an Ghaeilge i lár an aonaigh san fhorbairt úr, ar fiú £25m é, atá i ndiaidh a bheith fógraithe do cheantar an Cholláin.


Tuilleadh eolais


feargal@forbairtfeirste.com


English


Putting Irish at the heart of the market

Forbairt Feirste’s Irish Means Business officer, Feargal Mac Ionnrachtaigh, is working alongside local elected representatives in the Colin area to ensure that the Irish language is at the heart of the new £25m development which has just been announced for the Colin Area.


Further information


feargal@forbairtfeirste.com



Féile an Earraigh / Spring Festival

Forbairt News No Comments



gaeilge


Mar chuid d’Fhéile an Earraigh 2010, tá sraith imeachtaí socraithe ag pobal na Gaeilge i mBéal Feirste faoin teideal ‘Imeachtaí Gaelacha Chroí na Féile’


Tá Forbairt Feirste, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Raidió Fáilte, Glór na Móna agus Coláiste Feirste ag comhoibriú le go mbeidh croí Gaelach, sultmhar lánéagsúlacht ag Féile an Earraigh.


Ritheann Croí Fhéile an Earraigh ón Aoine, Feabhra 5ú go dtí an Domhnach, Feabhra 7ú


Tuilleadh eolais


feargal@forbairtfeirste.com


proinsias@culturlann.ie


English


As part of Féile an Earraigh 2010, Belfast Gaels have organised a series of events under the title of ‘Heart of the Festival Irish Events’


Forbairt Feirste, Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Raidió Fáilte, Glór na Móna and Coláiste Feirste are working together to ensure that Féile an Earrigh has a Gaelic heart full of fun and diversity.


Croí Féile an Earraigh runs from Friday  Feb 5th until Sunday Feb 7th.


Further information


feargal@forbairtfeirste.com


proinsias@culturlann.ie



Oidhreacht Ghaill ’s Loch Lao / St Gallen Loch Lao Heritage

Forbairt News No Comments


Gaeilge


Rinne stiúirthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais, cur i láthair ar Oidhreacht Ghaill ’s Loch Lao, i dteach tábhairne Mac Dílis (Fealtys)  i mBeannchar ar Lá Fhéile Bhríde.


Bhí Mac Siacais ar an chéad aoíchainteoir seachtrach ag Cumann Staire SeanBheannchair, grúpa oidhreachta agus staire áitiúla.


Spreag an cur i láthair suim an Chumainn staire chun níos mó eolais a fháil ar Sankt Gallen, an ceantair Éilbhéiseach a d’fhás ón mhainistir a bhunaigh Naomh Gall siar i 612IC.


D’fhás Tionscadal Oidhreacht Ghaill ’s Loch Lao as cuairt a thug Forbairt Feirste ar Mhainistir Naomh Gallen agus as an tuiscint go raibh deiseanna ann chun sampla na Manach Éireannach a úsáid chun ardán poiblí a thógáil as an saibhreas cultúrtha a d’fhag siad mar oidhreacht againn.


Dúirt Mac Siacais:


“Thiar in aimsir an Ré Órga las na manaigh Éireannacha laisir spioradálta a loinnrigh sa dorchadas agus a las tine bheo i gcroíthe pobal éagsúil fud fad na hEorpa. D’fhag na manaigh chéanna, as stuaim a ndúthrachta agus a n-ealaíne, oidhreacht scríofa shaibhir, a bhfuil a macalla le cluinstin go soiléir go fóill thar na céadta fada bliain go dtí an lá atá inniú ann.



“Déanann Oidhreacht Ghaill ‘s Loch Lao macalla an tsaibhris seo a threisiú go bhfuaimeoidh sí in ardghlór le pobal labhartha na Gaeilge agus leis an phobal ar suim leo an Cultúr Gaelach agus  ar bharr sin díreoidh sé aird mhór phobal Loch Lao ar a n-éagsúlacht iomlán, ar an chomhoidhreacht luachmhar seo.”


Tuilleadh Eolais


jake@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste director Jake Mac Siacais, gave a presentation on the Saint Gallen and Loch Lao Heritage at Fealtys bar Bangor on Saint Brigid’s Day.


The Saint Gallen Loch Lao heritage project grew out of a Forbairt Feirste visit to the Saint Gallen Monastery and Archive in Sankt Gallen Switzerland. 



Mac Siacais was the first guest speaker invited to give a talk to the Auld Bangor Historical Society, a local heritage and history group.


The talk has whetted the appetite of the Historical Society to learn more of Sankt Gallen, the Swiss Canton and City which grew from the Monastic settlement established by Bangor monk Saint Gall in 612AD


The Saint Gall and Loch Lao Heritage project grew from a visit to the Monastery of Sankt Gallen by Forbairt Feirste and from an understanding that great opportunities existed to use the example of the Irish monks as a public platform for exploring the cultural wealth which they have left us as our heritage.


Mac Siacais said:


“In the Golden Age of Irish Monasticism Irish monks lit a spiritual flame which illuminated the darkness and ignited a living fire in the hearts of people across Europe. Those same monks, by dint of their own diligence, ardour and art, left a rich written heritage, whose echo still sounds clearly across more than 1000 years until the present day.


“The St Gallen/Loch Lao Heritage Project focuses on the echo of that cultural richness elevating it anew and giving full modern voice to this shared heritage for the Irish speaking community, for those who value Irish Culture and also for the wider community of Belfast Lough in all their diversity.”


Further information


jake@forbairtfeirste.com



Laochra Loch Lao

Forbairt News No Comments


Gaeilge


Laochra Loch Lao ar an scáileán mhór

Táthar dhá chlár teilifíse a dhéanamh ar an BBC faoi Laochra Loch Lao, foireann lánGhaelach de chuid na Ceathrún Gaeltachta, a bheas ag imirt don cheathrú bliain as a chéile i gComórtas Peile na Gaeltachta i gCondae Mhaigh Eo ag deireadh mhí na Bealtaine 2010.


Bunaíodh na Laochra i 2006


Tuilleadh eolais


jake@forbairtfeirste.com


nó feargal@forbairtfeirste.com


English


Laochra Loch Lao on the big screen

Laochra Loch Lao, the Gaelic speaking football team based in Belfast’s Gaeltacht Quarter will be the subject of two upcoming television programmes commissioned by the BBC. The programmes will follow the Laochra as they prepare for their fourth consecutive year of  participation in the Gaeltacht Football Competition in County Mayo at the end of May 2010.


Laochra Loch Lao were established in 2006.


Further information


jake@forbairtfeirste.com


nó feargal@forbairtfeirste.com



Blas ar an Bheagán / A Little Goes a Long Way

Forbairt News No Comments

OLYMPUS DIGITAL CAMERA


OLYMPUS DIGITAL CAMERA


‘Blas ar an Bheagán’


Scéim Nuálaíoch Gaeilge do Ghnónna Áitiúla



Gaeilge


Lainseáil Forbairt Feirste i bpáirtnéireacht le Forám Trádálaithe Iarthar Bhéal Feirste scéim phíolóta  nuálaíoch le déanaí i mBéal Feirste.


Cuireann ‘Blas ar an Bheagán’ an Ghaeilge chun tosaigh i ngnónna sa Cheathrú Ghaeltachta agus ar fud na Cathrach.


Is í an scéim seo, ‘Blas ar an Bheagán’ an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, agus déanann sé nathanna cainte simplí Gaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí i mbialanna agus i dtáibhairní.


Faoin scéim phíolóta, cuireadh córas fuaime ar fáil sna leithris ar a seinnfear sraith de nathanna cainte simplí praiticiúla a d’fhéadfadh custaiméirí a úsáid i suíomh sóisialta an táibhairne nó na bialainne.


Dar le Cathaoirleach Chumann na dTrádálaithe, Patrick McDonald:


‘Is scéim cheannródaíoch í seo a thabharfaidh chan amháin deis iontach margaíochta do ghnónna, ach a thabharfaidh áis oideachasúil agus seirbhís phraiticiúil chultúrtha agus shóisialta do chustaiméirí an ghnó. Uirlis í seo a rachaidh i bhfeidhm fosta ar an mhórphobal i gcoitinne.


Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Forbairt Feirste


‘Creidimid go rachaidh an scém seo i bhfeidhm ó thaobh a háisiúlachta de ar ghnónna ar fud an oileáin seo agus orthu siúd atá ar an deoraíocht.


‘Tá sraith chuimsitheach de nathanna cainte praiticiúla curtha i gceann a chéile againn a d’fhéadfadh daoine a úsáid agus iad i suíomh sóisialta i mbialanna nó i dtábhairní agus i gcaitheamh an ghnáthshaoil laethúil.


‘Roghnaíodh ocht ngnó ar leith faoin scéim phíolóta agus gheobhaidh siad an córas fuaime, ach ar bharr sin tá 500 cóip den dlúthdhiosca, atá taifeadta ag Raidió Fáilte déanta againn. Cuirfear iad seo ar fáil do ghnónna ar suim leo an deis a thapadh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil ach go háirithe le Foras na Gaeilge a chuir an maoiniú ar fáil agus le Mitchell Kane agus a Chuid a rinne an dearadh ar na dlúthdhioscaí agus na hábhair príontáilte.


Tharlaigh lainseáil na scéime píolóta nuálaí seo Dé Céadaoin 11ú Samhain ag i dTigh Madden Sráid Berry, Béal Feirste


Tuilleadh Eolais


feargal@forbairtfeirste.com


‘Blas ar an Bheagán – A Little Goes a Long Way’

English


Innovative Irish language scheme for Belfast businesses


Forbairt Feirste in partnership with the West Belfast Traders’ Forum have recently launched an innovative Irish Language scheme in Belfast.


‘Blas ar an Bheagán- A Little goes a long way’ promotes the Irish language amongst businesses in the Gaeltacht Quarter and throughout the city.


‘Blas ar an Bheagán- A Little goes a long way’, the first scheme of its kind in Ireland, sees  simple and useful Irish phrases made available to customers in restaurants and bars.


Under the scheme, eight businesses in the Gaeltacht Quarter and across the city have had an audio system installed in the washrooms/toilets of their businesses which will play a series of simple and practical Irish phrases for use by customers in the social setting of a bar/restaurant.


According to chairperson of the West Belfast Trader’s Forum, Patrick McDonald, ‘This scheme is groundbreaking and provides local businesses not only with a fantastic business and marketing tool but also an exceptional resource in customer service as well as practical, cultural, and educational benefits for the communities they live and work in’.


These practical benefits were echoed by Forbairt Feirste’s, Feargal Mac Ionnrachtaigh, who says, ‘We believe that this innovative scheme will take off with businesses throughout the island and  beyond amongst the Irish diaspora!


‘We have drawn up and recorded an extensive list of practical Irish phrases that can be used by people while socialising in bars and restaurants as well as in their everyday lives.


‘Eight businesses have been chosen to avail of the audio system under the Pilot Scheme, but we have also produced 500 copies of the CD that has been recorded in conjunction with Belfast Irish Language radio station, Raidió Fáilte. These will be made available to interested businesses throughout the city. We would like to thank Foras na Gaeilge for funding this initiative and Mitchell and Kane Associates for their wonderful design of the CD cover and attendant printed materials.’


The launch took place in Madden’s Bar on Wednesday, 11 November 2009.



© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS