In Airde leis an Fhuiseog / Up with the Lark

Forbairt News No Comments


Curaidh Chorn Uí Mhúirí 2010 Clann Liam Ó Muirí agus curaidh Scoil na Fuiseoige

In Airde leis an Fhuiseog / Up with  the lark

B’iad Scoil na Fuiseoige a bhí i mbarr réime ag Óg-Chomórtas Peile  Laochra Loch Lao 2010 agus iad a thóg Corn Uí Mhúirí. Tógadh Sciath Uí Mhúirí ag Bunscoil Phobal Feirste i Rannóg B den Comórtas.


Scoil na Fuiseoige triumphed today at The Young Laochra Competition 2010 lifting the Liam Ó Múirí  Cup. The  Ó Múirí Sheild was lifted in the B section of the competition by Bunscoil Phobal Feirste.


Gaeilge


Tugadh céim shuntasach eile chun tosaigh inniú (29/4/10) ag foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG, agus an chéad féile peile Bunscoile idir lámha acu.


Tharla an comórtas, atá dírithe ar Bhunscoileanna Gaeilge Bhéal Feirste  Déardaoin an 29ú Aibreán. Bhí deich scoil ag glacadh páirte ann i mbliana. Bhí trí pháirc peile in úsáid ar an lá, mar a bhí,  Páirc Uí Dhonnabháin Rossa, Páirc Naomh Pól agus Páirc an tSáirseálaigh. Thosaigh an comórtas ar 10.oorn agus críochnaigh sé ar 3.ooin.


Tá an príomhchorn ‘Corn Liam Uí Mhuirí’, agus Sciath Uí Mhúirí ainmnithe in ómós do Liam Ó Muirí, Gaeil  iomráiteach a d’éag go hóg agus go tragóideach i Mí Eanáir 201o. B’iardhalta é  Liam ar Bhunscoil Phobal Feirste. D’imir sé do Naomh Pól agus d’oibrigh sé go lánaimseartha le Comhairle na Gaelscolaíochta.


Dúirt athair Liam, Bob Murray gur ómós cuí a bhí sa chorn;


‘Bhí muid ag dúil go mór leis an chomórtas agus is mór an ónóir dúinn gur ainmniú an corn in ómós do Liam. Bhí dúil mhór aige sa spóirt, iománaí agus peiladóir a bhí ann a d’imir sé polo uisce chomh maith, bhí sé mar chaptaen ar fhoireann náisiúnta na hÉireann sa polo uisce agus é naoi mbliana déag d’aois. Ar a bharr seo, d’éagraigh sé rith carthanachta i maratón Bhéal Feirste anuraidh agus rith sé píosa do chomh maith.


Dúirt Bean chéile Liam, Bernadatte, go raibh eiteos an chomórtais ag teacht go hiomlán le gach a sheas Liam fána choinne, ‘Ónós iontach do Liam atá ann agus bealach iontach le go chuimhníodh na páistí air’ ar sise.


“ Bhí Liam go mór i bhfách le daoine óga páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt agus bheadh sé de shíor ag iarraidh iad a spreagadh chun baint a bheith acu leis an spóirt agus ag an am céanna, déanfadh sé gach iarracht cumainn áitiula a spreagadh le tuilleadh deiseanna spóirt a sholáthar to pháistí áitiúla.’


“Lena chois sin, bhí sé iontach paiseanta fán Ghaeilge, rud a léiríonn cé chomh féiliúnach agus atá an corn seo mar chuimhne air. Tá muid iontach brodúil.’


D’éirigh leis na Laochra maoiniú flaithiúil a fháil ó Iontaobhas Ultach a chuidigh linn íoc as an chorn, an sciath agus na boinn, a chur muid ar fáil d’achan imreoir óg a ghlac páirt sa chomórtas. Tugadh teastas oifigiúil Loachra Loch Lao  do gach páistí a ghlac páirt, a bhuíochas le Comhairle Na Gaelscolaíochta a chur maoiniú ar fáil leis na teastais gleoite seo a dhéanamh.


“Bhí sé d’aidhm againn síol peile Laochra Loch Lao agus na Ceathrún Gaeltachta i gcoitinne a phlandáil le peileadóirí óga ár mbunscoileanna agus d’éirigh go geal linn inniú.


“Tá buíochas mór tuillte fosta ag Cumann Uí Dhonnabháin Rossa, Cumann Naomh Pól agus Cumann an tSáirseálaigh as páirceanna s’acu a chur ar fáil  ar an lá agus le gach duine a raibh páirt ar bith acú in imeachtaí agus obair iontach an lae inniú,” a dúirt Cathaoirleach Laochra Loch Lao agus stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Scoil na Fuiseoige emerged triumphant today at Óg-Chomórtas Peile  Laochra Loch Lao 2010 when they lifted the Liam Ó Múirí  Cup. The Liam Ó Múirí Sheild was lifted in the B section of the competition by Bunscoil Phobal Feirste.


Laochra Loch Lao CLG, the Gaeltacht Quarter Gaelic Football Team took another significant step forward today 29th April when they hosted the Laochra Football Festival. The competition for Belfast’s Irish Medium Primary Schools saw all ten schools  in the city  taking part. Three  pitches were in use on the day, namely, Rossa Park, St Paul’s Park and Sarsfield’s park.


The competition’s main cup, the ‘Liam Ó Múirí Cup’, which was presented to Champions Scoil an Fuiseoige, is named in honour of well known Belfast Gael Liam Ó Múirí , who died tragically and prematurely in January 2010 after losing his long battle against illness. Liam a former Bunscoil Phobal Feirste pupil, played for St Paul’s CLG and worked full-time for The Council for Irish Medium Education.


Liam’s father Bob said naming the trophy after his son was a fitting tribute.


“We are delighted with the competition and we are very honoured that the cup and sheild are  called after Liam. He was big into sport. He was a hurler and footballer and played water polo. He captained Ireland’s national water polo team when he was 19. On top of that he organised a charity run in last year’s Belfast marathon and ran a leg himself.


“This is a great honour and we are really proud that he is being remembered in this way.”


Liam’s wife Bernadette said the ethos of the tournament aptly represented everything that was important to Liam.


“This is a great tribute to Liam and a great way for the kids to remember him,” she said.


“Liam was a big advocate of youth in sport and was always encouraging younger people to be involved in sport as well as encouraging local clubs to provide more opportunities to the local children. He was also very passionate about the Irish language so this is a very fitting tribute to his memory and we are very proud that the cup has been named after him.”


Laochra Loch Lao succeeded in gaining generous funding from the Ultach Trust which helped purchase the trophy, the shield and the medals, that every young player who took part, was awarded. Each participant on the day also received a beautiful and authentic Laochra Loch Lao certificate thanks to Comhairle na Gaelscolaíochta, who have funded the design and print of the certificates.


“It was our aim to plant the Laochra Loch Lao footballing seed as well as the vision of the Gaeltacht Quarter with the young footballers from our Irish medium schools and today was a huge step forward in that regard. Thanks are due to O’Donovan Rossa CLG, St Paul”s CLG and Sarsfield’s CLG for allowing the use of their pitches on the day and to all those who contributed in any way to the success of today,” said Laochra Loch Lao Chair and Forbairt Feirste Director, Jake MacSiacais.


For further information contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Scríobhneoireacht ar Bhalla – Writing on the Wall

Forbairt News No Comments


Fearghus Ó hÍr agus Meadhbh Ní Mhúirí

Lainseáil Clár Fógraíochta Comhdhála /  Conference Billboard Launch


Gaeilge


Cliceáil anseo le gach eolas ábhartha a íoslódáil i bhformáid PDF


Cliceáil anseo le foirm clárúcháin a íoslódáil i bhformáid WORD


Reachtálfar Comhdháil na Ceathrún Gaeltachta ar an 14ú Bealtaine i gColáiste Feirste 7 Páirc Radharc na bhFeá Béal Feirste BT12 7PY. Am tosaithe 9.15rn.


Rinneadh lainseáil  inniú (28/4/10) ar chlár fhógraíochta úir ag fogairt Comhdháil na Ceathrún Gaeltachta a bheas a reachtáil ar an 14ú Bealtaine.


Ag an lainseáil ar choirneáil Sráid Nansen agus Bóthar na bhFál bhí Fearghus Ó h-Ír, ball de bhord na Ceathrún Gaeltachta agus Meadhbh Ní Mhúirí, oibrí le Raidió Fáilte.


Dúirt an t-Uas Ó hÍr Is deis iontach é an Chomhdháil chun solas a dhíriú ar na hiarrachtaí a táthar a dhéanamh chun dul chun cinn a chinntiú sa Cheathrú bríomhar seo de Bhéal Feirste.


Arna lainseáil na comhdhála dó ag tús na seachtaine, dúirt an tUas Sean Mistéil, Cathaoirleach Forbairt Feirste:


“Más mian linn bheith ar an Cheathrú Chultúrtha is fearr ar an domhán, ní mór dúinn próifíl s’againne a choinneáil agus a neartú, ach ar bharr sin caithfidh muid réimse d’institiúidí, d’acmhainní, de sheirbhísí agus de theicneolaíochtaí a fhorbairt agus a neartú, rudaí a n-aithneofar mar ‘scoth na hearnála’.


“Tá, ar ndóigh, ‘scoth na hearnála’ cheana féin sa Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil Otharlann thaighde den scoth, Coláiste Ollscoile den chéad ghrád agus scoil chuimsitheach dara leibhéal atá ar cheann de na cinn is fearr i mBéal Feirste.


“Tá tuiscint againn féin ar cé chomh hard agus atá spriocanna s’againn, ach caithfidh muid, le chéile, teacht ar chomhthuiscint, ar chomhinsint agus ar chomhchraobhscaoileadh ar uaillmhian s’againn agus níos tábhachtaí arís ar straitéisí atá dírithe ar bhearta agus táirgí.


“Tá téama an dara Comhdháil seo de chuid na Ceathrún Gaeltachta ag glacadh ionspioráide ó dhá eochair-cheiliúradh céad bliain a dhéanfaidh, i measc rudaí eile, an dara deichniúr seo den 21ú Aois a mhúnlú.


“In 2012 agus in 2016 déanfar ceiliúradh ar shíniú Chúnant Uladh agus ar Éirí Amach na Cásca. Tá an dá chomóradh seo fíte fuaite lena chéile agus ag croílár shaibhir agus coimpléasach stair agus féiniúlachtaí na hÉireann. Tugann na searmanais comórtha seo deis dúinn, le spás agus peirspictíocht, athchuairt a thabhairt ar an bhunbhrí agus ar an bhunfhuinneamh a bhí ann thiar sa lá, agus tugann siad deis dúinn ceisteanna cultúrtha agus féiniúlachta a chíorú agus a mheas agus a shníomh isteach i gcur chuige úr bunaithe ar chomhrath agus ar chómhaith an phobail. Ach ní haon amharc siar atá sa chomhdháíl seo, insíonn an scáthán dúinn cad atá taobh thiar dínn, ‘s’e an rud atá romhainn atá mar ábhar sa chomhdháil seo.”


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


Click here to download all relevant conference material in PDF format


Click here to download registration form in Word format


The Destiny Decade Gaeltacht Quarter Conference will be held at Coláiste Feirste 7 Beechview Park Belfast BT12 7PY on Friday May 14th. Conference opening 9.15 am. The working language of the conference is English.


A new billboard announcing the forthcoming Gaeltacht Quarter Conference was launched today (28/4/10).


At the launch, which happened at the corner of Nansen Street and the Falls Road, were Ferghus Ó hÍr, a member of the Gaeltacht Quarter Board and Meadhbh Ní Mhúirí, a worker at Belfast Irish Language Radio Station Raidió Fáilte.


Speaking at the launch of the billboard Mr  Ó hÍr said:  “This conference is a wonderful opportunity to shine a light on all the efforts which are being made to ensure progress in this vibrant quarter of Belfast.”


Launching the conference at the start of this week  Sean Mistéil, Chair of Forbairt Feirste  said:


“Becoming the best cultural Quarter in the world means retaining and expanding not just a profile but a portfolio of institutions, resources, services and technologies that can be labelled “best in class”.


“The Gaeltacht Quarter already has a “best of class” research hospital, a top rated University and one of the top performing mixed-ability post-primary schools in the city. Individually we know how high we are aiming, but we need to arrive at a collective expression of our ambition and strategies of delivery.


“The second annual Gaeltacht Quarter Conference takes as its theme and inspiration two key centenary celebrations which will characterise and help to define this, the second decade of the twenty-first, century in Ireland.


“2012 and 2016 mark the respective centenaries of the signing of the Ulster Covenant and the Easter Rising. Those commemorations are at the complex and rich core of Irish histories and identities. Such commemorations provide us with distance and perspective, but also a renewal of original energies, and they can be used to filter and channel questions of culture, identity and belonging into new arrangements for mutual prosperity and community well being: they enable recollection and re-collection.


But this is no look back: the mirror tells us what is behind, but what lies ahead is the goal of this conference


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


Corn Liam Uí Mhuirí/ The Liam Ó Muirí Trophy

Forbairt News No Comments

Seamas Ó Tuama, Bernie Murray, Bob Murray, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Amy & Liam Óg Uí Muirí le Corn Liam Uí Mhuirí

Eagráionn Laochra Loch Lao Comórtas peile bunscoile in ómós do Laoch Áitiúil/Laochra Loch lao CLG organise Gaelscoil Football Tournament in memory Of Local Hero/

Gaeilge


Tá céim shuntasach eile chun tosaigh glactha ag foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG, agus féile peile na laochra a eagrú acu. Tarlóidh an comórtas, atá dírithe ar Bhunscoileanna Bhéal Feirste  ar an Déardaoin 29ú Aibreán. Beidh deich scoil ag glacadh páirte ann i mbliana. Beidh trí pháirc peile in úsáid ar an lá, mar atá, Páirc Uí Dhonnabháin Rossa, Páirc Naomh Pól agus Páirc an tSáirseálaigh. Tosóidh an comórtas ar 10.oorn agus críochnóidh sé ar 3.ooin. Ardóidh an comórtas seo próifíl Na Laochra i measc Gaeil óga na mbunscoileanna agus cuirfidh sé go mór le hathbheochan na Gaeilge ar pháirceanna imeartha na Cathrach.


Tá an príomhchorn ‘Corn Liam Uí Mhuirí’, a bheas a bhuachán ar an lá, ainmnithe in ómós do Liam Ó Muirí, Gaeil  iomráiteach a d’éag go hóg agus go tragóideach i Mí Eanáir 201o. B’iardhalta é  Liam ar Bhunscoil Phobal Feirste. D’imir sé do Naomh Pól agus d’oibrigh sé go lánaimseartha le Comhairle na Gaelscolaíochta.


Dúirt athair Liam, Bob Murray gur ómós cuí a bhí sa chorn;


‘Tá muid ag dúil go mór leis an chomórtas agus is mór an ónóir dúinn gur ainmniú an corn in ómós do Liam. Bhí dúil mhór aige sa spóirt, iománaí agus peiladóir a bhí ann a d’imir polo uisce chomh maith, bhí se mar chaptaen ar fhoireann náisiúnta na hÉireann sa polo uisce agus e naoi mbliana déag d’aois. Ar a bharr seo, d’éagraigh sé rith carthanachta i maratón Bhéal Feirste anuraidh agus rith sé píosa do chomh maith.


Dúirt Bean chéile Liam, Bernadatte, go raibh eiteos an chomórtais ag teacht go hiomlán le gach a sheas Liam fána choinne, ‘Ónós iontach do Liam atá ann agus bealach iontach le go chuimhníodh na páistí air’ ar sise.


“ Bhí Liam go mór i bhFách le daoine óga páirt a ghlacadh i gcúrsaí spóirt agus bheadh sé de shíor ag iarraigh iad a spreagadh chun baint a bheith acu leis an spóirt agus ag an am céanna, déanfadh sé gach iarrach cumainn áitiula lt tuilleadh deiseanna spóirt a sholáthar to pháistí áitiúla.’


“Lena chois sin, bhí sé iontach paiseanta fán Ghaeilge, rud a léiríonn ce chomh féiliúnach agus a bhéas an corn seo mar chuimhne air. Tá muid iontach brodúil.’


Dúirt Seán Fennell, duine de phríomheagraithe an chomórtais:  ‘Is mór an ónóir dúinn go bhfuair muid cead ó theaghlach Liam ár gcorn a ainmniú ina ómós. Gael tiománta, díograiseach a bhí ann a sheas do na mórluachanna lena mbíonn muid ag dúil ó achan ball de Laochra Loch Lao CLG.”


D’éirigh leis na Laochra maoiniú flaithiúil a fháil ó Iontaobhas Ultach a chuidigh linn íoc as an chorn, an sciath agus na boinn, a bheas muid ag cur ar fáil d’achan imreoir óg a glacfaidh páirt sa chomórtas. Cuirfear teastas oifigiúil Loachra Loch Lao ar fáíl do gach páistí a ghlacann páirt a bhuíochas le Comhairle Na Gaelscolaíochta a chur maoiniú ar fáil leis na teastais gleoite seo a dhéanamh. Tá sé d’aidhm againn síol peile Laochra Loch Lao agus na Ceathrún Gaeltachta i gcoitinne a phlandáil le peileadóirí óga ár mbunscoileanna.


Tá buíochas mór tuillte fosta ag Cumann Uí Dhonnabháin Rossa, Cumann Naomh Pól agus Cumann an tSáirseálaigh as páirceanna s’acu a chur ar fáil  ar an lá.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Laochra Loch Lao CLG, the Gaeltacht Quarter Gaelic Football Team took another significant step recently when they decided to organise the Laochra Football Festival on thursday 29 April. The competition is directed Belfast’s Irish Medium Primary Schools and  all ten schools will be taking part. Three football pitches will be in use on the day, namely, Rossa Park, St Pauls Park and Sarsfields park and will last between 10 and three. This will raise the profile of the club amongst the young Gaels in our Irish primary schools and make a valuable contribution to the language revival in the city.


The competition’s main cup, the ‘Liam Ó Muirí Cup’, which will be opresented to the winners on the day is named in honour of well known Belfast Gael Liam Ó Múirí , who died tragically and prematurely in January 2010 after losing his long battle against illness. Liam a former Bunscoil Phobal Feirste pupil, played for St Paul’s CLG and worked full-time for The Council for Irish Medium Education.


Liam’s father Bob said naming the trophy after his son was a fitting tribute.


“We are very much looking forward to the competition and we are very honoured that the cup was called after Liam. He was big into sport, he was a hurler and footballer and played water polo, he captained Ireland’s national water polo team when he was 19. On top of that he organised a charity run in last year’s Belfast marathon and ran a leg himself.


“This is a great honour and we are really proud that he will be remembered in this way.”


Liam’s wife Bernadette said the ethos of the tournament aptly represented everything that was important to Liam.


“This is a great tribute to Liam and a great way for the kids to remember him,” she said.


“Liam was a big advocate of youth in sport and was always encouraging younger people to be involved in sport as well as encouraging local clubs to provide more opportunities to the local children. He was also very passionate about the Irish language so this is a very fitting tribute to his memory and we are very proud that the cup has been named after him.”


Seán Fennell, one of the competition’s main organisers, said:  “We are greatly honoured to have been given permission by Liam’s family to name our trophy after him. He was a committed, brave and diligent Gael who stood for the all values the we expect from members of Laochra Loch Lao CLG.


Laochra Loch Lao succeeded in gaining generous funding from the Ultach Trust which helped us purchase the trophy, the shield and the medals, that every young player that takes part, will be awarded. Each participant on the day will also receive a beautiful and authentic Laochra Loch Lao certificate thanks to Comhairle na Gaelscolaíochta, who have funded the design and print of the certificates. We aim to plant the Laochra Loch Lao footballing seed as well as the vision of the Gaeltacht Quarter with the young footballers from our Irish medium schools. Thanks are also due O’Donovan Rossa CLG, St Paul’s CLG and Sarsfield’s CLG for allowing the use of their pitches on the day.


For further information contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Óglaochra ag imeacht go Conamara!/ Young Laochra head to Conamara

Forbairt News No Comments


Foireann Faoi 17 na Laochra i gComórtas peile Uile-Éireann i gConamara/ Laochra Under 17 team in All-Ireland football competition in Conamara

Gaeilge


D’imigh Foireann faoi 17 Laochra Loch Lao go Conamara na Gaillimhe inniú le páirt a ghlacadh sa chomórtas peile Uile-Éireann seachtar-an-taobh don triú bliain as a chéile. Eagraíonn Scéim Oiliúna CLG na Gaillimhe agus Óige na Gaeltachta an Comórtas Peile 7 a taobh faoi 17 do bhuachaillí agus do chailíní do chumainn CLG Gaeltachta. Bíonn an chomórtas oscailte do chumainn CLG Gaeltacht na Gaillimhe agus foireann amháin óna Gaeltachtaí eile ar bhonn cuireadh, chomh maith le foireann amháin ó Bhéal Feirste agus Baile Átha Cliath.


Tá sé ag titim amach ag deireadh an seachtaine ar an 23-24ú Aibreán in ionad Mhicheál Mhóir ar an Mhaimín.  Chomh maith le cluichí peile agus comórtais bíonn oíche siamsaíochta agus spraoi eagraithe a thugann deis do Ghaeilgeoirí óga ó achan cearn aithne a chur ar a chéile. Beidh bronnadh na nduaiseanna ann i ndiaidh am dinnéara i Spórtlann Mhicheál Mhóir oíche shathairn.


Dúirt bainisteoir na hógfoirne, Seamás Ó Tuama, ‘Tá athas an domhain orainn páirt a ghlacadh sa chomórtas seo don triú bliain as a chéile agus tá na leaids óga ag dúil go mór leis. Is ionadaithe den chéad scoth iad do Laochra Loch Lao CLG agus Gaeil Bhéal Feirste i gcoitinne. Cothaíonn an comórtas seo spéis s’acu sa teanga agus sna spoirteanna dúchasacha in am céanna. Gortaíodh cupla imeoirí dar gcuid i rith na seachtaine ach mar sin féin, tá muid measartha láidir go fóill agus ag dúil go mór leis an dushlán. Go n-éirí linn!.’


Le tuilleadh eolais a fháil ar Laochra Loch Lao, déan teagmháil linn ar: feargal@forbairtfeirste.com


English


Laochra Loch Lao’s Under 17 team left for the Conamara Gaeltacht today to take part in an All-Ireland under 17 seven-a-side football competition for the third year ina row.  The Galway CLG traning scheme and the Youth of the Gaeltacht organise this 7 a side football competition for boys and girls from for Gaeltacht GAA clubs. The competition is open to GAA clubs in the Galway Gaeltacht and one team from the other Gaeltachts on invite basis, as well as one team from Belfast and one team from Dublin.


It takes place this weekend of the 23-24 April in the Mícheál Mór Sporting complex in Conamara. In addition to football games and competitions, there are also events and entertainment organised that provides young Gaels from every country the chance to get make acquaintance.


Team manager of the Youth team, Seamas Ó Tuama siad, ‘We are delighted to take part in this competition for the third year in a row and the young lads are really looking forward to it. The are fantastic representatives of Laochra Loch Lao CLG and Belfast’s Irish speaking community in general. This competition inspires their interest in the language and our native sports at the same time. A few of our lads picked up injuries during the week, but even still, we’re still relatively strong and loking forward to the challenge. We may succeed!’


For further information on Laochra Loch Lao CLG contact us on feargal@forbairtfeirste.com


Sluaite Na nGael / The Gaelic Masses

Forbairt News No Comments



Páistí ó Ghaelscoileanna na Sé Chondae agus Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa

Cloch eile leis an Charn  / Another Milestone

Gaeilge

Bhí na céadtaí de pháiste ó earnáil an Ghaeloideachais, iad ó gach cearn de na sé Chondae i láthair inné (22/4/10) nuair a nocht Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa Leacht  ag Coláiste Feirste, ag fogairt oscailt oifigiúl Ionad Tacaíochta an Choláiste.


Ag labhairt dó tar éis an imeachta, a thug ionadaithe ó gach Gaelscoil sna Sé Chondae le chéile, dúirt stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais gur lá thar barr ar fad a bhí ann do Phobal na Gaeilge.


“Bhí sé d’ónóir agus de phribhléid agam bheith ag obair le cuid d’fhoireann iontach na scoile seo mar Cathaoirleach ar an choiste eagraithe don ceiliúradh seo. Thug sé deis dúinn céim suntasach eile a thabhairt chun tosaigh san aistear spreagúil a thosaigh ceannródaíthe Bhóthar Seoighe daichead bliain ó shin.


Thréaslaigh Mac Siacais leis na daoine eile a bhí ar an choiste eagraíthe, mar a bhí Róisín Mhic an Lia, Diarmaid Ua Bruadair, Eimear Mhic an Fháilí agus Eamonn Ó Faogáin ó fhoireann agus ó Bhord  Gobharnóirí Choláiste Feirste, Pilib Mistéil, Bunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Áine Andrews Gaelscoil na bhFál as ucht a dtiomántas. Thréaslaigh sé fosta leo siúd uilig a bhí páírteach san ócáid fíorstarúil seo.


“Caithfear, ar ndóigh, ár mbuíochas ó chroí a ghabháil ó le Foras na Gaeilge a rinne urraíocht ar an imeacht iontach seo, agus leis na haoíeanna speisialta go léir  a thainig chuig oscailt an Ionad Tacaíocht Úr” a dúirt sé.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


Hundreds of pupils from the Irish Langauge Sector, from every corner of the Six Counties were present yesterday (22/4/10) when President of Ireland, Máire Mhic Giolla Íosa, unveiled a commemorative plaque today in Coláiste Feirste, which marked the official opening of the College’s new Learning Support Centre.


Speaking after the celebration, which brought together representatives of every Irish Medium school in the Six Counties, Forbairt Feirste director, Jake MacSiacais said it was a wonderful day for the Irish Speaking community.


“It was an honour and a privilege  for me to serve with some of this great school’s outstanding staff as chair of the organising committee for this celebration. The celebration gave us an opportunity to mark another milestone in the inspirational journey which the pioneers of the Shaw’s Road Gaeltacht started forty years ago.


Mac Siacais congratulated those others who made up the organising committee for the event:  Róisín Mhic an Lia, Diarmaid Ua Bruadair, Eimear Mhic an Fháilí agus Eamonn Ó Faogáin, from the staff and Board of Governors of Coláiste Feirste, Pilib Mistéil, from Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and Áine Andrews from Gaelscoil na bhFál, for their commitment and drive. He also congratulated all those who particpated in any way and who made the day such an historic occasion.


“We also need to give our warmest thanks to Foras na Gaeilge whose sponsorship made this wonderful event possible and to all the special guests who attended this opening of the new Educational Support Centre,” he said.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


Léacht i gCumann Chluain Ard/ Lecture in Cumann Chluain Ard

Forbairt News No Comments

Séamas Ó Donnghaile agus Feargal Mac Ionnrachtaigh

Ag Cumhachtú tríd an Oideachais / Empowering through Education

Gaeilge


Bronnadh duais aitheantais ar Oibrí Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le déanaí i ndiaidh dó léacht a thabhairt mar chuid de thogra oideachais atá ar siúl ag an Ionad Teanga lánGhaelach, Cumann Chluain Ard. Thug Feargal léacht, mar chuid de shraith léachtaí míosúla atá á reáchtáil ag an Chumann, faoin teideal, ‘An Ghaeilge Faoi Ghlas- Príosúnaigh Phoblachtánacha agus Athbheochan na Gaeilge ó Thuaidh’ agus bhí scaifte bréa i láthair le díospóireacht bhríomhar ina dhaidh. Bhronn Cathaoirleach Chumann Chluain Ard, Séamas Ó Donnghaile pictiúir de Sheosamh Mac Grianna ar Fheargal mar nóta buíochais ag an deireadh.


Ag caint ag an imeacht, dúirt Feargal, ‘Is mór an onóir dúinn bheith ag comhoibriú agus tacú le tograí Chumann Chluain Ard atá ag treabhadh gort na hathbheochana Gaelaí ónar bunaíodh sna tríochaidí é!  Tuigeann muid cé chomh tábhachtach agus atá cúrsaí oideachais agus muid ag iarraidh díograiseoirí úra a chumhachtú i dtreo na hathbheochana agus molann muid do dhaoine páirt a ghlacadh sa tsraith léachtaí seo.’


Ag caint ar an tsraith léachtaí seo, dúirt Séamas Ó Donnghaile, ‘Thaitin léacht Feargal go mór le lucht an chumainn agus tá muid iontach buíoch ar fad do mar gheall air. Beidh an Dr Joe Ó Lavery ag tabhairt an chéad léachta eile ar an Déardaoin seo chugainn, 29 Aibreán bunaithe ar Sheanmóirí An Chanónaigh Mhic Pháidín, ansin beidh an tOllamh Dónall Ó Baoill againn ar an Déardaoin 27 Bealtaine agus an Dr Fionntán de Brún ar an Déardaoin 24 Meitheamh. Tá fáilte roimh chách i dtólamh agus is féidir scairt ghutháin a chur ormsa ar 07841150053  más rud é go bhfuil tuilleadh eolais ag teastáil.’


English


A recognition award was recently bestowed on Forbairt Feirste’s Feargal Mac Ionnrachtaigh, after he gave a lecture as part of an educational project being orgniased by All-Irish speaking centre, Cumann Chluain Ard. Feargal gave the lecture, as part the club’s monthly lecture series, under the title, ‘Irish in Bondage- Republican prisoners and the Irish language revival in the North of Ireland. It was very well attended and was followed by a lively discussion. After the lecture, Cumann Chluain Ard Chairperson, Seamas Ó Donnghaile presented Feargal with a framed photograph of Seosamh Mac Grianna as a note of gratitude.


Referring to the event, Feargal stated, ‘We are greatly honoured to be working with and supporting the projects of Cumann Chluain Ard, who have been ploughing the furrow of the Irish langauge revival since the Thirties! We understand the importance of education in empowering activists in the direction of the revival and we would encourage people to get invovled in the lecture series.


Speaking on this lecture series, Seamas Ó Donnghaile said, ‘Feargal’s lecture was greatly enjoyed by those present and we are very grateful to him for taking part. Dr Joe Lavery will deliver the next lecture, next Thursday, 29 April based on the Sermons of the Canon Mac Pháidín, while we will have Professor Dónall Ó Baoill on Thursday 27 May and Dr Fionntán de Brún on Thursday 24 June.  Everyone is welcome as always and anyone looking further information can contact me on 07841150053.’



Cloch Eile Leis an Charn / Another Milestone

Forbairt News No Comments

An Leacht a Nocht Uachtarán na HÉireann 22/4/10

Cloch leis an Charn  / Another Milestone

Gaeilge


Nocht Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa Leacht inniú (22/4/10) ag Coláiste Feirste, ag fogairt oscailt oifigiúl Ionad Tacaíochta an Choláiste.


Ag labhairt dó roimhe an imeacht, a thug ionadaithe ó gach Gaelscoil sna Sé Chondae le chéile, dúirt stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais gur lá iontach ar fad a bhí ann do Phobal na Gaeilge.


“Bhí sé d’ónóir agus de phribhléid bheith ag obair le cuid d’fhoireann iontach na scoile seo mar Cathaoirleach ar an choiste eagraithe don ceiliúradh seo. Thug sé deis dúinn céim suntasach eile a thabhairt chun tosaigh san aistear spreagúil a thosaigh ceannródaíthe Bhóthar Seoighe daichead bliain ó shin.”


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


The President of Ireland, Máire Mhic Giolla Íosa, unveiled a commemorative plaque today (22/4/10) in Coláiste Feirste, which marked the official opening of the College’s new Learning Support Centre.


Speaking ahead of the celebration, which brought together representatives of every Irish Medium school in the Six Counties, Forbairt Feirste director, Jake MacSiacais said it was a wonderful day for the Irish Speaking community.


“It was an honour and a privilege  for me to serve with some of this great school’s outstanding staff as chair of the organising committee for this celebration. The celebration gave us an opportunity to mark another milestone in the inspirational journey which the pioneers of the Shaw’s Road Gaeltacht started forty years ago.”


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


Deichniúr na Cinniúna / Destiny Decade

Forbairt News No Comments

íomha Chomhdhála / Conference image

Lainseáil Comhdháil na Cinniúna  / Destiny Conference Launch

Gaeilge


Cliceáil anseo le gach eolas ábhartha a íoslódáil i bhformáid PDF


Cliceáil anseo le foirm clárúcháin a íoslódáil i bhformáid WORD


Reachtálfar Comhdháil na Ceathrún Gaeltachta ar an 14ú Bealtaine i gColáiste Feirste 7 Páirc Radharc na bhFeá Béal Feirste BT12 7PY. Am tosaithe 9.15rn.


Tá an dara comhdháíl de chuid na Ceathrún Gaeltachta a lainseáil go hoifigiúil inniú (20/4/10) ag Cathaoirleach Forbairt Feirste, an t-uas Sean Mistéil.


Arna lainseáil na comhdhála dó- a reachtálfar ag Coláiste Feirste ar an 14/5/10 – dúirt an tUas. Mistéil:


“Más mian linn bheith ar an Cheathrú Chultúrtha is fearr ar an domhán, ní mór dúinn próifíl s’againne a choinneáil agus a neartú, ach ar bharr sin caithfidh muid réimse d’institiúidí, d’acmhainní, de sheirbhísí agus de theicneolaíochtaí a fhorbairt agus a neartú, rudaí a n-aithneofar mar ‘scoth na hearnála’.


“Tá, ar ndóigh, ‘scoth na hearnála’ cheana féin sa Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil Otharlann thaighde den scoth, Coláiste Ollscoile den chéad ghrád agus scoil chuimsitheach dara leibhéal atá ar cheann de na cinn is fearr i mBéal Feirste.


“Tá tuiscint againn féin ar cé chomh hard agus atá spriocanna s’againn, ach caithfidh muid, le chéile, teacht ar chomhthuiscint, ar chomhinsint agus ar chomhchraobhscaoileadh ar uaillmhian s’againn agus níos tábhachtaí arís ar straitéisí atá dírithe ar bhearta agus táirgí.


“Tá téama an dara Comhdháil seo de chuid na Ceathrún Gaeltachta ag glacadh ionspioráide ó dhá eochair-cheiliúradh céad bliain a dhéanfaidh, i measc rudaí eile, an dara deichniúr seo den 21ú Aois a mhúnlú.


“In 2012 agus in 2016 déanfar ceiliúradh ar shíniú Chúnant Uladh agus ar Éirí Amach na Cásca. Tá an dá chomóradh seo fíte fuaite lena chéile agus ag croílár shaibhir agus coimpléasach stair agus féiniúlachtaí na hÉireann. Tugann na searmanais comórtha seo deis dúinn, le spás agus peirspictíocht, athchuairt a thabhairt ar an bhunbhrí agus ar an bhunfhuinneamh a bhí ann thiar sa lá, agus tugann siad deis dúinn ceisteanna cultúrtha agus féiniúlachta a chíorú agus a mheas agus a shníomh isteach i gcur chuige úr bunaithe ar chomhrath agus ar chómhaith an phobail. Ach ní haon amharc siar atá sa chomhdháíl seo, insíonn an scáthán dúinn cad atá taobh thiar dínn, ‘s’e an rud atá romhainn atá mar ábhar sa chomhdháil seo.”


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English

Click here to download all relevant conference material in PDF format


Click here to download registration form in Word format


The Destiny Decade Gaeltacht Quarter Conference will be held at Coláiste Feirste 7 Beechview Park Belfast BT12 7PY on Friday May 14th. Conference opening 9.15 am. The working language of the conference is English.


The second Annual  Gaeltacht Quarter Conference has today (20/4/10) been officially launched by Forbairt Feirste Chair, Sean Mistéil.


Launching the conference – which takes place at Coláiste Feirste on 14/5/10 – Mr Mistéil said:


“Becoming the best cultural Quarter in the world means retaining and expanding not just a profile but a portfolio of institutions, resources, services and technologies that can be labelled “best in class”.


“The Gaeltacht Quarter already has a “best of class” research hospital, a top rated University and one of the top performing mixed-ability post-primary schools in the city. Individually we know how high we are aiming, but we need to arrive at a collective expression of our ambition and strategies of delivery.


“The second annual Gaeltacht Quarter Conference takes as its theme and inspiration two key centenary celebrations which will characterise and help to define this, the second decade of the twenty-first, century in Ireland.


“2012 and 2016 mark the respective centenaries of the signing of the Ulster Covenant and the Easter Rising. Those commemorations are at the complex and rich core of Irish histories and identities. Such commemorations provide us with distance and perspective, but also a renewal of original energies, and they can be used to filter and channel questions of culture, identity and belonging into new arrangements for mutual prosperity and community well being: they enable recollection and re-collection.


But this is no look back: the mirror tells us what is behind, but what lies ahead is the goal of this conference


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


An Ghaeilge ó Thuaidh /Irish in the North

Forbairt News No Comments

Feargal Mac Ionnrachtaigh, Gerry McEvoy agus Niall Ó Maitiú

Comharthaíocht dhátheangach ag leathnú ó Thuaidh / Bilingual signage spreading in the North

Gaeilge


Is chuig Tuaisceart Bhéal Feirste a thriall Forbairt Feirste Dé Máirt 13/4/10, agus iad ag brú stráitéis comharthaíochta s’acu níos faide ar fud na cathrach. Tógra páirtnéireachta atá anseo idir Fhorbairt Feirste agus eagraíocht Ghaeilge Thuaisceart Bhéal Feirste, Cumann Chultúrtha Mhic Reachtain, dream atá ag obair go leanúnach le gnóthaí ar an talamh sa cheantar chun go raibh an Ghaeilge níos feiceálaí.


Dúirt Oifgeach Forbartha Cumann Chultúrtha Mhic Reachtain, Niall Ó Maitiú:


“Tá Siopa an Phobail ar Bhóthar Aontroma i ndiadh comhartha Ghaeilge ghleoite a chuir in airde a chuireann go mór le hobair s’againn sa taobh seo den chathair. Forbraíonn comharthaíocht dhátheangach athbheochán na Gaeilge i measc an phobail agus spreagann sé gnóthaí eile chun luach na teangan a aithint mar dheis díolta uathúil.”


D’aontaigh Feargal MacIonnrachtaigh, Oifigeach Tionscnaimh Gnó le Gaeilge Forbairt Feirste leis, agus dúirt sé: “Ta lúchair ó chroí againn, athbheochán na Gaeilge a eascú le grúpaí Gaeilge atá ag obair ar an talamh ar fud na cathrach agus tá muid ag dúil le tógáil air seo amach anseo.


“Lena chois sin, tá muid iontach sásta a fhogairt go bhfuil scéim náisiúnta Foras na Gaeilge, ‘Tá Gnó agat leis an Ghaeilge’ oscailte athuair agus tugann seo deis do ghnothaí bheaga agus mheanmhéide maoiniú meáitseála 50/50 a aimsiú mar chabhair le comharthaíocht seachtrach agus staisinéireacht dhátheangach a chur ar fáil. Éascaíonn muid gnóthaí agus grúpaí ar suim leo cur isteach ar an scéim agus soláthraíonn muid seirbhísí aistriúcháin saor in aisce chomh maith. Feidhmíonn an scéim i bhfábhar an té is tuisce le cur isteach air agus ba chóir d’éinne ar suim leo an scéim teagmháil a dhéanamh linn ag Forbairt Feirste ar 07841101630.”


Le tuilleadh eolais a fháil , déan teagmháil linn ar: feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste headed to the North of the City on Tuesday 13/4/10 as part of the promotion of their city-wide bilingual signage strategy. This was part of a partnership project between Forbairt Feirste and North Belfast Irish language organisation, the McCracken Cultural Society who work closely with businesses on the ground in the area to promote visible Irish language signage.


North Belfast Irish language Organisation, Cumann Chultúrtha Mhic Reachtain have been working closely with Belfast Irish language development Agency, Forbairt Feirste on bilingual signage in the North of the City.


Cumann Chultúrtha Mhic Reachtain, Development Worker, Niall Ó Maitiú, stated:


“Siopa an Phobail on the Antrim Road has recently erected a fantastic new bilingual sign which makes a huge contribution to our work in this part of the city. Visible signage promotes the language amongst the community and encourages other businesses in the area to recognise the value of the language as a unique selling point.”


Forbairt Feirste Irish Means Business Project Worker Feargal Mac Ionnrachtaigh concurred and added:


“We are delighted to facilitate language promotion amongst Irish language organisations working on the ground throughout the city and look forward to building on this in the future.


“We are also delighted to announce that Foras na Gaeilge’s national ‘Irish means business’ scheme has just reopened. This scheme allows small and medium sized businesses to get 50/50 match funding aid with bilingual external signage and stationary. We facilitate businesses and groups interested in applying for this scheme and provide free translation services in the process. This scheme works on a first come, first served basis and anyone looking to avail of it, should contact us on 07841101630.’


For further information  contact us on feargal@forbairtfeirste.com


Comharthaí ‘s Turasóireacht / Signage and Tourism

Forbairt News No Comments

Siopa na bhFál / The Falls Shop

Comharthaíocht Dhátheangach agus Turasóireacht / Bilingual Signage and Tourism

Gaeilge


Thréaslaigh Oifgeach Tionscnaimh Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le Comhairle Chontae Mhuileann gCearr a ghlac le moladh an tseachtain seo caite go mbeadh orthu cur le comharthaí Dátheangacha sa bhaile chun tuilleadh turasóireachta a spreagadh sa bhaile.


Glacadh le moladh an Chomhairleora Pat Collins gur chóir uasdátú a dhéanamh ar Pháirc Ghnó an Bhaile le comharthaí úra dátheangacha agus aontaíodh leis an mholadh mar go bhfuil tuiscint fhorleathan sa Chomhairle, bunaithe ar thaighde idirnáisiúnta, go spreagann na comharthaí dátheangacha turasóireacht.


Dar le Mac Ionnrachtaigh:


“Tá comhghairdeas tuillte ag Comhairle Mhuileann gCearr as an chinneadh seo a léiríonn samhlaíocht agus tuiscint s’acu ar chúrsaí turasóireachta. Tá muidne féin ag Forbairt Feirste ag seinm an phoirt seo le blianta fada i mBéal Feirste. Tuigeann na céadtaí gnó i mBéal Feirste – go háírithe iad sin a thapaigh an deis a chothaigh muid daofa comharthaí Gaeilge a chur in airde -  gur deis díolta iontach í an táirge dúchasach agus  muid ag iarraidh turasóirí a mhealladh.


“‘Bhain sciar mhaith acu tairbhe as Scéim Athnuachana na Mórbhealaí atá ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le bliain anuas a thug deis do ghnóthaí sa Cheathrú Ghaeltachta, comharthaí dátheangacha a chur ar fáil don phobal. Ní mór do Chomhairle na Cathrach anois, sampla Mhuileann gCearr a leanúint agus a leithéid d’fhéidearthachtaí comharthaíochta a chur ar fáil ar fud na cathrach go háirithe agus stráitéis úr turasóireachta s’acu ar na bacáin.


Thacaigh  Harry Connolly, ón Chomhlacht Turasóireachta in Iarthar Bhéal Feirste, Fáilte Feirste Thiar leis an tuairim seo:


“Níl amhras ar bith ach go mbíonn an tsuim as cuimse ag turasóirí sna comharthaí dátheangacha agus sa chultúr Ghaelach i gcoitinne agus is cinnte go gcaithfidh ról larnach a bheith ag na comharthaí seo in aon stráitéis athnuachan turasóireachta a mholann na húdaráis áitiúla.’


Le tuilleadh eolais a fháil ar obair chomharthaíochta s’againne, déan teagmháil linn ar: feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste’s Irish Means Business Project Worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh has congratulated Mullingar County Council for passing a motion to enhance bilingual signage in the town as a means of increasing tourism.


A motion by councillor Pat Collins to upgrade the town’s Business Park with bilingual signage was agreed by the council due to its instinctive understanding, based on international research, that bilingial signage attracts tourism to the native product.


According to Mac Ionnrachtaigh:


“Mullingar county council deserve to be congratulated for this decision which displays their imagination as well as their thorough understanding of the Tourism Industry. We, in Forbairt Feirste, have been leading by example and promoting this agenda in Belfast and further afield for many years now. Hundreds of businesses in Belfast – who have availed of the opportunity we created for them to erect bilingual signage – understand that  they provide a unique selling point that attracts tourism.’


“Many of these businesses in the Gaeltacht Quarter took the opportunity provided by the Belfast City Council’s Renewing the Routes scheme over the past year to provide the community with bilingual signage. The City Council should build on this  and follow the example of Mullingar and provide the same bilingual signage opportunities throughout the city especially now with their Tourism Strategy currently on the agenda.


Harry Connolly, from West Belfast Tourism Agency, Fáilte Feirste Thiar, supported Mac Ionnrachtaigh saying:


“There is no doubt that tourists have a massive interest in bilingual signage and Irish culture in general and therefore bilingual signage must play a central role in any tourism strategy being embarked on by the Local Authorities.”


For further information on our signage work, contact us on feargal@forbairtfeirste.com



© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS