An Uachtarán Abú / Hail the President

Forbairt News No Comments


Jake Mac Siacais, Géaróid Mac Róibín, Aogán ó Fearghail, Seamas Ó Tuama agus Feargal Mac Ionnrachtaigh i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich 30/03/10


Lámh Gael úr ar an stiúir / New Gael at the Helm

Gaeilge


Bhí lúcháir ar Ghaeil Feirste fáilte Uí Cheallaigh, chuig croílár na Ceathrún Gaeltachta, a chur roimhe Uachtarán úrcheaptha Chomhairle Uladh CLG, Aogán Ó Fearghail. Ó Chondae an Cabháin don Uas Ó Fearghail agus tá tús úr maith curtha ag an Ultach céanna cheana féin le h-áit na Gaeilge a lárnú agus a chinntiú i gCúrsaí CLG faoina réimeas Uachtaránachta.


Bhí an Uachtarán i mBéal Feirste, ar an 30/03/30 le uasdátú a fháil ar a bhfuil ar siúl sa Cheathrú Ghaeltachta Cois Cuan, agus chun a gcuid pleánanna maidir le todhchaí na Gaeilge sa CLG a roinnt le pobal na Gaeilge.


Cruinniú an-dearfach ar fad a bhí ann agus aontaíodh ar roinnt de na desieanna móra a d’fhéadfadh Gaeil Feirste a fhorbairt i gcomhpháirt le Coiste na Gaeilge de Chuid Comhairle Uladh CLG.


Thug an Uachtarán le fios go raibh sé thar a bheith sásta a bheannacht a chur le h-iarrachtaí Laochra Loch Lao agus iad ag ullmhú do dhushlann Chomórtas Peile na Gaeltachta i gCondae Mhaigh Eo ag tús Mheitheamh.


Tugadh eolas don Uachtarán faoi Comórtas Chorn Uí Mhúirí, Ógchomórtas na Laochra agus faoi Comórtás Chorn Uí Cheallagh, Comórtas na Laochra a bheas ag titim amach ar an 29ú Aibrean agus an 15ú Belataine.


“Ní neart go cur le chéíle,” a dúirt Jake MacSiacais ó Forbairt Feirste agus é ag caint tar éis an chruinnithe.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


Belfast Gaels were delighted to extend the warmest of Irish welcomes to the heart of the Gaeltacht Quarter to President elect of the Ulster Council of the GAA, Aogán Ó Fearghail. A native of Cavan, Mr Ó Fearghail has hit the ground running in his new Ulster rolemoving to ensure the centrality and future of the Irish Language at the heart of GAA in Ulster during his tenure of office.


The president was in Belfast on Tuesday, 30/03/10, to get an update on progress and developments in Belfast’s Gaeltacht Quarter and to share his plans in relation to the current and future role of Irish in GAA affairs.


This was a hugely positive meeting and all participants agreed to further explore the huge development opportunities which exist for Belfast Gaels working in partnership with the Ulster Council.


The preseident indicated that he was more than delighted to give his wholehearted blessing to the efforts of Laochra Loch Lao, the Gaeltacht Quarter footbal squad as they prepare for the forthcoming challenge of  Chomórtas Peile na Gaeltachta in County Mayo at the beginning of June.


The president was also updated on plans for the forthcoming Gaeltacht Quarter Conference on May 14th as well as details of  The Liam Murray Cup, Young Laochra Competitionand The Oliver Kelly Cup Competition, Comórtas na Laochra which will happen on April 29th and May 15th.


“In unity lies strength,” said Forbairt Director Jake MacSiacais after the meeting.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


Caint Feasachta / Awareness talk

Forbairt News No Comments

Scaifte Ard Eoin

Malartú Eolais / Knowledge Exchange

Gaeilge


Bhí cuireadh ag stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais caint feasachta ar an Ghaeilge a thabhairt do hálla pacáilte in Ard Eoin, Dé Máirt 23/3/10.  Socraíodh an caint, ag Club Óige Ard Eoin, i gcomhpháirt leis an eagraíocht Malartú Domhánda.


Thug an t-uasal MacSiacais caint fíche bómaite ar stair agus culrá na Gaeilge mar aon le tabhacht logainmneacha mar stóras oidhreachta a cheanglaíonn daoine áitiúla agus cuairteoirí leis an chultúr saibhir atá mar oidhreacht againn uilig anseo in Éirinn.


Bhí scaifte breá i lathair, idir phobal Ard Eoin agus cuairteoirí ó Siarra Leon, an Afric Theas agus tíortha eile nach iad


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste dirtector Jake MacSiacais was given an invitation to give a cultural awareness talk on the Irish Language to a packed hall in Ardoyne on Tuesday evening 23/3/10. The event was organised by Ardoyne Youth Club in partnership with the organisation Global Exchange.


Mr MacSiacais gave a twenty minute presentation on the history and background of the Irish Language and on the importance of placenames as a valuable storehouse which connects local people and visitors alike with the rich culture which is the joint heritage of everyone in Ireland.


There was good attendance at the event both from the local Ardoyne community and from visitors from coutries like Sierra Leone, South Africa and many others.


For further information contact us at  jake@forbairtfeirste.com



Ógchomórtas Peile / Laochra Youth Footbal

Forbairt News No Comments

S Ó Tuama, F Mac Ionnrachtaigh, P Mac Cathail

Féile Peile na mBunscoileanna/ Primary Football Festival

Gaeilge


Tá céim shuntasach eile chun tosaigh glactha ag foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG, agus féile peile na laochra a eagrú acu. Tarlóidh an comórtas, atá dírithe ar Bhunscoileanna Bhéal Feirste  ar an Déardaoin 29ú Aibreán. Beidh deich scoil ag glacadh páirte ann i mbliana. Beidh trí pháirc peile in úsáid ar an lá, mar atá, Páirc Uí Dhonnabháin Rossa, Páirc Naomh Pól agus Páirc an tSáirseálaigh. Tosóidh an comórtas ar 10.oorn agus críochnóidh sé ar 3.ooin. Ardóidh an comórtas seo próifíl Na Laochra i measc Gaeil óga na mbunscoileanna agus cuirfidh sé go mór le hathbheochan na Gaeilge ar pháirceanna imeartha na Cathrach.


Tá an príomhchorn ‘Corn Liam Uí Mhuirí’, a bheas a bhuachán ar an lá, ainmnithe in ómós do Liam Ó Muirí, Gaeil  iomráiteach a d’éag go hóg agus go tragóideach i Mí Eanáir 201o. B’iardhalta é  Liam ar Bhunscoil Phobal Feirste. D’imir sé do Naomh Pól agus d’oibrigh sé go lánaimseartha le Comhairle na Gaelscolaíochta.


Dúirt Seán Fennell, duine de phríomheagraithe an chomórtais:  ‘Is mór an ónóir dúinn go bhfuair muid cead ó theaghlach Liam ár gcorn a ainmniú ina ómós. Gael tiománta, díograiseach a bhí ann a sheas do na mórluachanna lena mbíonn muid ag dúil ó achan ball de Laochra Loch Lao CLG.”


D’éirigh leis na Laochra maoiniú flaithiúil a fháil ó Iontaobhas Ultach a chuidigh linn íoc as an chorn, an sciath agus na boinn, a bheas muid ag cur ar fáil d’achan imreoir óg a glacfaidh páirt sa chomórtas. Cuirfear teastas oifigiúil Loachra Loch Lao ar fáíl do gach páistí a ghlacann páirt a bhuíochas le Comhairle Na Gaelscolaíochta a chur maoiniú ar fáil leis na teastais gleoite seo a dhéanamh. Tá sé d’aidhm againn síol peile Laochra Loch Lao agus na Ceathrún Gaeltachta i gcoitinne a phlandáil le peileadóirí óga ár mbunscoileanna.


Tá buíochas mór tuillte fosta ag Cumann Uí Dhonnabháin Rossa, Cumann Naomh Pól agus Cumann an tSáirseálaigh as páirceanna s’acu a chur ar fáil  ar an lá.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Laochra Loch Lao CLG, the Gaeltacht Quarter Gaelic Football Team took another significant step recently when they decided to organise the Laochra Football Festival on thursday 29 April. The competition is directed Belfast’s Irish Medium Primary Schools and  all ten schools will be taking part. Three football pitches will be in use on the day, namely, Rossa Park, St Pauls Park and Sarsfields park and will last between 10 and three. This will raise the profile of the club amongst the young Gaels in our Irish primary schools and make a valuable contribution to the language revival in the city.


The competition’s main cup, the ‘Liam Ó Muirí Cup’, which will be opresented to the winners on the day is named in honour of well known Belfast Gael Liam Ó Múirí , who died tragically and prematurely in January 2010 after losing his long battle against illness. Liam a former Bunscoil Phobal Feirste pupil, played for St Paul’s CLG and worked full-time for The Council for Irish Medium Education.


Seán Fennell, one of the competition’s main organisers, said:  “We are greatly honoured to have been given permission by Liam’s family to name our trophy after him. He was a committed, brave and diligent Gael who stood for the all values the we expect from members of Laochra Loch Lao CLG.


Laochra Loch Lao succeeded in gaining generous funding from the Ultach Trust which helped us purchase the trophy, the shield and the medals, that every young player that takes part, will be awarded. Each participant on the day will also receive a beautiful and authentic Laochra Loch Lao certificate thanks to Comhairle na Gaelscolaíochta, who have funded the design and print of the certificates. We aim to plant the Laochra Loch Lao footballing seed as well as the vision of the Gaeltacht Quarter with the young footballers from our Irish medium schools. Thanks are also due O’Donovan Rossa CLG, St Paul’s CLG and Sarsfield’s CLG for allowing the use of their pitches on the day.


For further information contact:  feargal@forbairtfeirste.com



Oidhreacht ar líne / On Line Heritage

Forbairt News No Comments


Oidhreacht Feirste / Belfast Heritage


Gaeilge


Le linn Fleadh Feirste, féile na Ceathrún Gaeltachta, i Mí na Samhna 2009, rinne Forbairt Feirste, le cabhair ó Foras na Gaeilge, athfhoilsiú a dhéanamh ar an leabhrán Oidhreacht Feirste, a chéadfhoilsigh siad i 2006. Rinneadh an leagan uasdátaithe a fhoilsiú le trí chaibidil breise.


Is féidir leat do chóip a íoslódáil anseo Oidhreacht Feirste / Belfast Heritage nó is féidir éisteacht le codanna den leabhrán a aithris beo ar líne anseo: Éist


English


During Fleadh Feirste, the Gaeltacht Quarter Festival, in November 2009, Forbairt Feirste, with assistance from Foras na Gaeilge, republished an updated version of their 2006 booklet Belfast Heritage/Oidhreacht Feirste. The republished version includes three new chapters.


You can download your copy here: Oidhreacht Feirste / Belfast Heritage or listen to sections from the book recited here live online: Listen



Moladh don tSnáthaid / Publishers Praised

Forbairt News No Comments

An tSnáthaid Mhór


Nuálaíocht agus díograis / Innovation  and Energy


Gaeilge


Thréaslaigh Oifigeach Gnó le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh leis an ghnó foilsitheoireachta, An tSnáthaid Mhór, as ucht a nuálaíochta  agus a gcuid díograise agus iad ag déanamh píosaí a léamh ón leabhar úr scríofa acu, An Gréasaí Bróg agus na Sióga. Bhí an léamh á déanamh ag Sean Mac Seáin i Siopa an Cheathrú Póilí i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an 15/3/10 mar chuid d’imeachtaí Seachtain na Gaeilge. Bhí an t-imeacht á reáchtáíl ag Leabharpower i gcomhar le Siopa an Cheathrú Póilí.
Dúirt Feargal: “Sé bliana ó shin lasadh splanc sa lánúin Fheirsteach Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin arna teacht ar scéalta ionspioráideacha ón Bhéaloideas. Thosaigh siad ar aistear leis an saibhreas fileata teanga agus na híomhánna beoga seo a chur ar fáíl do ghlúin úr. Aithníonn Forbairt an cur chuige ionspioráideach seo agus bhronn muid saothair an tSnáthaidh Mhór ar bhuaiteoirí Gaelghradam Loch Lao i mbliana.”


Chun tuilleadh eolais a fháil ar obair na ndaoine iontachta seo téigh chuig www.antsnathaidmhor.com




Le tuilleadh eolais a fháil ar obair Forbairt Feirste déan teagmháil le  feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste”s, Irish in Business project worker,  Feargal Mac Ionnrachtaigh has congratulated An tSnáthaid Mhór publishers for their innovation and energy. He was speaking as An tSnáthaid recited sections from their newest work, An Gréasaí Bróg agus na Sióga as part of the Seachtan na Gaeilge celebrations. The readings were carried out by Sean Mac Seáin in An Cheathrú Póilí bookstore in the heart of Belfast’s Gaeltacht Quarter on Monday 15/3/10. The event was organised by Leabhar Power in conjunction with An Ceathrú Póilí books.
Feargal said:  “Six years ago a spark was lit in the minds of Belfast couple, Andrew Whitson and Caitríona Nic Sheáin, when they discovered some inspirational stories from the Irish Folk Tradition. Thus began a journey to bring the poetical beauty of the Irish Language along with living images to a new generation. Forbairt Feirste recognises and applauds this approach and as such presented copies of their work to the recipients of the Loch Lao Business Awards this year.”


For further information on this inspirational work connect to:  www.antsnathaidmhor.com




For further information on the work of Forbairt Feirste contact:  feargal@forbairtfeirste.com



#LnaG10 / Irish Online

Forbairt News No Comments


Jake Mac Siacais ag labhairt ag #LnaG 2.0 i mBéal Feirste

Margaíochta Gnó Gaeilge / Irish Business Marketing


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste arís i dtús cadhnaíochta le ról na Gaeilge sa saol Gnó i mBéal Feirste. Tá Forbairt, i dteannta na gcéadtaí Gael ar fud na hÉireann agus ar fud na Cruinne ag iarraidh go mbeidh an láithreacht is mó ariamh ag Gaeil ar líne ar Lá Fhéile Pádraig mar chuid de Seachtain na Gaeilge.


Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ag déanamh ár ndíchill dul i bhfeidhm ar an oiread gnó agus is féidir chun go mbeidh Gaeilge in úsáid ar líne, agus gach áit eile, le linn Seachtain na Gaeilge 2010. Tréaslaímid leis na hiarrachtaí uilig atá ar siúl ag dreamanna éagsúla fud fad na hÉireann agus fud fad na Cruinne. Má tá gnó agat tá gnó agat leis an Ghaeilge.




Tuilleadh eolais jake@forbairtfeirste.com nó  feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste are again leading the field in relation to promoting Irish in the business life of Belfast. Forbairt along with hundreds of Irish speakers throughout Ireland and throughout the world are hoping to have the biggest online Irish Language presence ever on St Patrick’s day as part of  Seachtain na Gaeilge.


Forbairt Feirste’s, Irish Means Business project worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh said: ‘We are trying our best to ensure that we influence as many businesses as possible to use some Irish in their online presence and everywhere else during Seachtain na Gaeilge 2010. We congratulate all of those various groups and individuals throughout Ireland and further afield who are involved in these efforts. If you have a business remember Irish means Business.




Further information jake@forbairtfeirste.com nó  feargal@forbairtfeirste.com



Gaeilge agus Fáilte / Irish Welcome

Forbairt News No Comments

Seán Devlin le daltaí Coláiste Feirste, Emma Ní Fhearáin, Danny Boy Ó Conchuir, Lauren Nic Cáilín agus Ciara Ní Dhonnchadh

Comharthaíocht úr sa Cheathrú Ghaeltachta / New Signage in the Gaeltacht Quarter


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste ag tús cadhanaíochta arís le comharthaíocht Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta. Fríd scéim nualaíoch ’Athnuachán na Mórbhealaí’ le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, d’éirigh leis an aisíneacht teanga seirbhís aistriúcháin a chuir ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar nós Siopa Caife Macy’s ar Bhóthar na bhFál.


Dúirt úinéir an ghnó, Seán Devlin: “Tá muid iontach sásta comharthaíocht agus staisinéireacht dhátheangach a chuir ar fáil do phobal na Ceathrún Gaeltachta agus don mhórphobal i gcoitinne. Tá daltaí Choláiste Feirste i measc custaimeáraí laethúla againn agus bhí  an-rachairt ar sheirbhís i nGaeilge. Tuigimid tábhacht na teangan mar uirlis ghnó agus thosaigh muid ag foghlaim Gaeilge tríd an céirnín iontach a chuir Forbairt Feirste ar fáil, ‘Blás ar an Bheágán’ agus tá mé féin agus mo fhoireann ag foghlaim linn.”.


Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ar bís le bheith ag cur chun cinn na Gaeilge i measc gnóthaí atá ag obair ar an talamh. Lena chois sin, tá muid sásta a fhogairt gur oscail scéim ‘Gnó agus Gaeilge’ de chuid Foras na Gaeilge arís. Scéim é seo a thugann deis do ghnóthaí beaga agus meánmhéideacha maoiniú meáitseála 50/50 a fháil do chomharthaí seachtracha agus staisinéireacht dhá theangach. Déanann Forbairt Feirste  iarratais ó ghrúpaí agus ó ghnóthaí, ar suim leo an scéim, a eascú chomh maith le seirbhís aistriúcháin saor in aisce a chur ar fáíl mar chuid don phróiseas. Oibríonn an scéim seo ar bhonn éilimh don té is tuisce i dteagmháil agus le d’áit ar an scéim a chinntiú, b’eigeán dul i dteagmháil le feargal@forbairtfeirste.com nó scairt a chur ar 02890 438597 07841101630.”‘


Le tuilleadh eolais ar Chomharthaíocht Ghaeilge, déan teagmháil linn ar feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste is leading the way again with Irish language signage in the Gaeltacht Quarter. Through the innovative Belfast City Council  ’Renewing the Routes Scheme’, the Irish language development Agency provides a top class translation service for local businesses such as Macy’s Coffee shop on the Falls Road.


Shop owner Seán Devlin said: “We are very happy to provide bilingual signage and stationary to the Gaeltacht Quarter community and the wider community.  Coláiste Feirste pupils are among our best customers on a daily basis and there was clearly a big demand for such a service. We understand the importance of the language as a tool for business promotion and we have begun learning Irish through the fantastic ‘Blás ar an Bheagán’ CD provided by Forbairt Feirste. the staff and myself are learning day by day.”.


Forbairt Feirste Project Worker Feargal Mac Ionnrachtaigh stated:  “We are delighted to facilitate language promotion amongst businesses working on the ground. We are also delighted to announce that Foras na Gaeilge’s national ‘Irish means business’ scheme has just reopened again which allows small and medium sized businesses and community groups to get 50/50 match funding aid with external signage and stationary. We facilitate businesses and groups interested in appling for this scheme and provide free translation services in the process. This scheme works on a first come, first served basis and anyone looking to avail of it, should contact  feargal@forbairtfeirste.com or call us on 02890 438597 or on 07841101630.”


For further information on Irish signage, contact us on  feargal@forbairtfeirste.com



Ón Luaith aníos / Out of the Ashes

Forbairt News No Comments


Leabhrán Atógáil Sráid Bombay ar líne / Bombay Street Book online


Gaeilge


Anuraidh rinne Forbairt Feirste Leabhrán ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in atógáíl Sráid Bombay’,  a fhoilsiú agus a sheoladh. Bhí an Leabhran bunaithe ar ról Ghaeil Feirste in atógáil Sráid Bombay. Cuireadh an leabhrán i gcló mar chuid de chuimhniúchán 40 bliain ar na húafáis uilig a tharla i mBéal Feirste i Mí Lúnasa 1969.


Bhí rachairt iontach mór ar an leabhrán agus d’imigh a raibh de chóipeanna go scioptha. Tá pleánanna idir lámha ag Forbairt chun athfhoilsiú a dhéanamh ar an Leabhrán, i bhfoirm leabhar le clúdach crua, ach de thairbhe an oiread sin daoine a bheith ag iarraidh cóip tá sé curtha ar líne againn ar an suíomh seo.


Le cóip a íoslódáil brú an nasc seo ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay


English


Last year Forbairt Feirste published the booklet  ‘From Ashes to Aisling Belfast Gaels and the Rebuilding of Bombay Street’. The booklet, based on the role of the Belfast Irish speaking community in the rebuilding of Bombay Street, was published to mark the remembrance of the  terrible events of August 1969.


The booklet proved so popular that all copies were snapped up within days. Forbairt Feirste is currently planning to republish the booklet in hard book version, but in light of the continuing high level of interest in the publication we have now made a copy available in downloadable format.


To download your copy click here:  ‘Ón Luaith go dtí an Aisling Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay



Tús Maith … / A Good Start….

Forbairt News No Comments

Fionnuala Nic Thom, Tiarnán MacSiacais agus Jake MacSiacais ag an Nasc Thiar

Brógaí Reatha / Running Shoes


Gaeilge


Bhí ionadaíthe Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus TACA i gcuideachta na céadaí Gael Feirsteacha a bhí páirteach i dtús mór RITH 2010 i mBéal Feirste, De Máirt 9 Márta.


Tús spleodrach bríomhar a bhí ann a leag síos caighdeán ard do na laochra reatha eile a bheas ag tabhairt an báta RITH ar aghaidh thíos tíre i dtreo na Gaillimhe.


Dúirt Fionnuala Nic Thom (féach an pictiúir thuas) a bhí ag rith ar son Taca: ” B’iontach an meascán a bhí amuigh ar sraideanna Bhéal Feirste le haon sprioc amháin acu. Bhí siad ann idir óg agus aosta idir fhir agus mná. Tús maith leath na hoibre.”


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


Representatives of  Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta and TACA joined hundered of Belfast Gaels for the big kick off for RITH 2010 in Belfast on Tuesday March 9th.


There was an enthusiastic, energetic start to the event which has laid down a high standard to be followed by those other Gaelic champions who will now carry the RITH baton on its onward trek across the coutry to Galway.


Fionnuala Nic Thom (see picture above) who ran for Irish Schools Charity Taca said: ” It was inspirational to see such a mix of people take to the streets of Belfast with common purpose. They were all there men and women, old and young. A good start is half the work.”


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



Tacaíocht Tacsaíthe don Teanga / Black Taxi’s support Irish

Forbairt News No Comments

Tarlach Ó Labhraí le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Tomaí Ó Conghaile, Steven Long

Tacaíocht Tacsaithe don Teanga/ Black Taxi’s support for Irish


Gaeilge


Tá Ionad na dTacsaithe Dúbha i mBéal Feirste i ndiaidh tacaíocht don scoth a léiriú d’athbheochan na Gaeilge athuair agus iad i lár an aonaigh le lainseáil RITH 2010 i mBéal Feirste. Beidh trí bhealach reatha sa RITH i mBéal Feirste, in iarthar, tuaisceart agus in oirthear Bhéal Feirste a bheas ag tarlú anocht i mBéal Feirste. D’aontaigh an comharchumann is mó agus is suntasaí sna hoileáin Bhriotánacha, trí thiománaí le Gaeilge líofa a chur ar fáil ar an oíche le bheith ag freastal ar na trí bhealach. Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, oifigeach tionscnaimh le Forbairt Feirste agus Eagraí Iarthar Bhéal Feirste do RITH 2010, ‘Tá muid fíorbhuíoch d’Ionad na dTacsaithe Dúbha as an tacaíocht atá siad ag léiriú don togra spreagúil seo a thógann airgead don teanga agus a ardaíonn próifíl na Gaeilge ar fud na tíre. Ní amháin go mbeidh triúr Gael líofa linn ar an oíche agus beidh costais s’acu clúdaithe go flaithiúil ag Ionad féin.’


Maidir leis an tacaíocht seo, arsa bainisteoir an Ionaid, Stiofán Long: ‘Tá muid iontach sásta bheith i ndan tacú leis an togra ceannródaíoch seo a thógann airgead d’athbheochan na teanga agus don phobal féin i gcoitinne. Oibríonn muidne ar son an phobail agus tá muid iontach brodúil as an aon fhoirgneamh taistil poiblí dátheangach sa tír a fuair muid i gcead do chomhoibriú dlúth le Forbairt Feirste. Go fiú féin, ghlac muid an cinneadh comharthaí ár gcuid tacsaithe a sholáthar go dátheangach, céim a bhí iontach cáiliúil leis na mílte custaiméirí agus turasóirí a úsáideann ár gcuid seirbhísí ar bhonn laethúil. Mar sin de, tá muid iontach tógtha faoi RITH agus ag dúil go mór le bheith ag tacú leis.’


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


The West Belfast Taxi Association have again announced fantastic support for the Irish language revival by playing a central role in RITH 2010. There will be three Belfast routes, in West, North and South Belfast that will launch tonight. The largest public co-operative on the British Isles have agreed to provide three fluent Irish speaking drivers to cater for the three routes.  Forbairt Feirste’s project worker and West Belfast RITH organiser Feargal Mac Ionnrachtaigh, stated, ‘We are very grateful for the West Belfast Taxi Association for their support for this inspiring initiative that raises funds for the language and raises the profile of the language revival throughout the country. Not only will three fluent speakers be there on the night but their costs will also be kindly covered by the association.’


In relation to this support, West Belfast Association manager, Stiofán Long stated, ‘We are very happy to be able to support this pioneering initiative that raises much-needed funds for the language revival and our community in general. We work on behalf of the community and are very proud to sport the first fully-bilingual public transport building on the island, that we succeeded in getting through close co-operation with Forbairt Feirste. Even still, we took the decision to provide bilingual signage on our taxi’s, a step which proved hugely popular with the thousands of customers and tourists that use our services on a daily basis.  Therefore, we are very excited about RITH and greatly looking forward to supporting it.’


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS