Mol an óige! / Praise the Young!

Forbairt News No Comments
David Cargo, Príomhfheidhmeannach agus Acquin Crawford BOLB, Aire Oideachais, Caitríona Ruane, Orliath Nic Siacais ‘Training for Life’, Feargal Mac Ionnrachtaigh, Forbairt Feirste, Ciarán Mac Giolla Bhéin, Foras na Gaeilge leis na Feirstigh óga a fuair teastais OCN

Teastais Bronnta ag Aire Oideachais Ruane / Certificates presented by Education Minister Ruane

Gaeilge


Bhí Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Forbairt Feirste mar fhear an tí inné, 24ú Bealtaine, ag ócáid stairiúil ar Choláiste Feirste nuair a bhronn an tAire Oideachais, Caitríona Ruane, teastais OCN i gCeannaireacht an Óige ar 15 duine óga as Béal Feirste. Cuireadh an cúrsa ar fáil trí mheán na Gaeilge den chéad uair i stair an chúrsa i ndiaidh don Roinn Oideachais maoiniú a chur ar fáil do sheirbhísí óige trí Ghaeilge i mbliana tríd an BOLB  (Bord Oideachais is Leabharlainne Bhéal Feirste). Bhí an OCN i gCeannaireacht an Óige mar chuid de seo agus Tarlach Ó Branagáin as Forbairt Feirste a rinne an t-aistriúcháin. Orliath Nic Siacais ó ‘Training for Life’, Iontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí agus Ciarán Mac Giolla Bhéin, Oifigeach Óige le Foras na Gaeilge a bhí mar éascaitheoirí ar an chúrsa.


Ag caint dó ar an chúrsa, dúirt Mac Giolla Bhéin: “Ar feadh an chúrsa, thaispeáin na daoine óga seo leibhéal iontach tiomantais a spreag mé féin agus na daoine fásta thart orthu. Bíonn siad ar fad ag obair go deonach le cumainn óige Ghaelacha éagsúla agus is eiseamláirí iontacha iad do phobal na Gaeilge sa chathair seo agus tá an chreidiúint seo iomlán tuillte acu. Tá sé oiriúnach go raibh an tAire féin, an Bhean Uasail Caitríona Ruane, a chuir an maoiniú ar fáil don chúrsa, agus go raibh sí féin ar fáil chun na teastais a bhronnadh. Tá muid thar a bheith buíoch fosta don BOLB, go háirithe seirbhís Óige s’acu a bhí iontach cuidiúil fud fad an chúrsa. De réir a chéile, tá muid ag briseadh síos ar na constaicí agus tá i bhfád níos mó seirbhísí ar fáil anois do na mílte daoine óga atá ag freastal ar Ghaelscoileanna ar fud an tuaiscirt.’


Ag cur leis an méid seo, i ndiaidh na hócáide, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, atá mar ionadaí Forbairt Feirste ar Fhóram na nÓg:


“Cé gurbh í seo an chéad uair a raibh a leithéid seo de chúrsa á stiúradh trí mheán na Gaeilge, is suntasach gur éirigh leis  na daoine óga uilig an cháilíocht a bhaint amach. Is cáilíocht aitheanta í an OCN a bheirfeas spreagadh do na daoine óga leanúint ar aghaidh ag gníomhú agus ag obair go deonach taobh istigh den earnáil óige Ghaelach. Beidh an Fóram ag tógáil air seo amach anseo agus ag cumasú na hearnála óige le tuilleadh oiliúna agus seirbhísí ar fud an tuaiscirt.’


Le tuilleadh eolais, déan teagmháil le:  feargal@forbairtfeirste.com


English


Feargal Mac Ionrachtaigh from Forbairt Feirste chaired proceedings yesterday, 24th May, at a history-making event in Coláiste Feirste where Education Minister, Caitríona Ruane presented OCN Leadership in Youth Work certificates to 15 young people from Belfast. The course was provided through the medium of Irish for the first time in its history due to funding provided by the Department of Education for Irish Medium Youth work through the BELB (Belfast Education and Library Board). The OCN, Leadership in Youth Work was part of this and Tarlach Ó Branagáin from Forbairt Feirste translated the course. Orliath Nic Siacais from ‘Training for Life’ in the Upper Springfield Development Trust and Ciarán Mac Giolla Bhéin, Youth Officer with Foras na Gaeilge were the course facilitators.


Speaking about the course, Mac Giolla Bhéin said:


‘‘Throughout the course, the young people have been driven and have shown a level of commitment which has inspired me and many of the older people around them. They all work voluntarily with local Irish Medium Youth Clubs and are a credit to Belfast’s Irish language community and are fully deserving to be recognised in this way. It is also fitting that the Minister, who made the funds available for this course, will be there to present them with their certificates. We are also extremely grateful to the BELB and especially their Youth Services department who have been very helpful and accommodating throughout. Gradually, barriers are being broken down and more and more services are being made available through the medium of Irish, including youth services which will cater for the thousands of young people attending Irish medium schools throughout the North.”


Adding to this after the event, Feargal Mac Ionnrachtaigh, who represents Forbairt Feirste on Fóram na nÓg (Irish-Medium Youth Forum) stated:


“Given that it was the first time that a course such as this has been delivered entirely through the medium of Irish we are extremely pleased that all of the young people have managed to gain a pass. The OCN is a recognised qualification which, hopefully, will encourage these young people to continue volunteering and working in the Irish youth service sector. The Forum aims to build on this in the near future by building capacity and additional  services in the Irish Language youth sector throughout the North.”


For further information  contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Tacaigh leis na Laochra! / Support the Laochra!

Forbairt News No Comments


Tacaigh leis na Laochra ar an Bhus go Maigh Eo / Support the Laochra on the Bus to Mayo

Gaeilge


Le comórtas Peile na Gaeltachta ag teannadh linn i gceann coicíse, tá an t-am ag iarraidh gann chun suíochán a chur in áirithe ar bhus tacaíochta Laochra Loch Lao CLG, foireann peile na Ceathrún Gaeltachta.


Bunaíodh Laochra Loch Lao CLG sa bhliain 2006 mar thógra de chuid Forbairt Feirste, agus tá siad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó bhí 2007 i leith. Cláraíodh na Laochra mar chumann oifigiúil de chuid Chontae Aontroma agus is mar ionadaithe an chontae agus Gaelphobal Feirste féin a ghlacann siad páirt sa chomórtas.


I mbliana, beidh an comórtas i mBéal Atha Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo idir 4 agus 7 Meitheamh 2010. Tá maoiniú flaithiúil faighte ag an chumann ó Iontaobhas Ultach chun bus tacaíochta a chur ar fáil ag imeacht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar a 4 a chlog ar an Aoine, 4 Meitheamh agus ag pilleadh tráthnóna Dé Luain 7 Meitheamh.


Dar le Rúnaí Laochra Loch Lao CLG, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘Tá muid thar a bheith buíoch d’Iontaobhas Ultach an deis a thabhairt do Ghaeil Bhéal Feirste an comórtas iontach seo a bhlaiseadh i mbliana i Maigh Eo. Deireadh seachtaine den chéad scoth a bheidh ann lán le peil, ceol agus craic leis na mílte Gael ó fud fad na tíre agus na n-oileán máguaird. Ócáid stairiúil a bheas ann do Ghaelphobal Feirste agus beidh BBC i láthair agus iad ag déanamh dhá chlár teilifíse leathuair a chloig bunaithe ar na Laochra.’


‘Ba mhór againn lucht tacaíochta callánach agus bríomhar bheith linn i Co. Mhaigh Eo chun muid a spreagadh ar an pháirc peile!


Dúirt Eagraí an bus tacaíochta seo, Cáitlín Ní Ruanaidh, ‘Beidh an bus féin ar fáil do Ghaeilgeoirí  amháin agus é saor in aisce ar feadh an deireadh seachtaine. Lena chois sin, thig linn lóistín a chur in áirithe dóibh siúd ar an bhus ach iad cinntiú go bhfuil suíochán in áirithe acu.’


‘Níl ach spás teoranta do 49 suíochán ar an bhus, agus níl mórán spáis fágtha ag an phointe seo. Mholfainn d’éinne ar suim leo gabháil chuig an Chomórtas agus tacú leis na Laochra, teagmháil a dhéanamh liomsa ar cniruanaidh@googlemail.com nó 07763163026 chomh luath agus is féidir’


Le tuilleadh eolais a fháil ar Laochra Loch Lao CLG, déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com


English


With the National Gaeltacht Competition edging ever closer, time is fast disappearing to book a seat on the supporters bus of Gaeltacht Quarter Gaelic Football team, Laochra Loch Lao CLG.


Formed in 2006 as a Forbairt Feirste project, Laochra Loch Lao have been taking part in the National Gaeltacht competition since 2007. They were registered as an official club with the Antrim County Board and it is as county representatives and representatives of  Belfast’s Irish Language speaking community that they take part in the competition.


This year’s competition will be held in Belturbet, Co Mayo between 4 and 7 June 2010. The club has received generous funding  from the Ultach Trust  to provide a free supporters bus that will leave from Cultúrlann McAdam Ó Fiaich around 4 o clock on Friday, 4 June and return on Monday 7 June.


According to Laochra Loch Lao CLG secretary, Feargal Mac Ionnrachtaigh, ‘We are very grateful to the Ultach Trust for giving Belfast Gaels the opportunity to attend this fantastic competition in Mayo. It is an amazing weekend filled with Football, Music and Craic with thousands of Gaels from thoughout the country and its nearby islands. This is an historic occasion for Belfast’s Irish speaking community and BBC will be in attendance in making to half-hour documentaries based on the Laochra.’


‘We would greatly appreciate a loud and lively following in Mayo to inspire us on the Football field.’


Bus organiser, Cáitlín Ní Ruanaidh stated, ‘This bus is provided for Irish speakers only and will be free of charge for the entire weekend. In addition, we can arrange lodgings for the weekend for those on the bus if they ensure that have reserved a seat.’


‘We only have space for 49 people on the bus and there isn’t much space remaining at the minute. I would advise anyone interested  in going to the competition and supporting the Laochra, to contact myself as soon as possible on cniruanaidh@googlemail.com or 07763163026.


For further information on Laochra Loch Lao CLG, contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Campa Chormaic Cois Cuain / Campa Chormaic in Belfast

Forbairt News No Comments

Lainseáil Campa Chormaic 2010 Feargal Mac Ionnrachtaigh, Seams Ó Tuama, Henry Shefflin, Martin Clarke, Ciarán Mac Giolla Bhéin,Breandán McAnallen, Mícheál Ó Máirtín, Dónal McAnallen

Campa Chormaic Aontroma le lonnú sa Cheathrú Ghaeltachta/ Campa Chormaic Aontroma to set up base in Gaeltacht Quarter

Gaeilge


Bhí Oifigeach Tionscadail, Gnó le Gaeilge, Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh i láthair ag lainseáil oifigiúil Campa Chormaic 2010 ar an tseachtain seo caite in Óstán Chúirt na Canála ar an Iúr. Is mar ionadaí Bhéal Feirste ar Campa Chormaic Aontroma atá ag teacht cois cuain den chéad uair i mí Lúnasa na bliana seo, a bhí Feargal i láthair ar an lá.


Táthar Campa Chormaic  a reáchtáil ar bhonn bliantúil le sé bliana anuas i ndílchuimhne ar an Ghael Iomráiteach agus peileadóir Uile-Réalt, Cormac Mac an Áilín a d’éag go tragóideach sa bhliain 2004 de bharr láigeacht chroí neamhghnách. Tá an campa bunaithe ar na suimeanna b’ansa do Chormac mar a bhí, an Ghaeilge, aclaíocht Ghaelach agus oidhreacht dhúchais s’againne i gcoitinne. Tá sé dírithe ar bhuachaillí agus cailiní idir 9 agus 14 agus bheireann sé deis daofa an teanga agus an cultúr s’againne a fhoghlaim maraon le páirt a ghlacadh i bpeil Ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht.


Lainseáladh Campa Chormaic 2010 ag mórLaoch Iománaíochta Chill Chainnigh, Henry Shefflin agus réalt i mbéal forbartha, Co an Dúin, Martin Clarke a dhearbhaigh go bhfuil an campa á bhogadh i 2010  go Co. Aontroma agus Co. Dhoire i ndiaidh bliain rathúil anuraidh i gContae an Dúin.


“Bunaíodh Campa Chormaic ag an tús i mBranty, Co Thír Eoghain agus anuraidh ghlac muid é taobh amuigh de Thír Eoghain den chéad uair,” arsa ball coiste, Campa Chormaic, Paul McAnallen.


“D’éirigh go geal leis an champa i gCaisleán Uidhilín agus tá muid ar bís an campa a thabhairt go Doire agus go hAontroim i mbliana den chéad uair, áiteanna a mbeidh muid ag déanamh aithrise ar an chur chuige rathúil a nascann an spórt agus an teanga le chéile ó champaí Chontae an Dúin agus Thir Eoghain.”


“D’fhorbair Campa Chormaic mar chlochmhíle lárnach den fhéilire chultúrtha agus spórtúil i gCo. Thír Eoghain, Co. an Dúin agus anois beidh an cás amhlaidh i gCo. Aontroma agus i gCo. Dhoire. Sílim gur tógra den chéad scoth atá ann agus tá mise thar a bheith sásta mo chuid tacaíochta a thabhairt dó.”


Mar dhuine de lucht eagraithe ar champa Aontroma, dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh:


“Tá muid iontach sásta an campa iontach seo a éascú i mBéal Feirste den chéad uair ariamh. Nascann sé ár gcluichí dúchasacha agus foghlaim na Gaeilge le chéile ar dhóigh nuálach, a neartaíonn an teanga labhartha taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá muid bródúil, agus iontach buíoch gur thug Clann Chormaic agus coiste Campa Chormaic féin an deis dúinn an campa seo a eagrú.”


‘Beidh Campa Chormaic Co. Aontroma ag titim amach idir an Luan 9ú Lúnasa 2010 go dtí an Aoine 13ú Lúnasa 2010 i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar Bhóthar na Carraige Báine, Béal Feirste agus ag Naomh Eoin CLG atá taobh leis. Tosóidh sé ar 10.00r.n. achan maidin agus críochnóidh sé ar 4.00i.n.. Beidh ranganna Gaeilge agus ceoil, siúlóidí staire, turasanna agus ceachtanna peile agus iománaíochta ar fáil le réaltaí áitiúla ón CLG le linn an champa.’


“Ní chosnaíonn an Campa ach £40 don tseachtain agus gheobhaidh achan dalta léine aitheanta Campa Chormaic déanta ag O’Neills ar an luach seo. Ní mór dóibh siúd ar suim leo páirt a ghlacadh teagmháil a dhéanamh liomsa ar feargal@forbairtfeirste.com nó scairt orm air 07841101630.


“Is an Aoine, 4 Meitheamh atá mar dháta druidte don fhoirm iarratais agus tá muid ag dúil le héileamh mór. Mar gheall go bhfuil spásanna teoranta, tabharfar áiteanna amach don té is tuisce a thig ar ais leis an fhoirm iarratais. Le tuilleadh eolais, gabh chuig www.campachormaic.com


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste’s, Irish Means Business, project worker,  Feargal Mac Ionnrachtaigh was in attendance at the official launch of Campa Chormaic 2010 in the Canal Court Hotel in Newry last week as one of the Belfast representatives of Campa Chormaic Aontroma which is coming to Belfast for the first time in August this year.


Campa Chormaic is organised annually for the past six years in Tyrone in memory of the famous Tyrone Gael and All-Star Footballer, Cormac Mac Anallen, who died tragically in 2004 of a rare heart condition. The camp is based on the biggest passions of Cormac as is the Irish Language, Gaelic Athleticism and our native heritage in general. It is aimed at 9-14 year old boys and girls and offers them the chance to learn Irish culture and language and participate in football, hurling and camogie.


The 2010 Campa Chormaic was launched this year by Kilkenny hurling giant, Henry Shefflin and the rising star of Co. Down football Martin Clarke who announced that 2010 sees the Camp move into Co. Antrim and Co. Derry following the successful Co. Down Camp last year.


‘Campa Chormaic was originally set up in Brantry, Co Tyrone and last year was the first time we had taken the camp outside of Tyrone. ’ Said Campa Chormaic committee member Paul McAnallen.


‘The Camp in Castlewellan was really successful and this year we are delighted to take the camp into Antrim and Derry for the first time, where we can replicate the successful formula of language and sport from the Tyrone and Down camps.’


‘The Campa Chormaic has grown into an important cultural and sporting milestone in the GAA calendar in Tyrone, Down and now Antrim and Derry. I think it is a fantastic initiative and I am delighted to be able to give it support.’ Said Henry Shefflin.


As one of the Antrim camp organisers, Feargal Mac Ionnrachtaigh, stated, ‘We are delighted to bring this fantastic camp to Belfast for the first time. It combines our native games and Irish language learning together in an innovative way and strengthens the living language outside the school gates. We are very proud, honoured and grateful to be given the opportunity to organise the camp by Cormac’s family and the Campa Chormaic committee.’


‘Campa Chormaic Co. Antrim will be taking place from Monday the 9th of August to Friday the 13th of August 2010 in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Whiterock Rd, Belfast and the adjacent St Johns GAA club. It will start every morning at 10.00am and finish at 4.00pm everyday. Irish language and music classes, historical walks, trips and of course football and hurling sessions delivered by stars from the GAA will all be included in the course of the week.


‘The costs for the week in only £40 and will include every child being given a unique, O’Neills made Campa Chormaic shirt for the week. Those interested in taking part should contact Feargal Mac Ionnrachtaigh on feargal@forbairtfeirste.com or 07841101630. The closing date is Friday the 4th of June and as we are expecting a big demand for the scheme. Because spaces are limited, places will be given on a first come, first served basis. For further information log onto www.campachormaic.com


For further information contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Teach Lán / Full House

Forbairt News No Comments

Bairbre De Brún MEP, Margaret Ritchie Minister DSD, Deputy First Minister Martin McGuinness and Kelvin Campbell Urban Initiatives London

Lá Cinniúnach ag Coláiste Feirste / Destiny Day at Coláiste Feirste

Breis agus 140 i láthair ag Comhdháil na Cinniúna de chuid na Ceathrún Gaeltachta


Over 140 attend Gaeltacht Quarter Destiny Decade Conference


Gaeilge


Bhí idir Airí Rialtais áitiúla, ionadaithe ranna agus rannóga rialtais, Baill Parlaiminte, Baill an Tionóil, ionadaithe ó réimse leathan páirtithe, comhairleoirí cathrach ó Bhéal Feirste, ó Chondae an Dún, ó Chondae Thír Eoghan agus ó Chondae Ard Mhacha, cuairteoirí agus cainteoirí aitheanta idirnáisiúnta agus bunadh na hearnálacha gnó, pobail agus deonacha ó Bhéal Feirste thoir, thiar, thuaidh agus theas i láthair ag Coláiste Feirste i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta Dé hAoine 14ú Bealtaine don dara Comhdháíl de chuid na Ceathrún Gaeltachta.


Bhí an chomhdháil, dar teideal Deichniúr na Cinniúna, a reáchtáil ag Bord na Ceathrún Gaeltachta, Roinn Forbartha Soisialta agus é eagraithe agus óstaithe ag an áisíneacht forbartha Gaeilge Feirsteach, Forbairt Feirste chun aird a tharraingt ar an deis iontach atá anois ann chun sócmhainn na Gaeilge agus an Chultúir Ghaelaigh a scaoileadh chun tairbhe phobal Bhéal Feirste ina iomlán agus ina héagsúlacht shaibhir.


Rinneadh pleananna na Ceathrún Gaeltachta, arna bhfoilsiú ag Deloitte CTP, a roinnt ar an 141 comhaltaí comhdhála a bhí i láthair ar an lá agus nochtadh samhail ionspioráideach na Ceathrún, arna cuireadh i gceann a chéile ag an ailtire Tara Florence.


Cliceáil anseo le cuairt a thabhairt ar mháthairleathanach na comhdhála


English


Local Government ministers, representatives of government departments and agencies, Members of Parliament and Elected Assembly Members, representatives of a wide range of political parties, Councillors from Belfast, County Down, County Armagh and County Tyrone, visitors and keynote speakers of international repute and people from the business, community and voluntary sectors from North, South, East and West Belfast flocked to Coláiste Feirste in the heart of the Gaeltacht Quarter for the second Gaeltacht Quarter Conference.


The gathering, entitled the Destiny Decade Conference, was hosted by the Department of Social Development, the Gaeltacht Quarter Board and was organised and chaired by Belfast Irish Language Development Agency, Forbairt Feirste, to shine a spotlight on the huge opportunity which currently exists to unleash the potential of the Irish Language and Culture to the benefit of Belfast’s citizens in their entireity and in all the diverse richness.


The Gaeltacht Quarter plans, published by Deloitte PLC, were shared with the 141 conference delegates who attended and an impressive to scale model of the Quarter, assembled by architect Tara Florence, was also unveiled on the day.


Click here to visit the Conference main page


[Tab:ENDS]


Baineann Laochra Corn Uí Cheallaigh / Laochra scoop Kelly Cup

Forbairt News No Comments

Jim Murray, Cathal Ó Ceallaigh, Aogán Ó Fearghail agus Jake Mac Siacais

Lámh na Laochra ar Chorn Uí Cheallaigh/Laochra lift the first Oliver Kelly cup

Gaeilge


D’éirigh go geal le foireann Peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG ar an Satharn 15ú Bealtaine nuair a bhain siad Comórtas Uí Cheallaigh ag páirc Lámh Dhearg.


Comórtas úr in ómós don dlíodóir iomráiteach agus iarchathaoirleach ar Bhord Aontroma, Oilibhéar Ó Ceallaigh a d’éag go tragóideach anuraidh, atá sa chomórtas. Laochra Loch Lao a d’eagraigh an comórtas agus fuair sé stádas oifigiúil mar chomórtas Chumann Lúthchleas Gael de chuid Deisceart Aontroma.


I mbliana, ghlac ceithre fhoireann páirt sa chomórtas mar a bhí, Laochra Loch Lao, Naomh Úna, Gort na Móna agus Lámh Dhearg CLG.  Bhain Laochra Loch Lao an chéad chluiche leathcheannais in éadan Naomh Úna le farasbarr de sheacht gcúilín. Mar sin féin, thosaigh siad go fadálach sa chéad leath agus bhíodar ag baint le cúilín amháin ag leath ama. Tháinig na Laochra ar ais chucu féin sa dara leath inar scóráil siad 9 cúilín gan freagra díreach i ndiaidh do Naomh Úna iad a scanrú le cúl a scóráil siad ag tús an dara leath. Bhuaigh Cumann Lámh Dhearg an dara cluiche leathcheannais in éadan Gort na Móna le dhá chuilín nuair a d’aimsigh siad cúl mall sa dara leath i ndiaidh a bheith taobh thiar de Ghort ar feadh an chluiche.


Sa chluiche ceannais, bhí an lámh in uachtar ag na Laochra in éadan Lámh Dhearg. Bhí an ghaoth ag na Laochra sa chéad leath ach níor ghlac siad go leor dá gcuid seansanna, rud a chiallaigh nár críochnaigh siad ach 3 a 1 chun tosaigh ag leath ama. Mar sin féin, d’imir siad peil gleoite sa dara leath agus fuair siad an lámh in uachtar go furasta ar Lámh Dhearg le scór deiridh do 1.11 go 1.1.


Bhronn Jim Murray Cathaoirleach Bhord Aontroma agus  Aogán Ó Fearghail, Uachtarán Chomhairle Uladh an corn álainn ar chaptaen na Laochra, Cathal Ó Ceallaigh, mac d’Oilibhéar.  Ag labhairt dó ag an bhronnadh, dúirt Aogán:


“Is mór an onóir domh an corn seo a bhronnadh óir go raibh seanaithne agam ar Oilibhéar Ó Ceallaigh ón tréimhse a chaith muid ar Chomhairle Uladh le chéile. Gael go smior a bhí ann agus tá an comórtas seo breá fóirsteanach mar dhílchuimhne air. Tréaslaím le Laochra Loch Lao CLG as an chomórtas a eagrú agus an corn a bhaint. Cuireann seo le fís s’agaibh fán Ghaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael a nascadh le chéile mar is ceart agus is deá-shampla sibh don chuid eile den tír. Táim cinnte de go rachaidh an comórtas seo ó neart go neart amach anseo.”


Arna tógáil an choirn dó, dúirt Cathal Ó Ceallaigh:


“Tá mé iontach bródúil an corn seo a thógáil mar chaptaen ar Laochra Loch Lao agus tá clann s’agam iontach buíoch d’achan duine a chuidigh linn an comórtas seo a reáchtáil. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil fosta leis na cumainn a ghlac páirt, le Bord Dheisceart Aontroma, d’óstaithe an chomórtais, Lámh Dhearg CLG, cumann Naomh Gall a chuir Corn ar fáil, na réiteoirí agus le Laochra Loch Lao CLG ach go háirithe. Tá muid ag dúil leis an bhliain seo chugainn agus is ullmhúcháin den scoth é an bua seo do chomórtas Peile na Gaeltachta i Maigh Eo’


Déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com nó scairt air 07841101630  le haghaidh tuilleadh eolais ar Laochra Loch Lao CLG.


Cliceáil anseo le nasc a dhéanamh ar máthar leathanach an Chomórtais


English


Gaeltacht Quarter football team, Laocha Loch Lao CLG scored success on Saturday May 15th when they won The Oliver Kelly competition at Lámh Dhearg park. This competition was organised in honour of the prominent solicitor and former Antrim County Board Chairperson, Oliver Ó Ceallaigh, who died tragically last year. Laochra Loch Lao CLG organised the competition which got official recognition as a South Antrim GAA competition.


This year, four teams took part in the competition; Laochra Loch Lao, Naomh Úna, Gort na Móna and Lámh Dhearg CLG. Laochra Loch Lao beat Naomh Úna in the first game with an gap of seven points. However, they started slowly in the first half and were winning by only a single a point at half time. They resorted to form in the second half and scored nine unanswered points directly after a Naomh Úna goal at the beginning of the second half had given them a scare. Lámh Dhearg won the second semi-final against Gort na Móna by two points when they scored a late goal after trailing the Gorts for the entire game.


In the final, the Laochra had the upper hand against Lámh Dhearg. Despite having the wind in their favour in the first half, the Laochra never made enough of their chances which meant they only finished 3-1 up at half-time. However, they played fantastic football in the second half and easily dispatched Lámh Dhearg on a final scoreline of 1.11 to 1.1.


The beautiful trophy was presented to Laochra captain and son of Oliver Kelly, Cathal Ó Ceallaigh by Jim Murray Chair of the Antrim County Board and Aogán Ó Fearghail, Ulster Council President.  Speaking at the presentation, Aogán said:


“It is a great honour for me to present this trophy as I knew Oliver very well form our time together on the Ulster Council. He was a true Gael and it is fitting that this competition is organised in his honour. I wish to congratulate Laochra Loch Lao CLG  for organising and winning the competition. This strengthens their vision for properly linking both the Irish language and the GAA together and they are a shining example to the rest of the country.  I’m positive that this competition can go from strength to strength in the future.


After lifting the trophy, Cathal Ó Ceallaigh said:


“I’m very proud to lift this trophy as captain of Laochra Loch Lao and my family are very grateful to everyone who supported the competition; the clubs who took part, the South Antrim county board, competition hosts Lámh Dhearg, St Galls CLG who provided the trophy,  the referees and especially Laochra Loch Lao who organised it. We’re looking forward to next year and this victory is great preparation for ther National Gaeltacht Competiton in Mayo.’


For further information on Laochra Loch Lao, contact us on feargal@forbairtfeirste.com or 07841101630.


Click here to visit Competition main page


Corn Oilibhéar Uí Cheallaigh lainseáilte/ Oliver Kelly Tournament launched

Forbairt News No Comments
Feargal Mac Ionnrachtaigh, Jake Mac Siacais, Cathal Ó Ceallaigh, Seamas Ó Tuama, Diarmuid Ó Ceallaigh, Paddy McElvenny, Pádraig Mac Cathail

Comórtas na Laochra in ómós Oilibhéar Ó Ceallaigh/Laochra competition honours Oliver Kelly

Gaeilge


Lainseáil foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG, corn peile úr do Dheisceart Aontroma aréir 12/5/10  i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál. Is in ómós don Ghael iomráiteach, Oilibhéar Ó Ceallaigh, atá an corn seo á reáchtáil, fear a bhí ina dhlíodóir cáiliúil agus ina iarChathaoirleach ar Bhord Chontae Aontroma CLG. Bhí beirt mhac s’aige, Diarmuid agus Cathal, a imríonn peile do Laochra Loch Lao, i láthair ag an ócáid agus dar le Diarmuid Ó Ceallaigh: ‘Is é an comhoidhreacht a d’fhág m’athair ionainn ná an grá don teanga agus an grá do spóirt Ghaelacha. Tá lúchair mhór orainn anocht an Corn bliantúil seo a lainseáil atá tiomnaithe i ndílchuimhne air. Ba mhaith linn fosta buíochas a ghabháil do Laochra Loch Lao CLG as an onóir seo a bhronnadh ar Chlann s’againn. Seasann Laochra Loch Lao d’achan luach ar chóir do Ghaeil na tíre seo a bheith ag iarraidh a bhaint amach agus mar sin de, tá sé breá feiliúnach go bhfuil na Laochra ag eagrú an chomórtais seo. Ag caint ag an ocáid fosta, bhí Paddy McElvenny, Rúnaí ar Bhord Dheisceart Chontae Aontroma CLG, a dúirt: ‘Is onóir mhór é do Bhord Dheisceart Chontae Aontroma bheith ábalta tacú le Corn Uí Cheallaigh agus le Laochra Loch Lao. Tá muid ag dúil go mór leis an ócaid stairiúil seo.’


Maidir leis an chomórtas féin, dúirt Cathaoirleach Laochra Loch Lao, Jake Mac Siacais: ‘ Tá Laochra Loch Lao ar bís le bheith ag stiúradh an chomórtais seo. Ar an Satharn beag seo, 15ú Bealtaine, beidh foirne Dheisceart Aontroma ag glacadh páirte i gcomórtas Bliantúil Uí Cheallaigh mar atá, Laochra Loch Lao, Lámh Dhearg, Gort na Móna agus Naomh Úna CLG. Thar cheann an chumainn, ba mhaith linn buíochas a ghabháil d’óstaithe na bliana seo, Cumann Lámh Dhearg agus le gach duine eile atá bainte leis an chomórtas. Tosaíonn an comórtas ag a 12  agus críochnaíonn sé timpeall a 3 a chlog. Beidh an corn á bhronnadh ag Leas-Chathaoirleach Bhord Aontroma, Jim Murray agus beidh bia agus soláistí ar fáil chomh  maith le ceol traidisiúnta den scoth leis an sárghrúpa, CASADH i gcumann Lámh Dhearg ó 5 a chlog ar aghaidh. Tá achan duine sa chumann ag dúil go mór leis an chómórtas iontach seo agus amharctar air mar chomórtas úr den scoth a rachfas ó neart go neart sna blianta amach romhainn.’


Déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com nó scairt air 07841101630  le haghaidh tuilleadh eolais.


English


Gaeltacht Quarter Gaelic Football team, Laochra Loch Lao CLG last night 12/5/10  launched a new South Antrim Football competition in Cultúrlann McAdam ó Fiaich on the Falls Road. The competition is organised in memory of well-known Belfast Gael, Oliver Kelly, who was a prominent Belfast Solicitor and  former chairman of the Antrim County Board of the GAA. Both his sons, Diarmuid and Cathal, who play for Laochra Loch Lao CLG, were present at the event and according to Diarmuid Ó Ceallaigh,:’ ‘Our joint heritage from our father was a passion for the Irish language and Gaelic games. We are delighted, this evening, to launch this annual challenge cup which is dedicated to his memory. We also would like to thank Laochra loch Lao CLG for honouring our family in this way. Laochra Loch Lao represent all of those values that true Gaels aspire to and it is more than fitting that they are organising this competition. Also speaking at the launch was South Antrim GAA County board Secretary, Paddy McElvenny who said: ‘it is a great honour for the South Antrim Board to be in a position to lend our support to Corn Uí Cheallaigh and Laochra Loch Lao. We are really looking forward to this historic occasion.’


On the tournament itself, Laochra Loch Lao Chairperson, Jake Mac Siacais stated: ‘Laochra Loch Lao are delighted to launch this competition. This Saturday, May 15, sees teams from South Antrim competiting for the inaugural Corn Uí Cheallaigh/Oliver Kelly cup including Laochra Loch Lao CLG, Lámh Dhearg, Gort na Móna and St Agnes’s. On behalf of our club, we’d like to thank this year’s hosts, Cumann Lámh Dhearg CLG and everyone associated with the competition. The tournament commences at 12pm and will finish around three o ‘clock. The winning trophy will be kindly presented by County Vice-Chairperson, Jim Murray and be followed with a buffet and a fantastic traditional music with Belfast trad group, CASADH in Lámh Dhearg clubhouse from 5 onwards. Everyone associated with Laochra Loch Lao are really looking forward to this occasion and view this as merely the beginning of a fantastic new competition that will go from strength to strength in the coming years.’


Fur further information, contact us on feargal@forbairtfeirste.com or 07841101630.


Lá na Cinniúna / Destiny Day

Forbairt News No Comments

íomha Chomhdhála / Conference image

Eolas ábhartha Comhdhála / Relevant Conference Information

Gaeilge


Cliceáil anseo le eolas clárúcháin a íoslódáil


Cliceáil anseo le gach eolas ábhartha a íoslódáil i bhformáid PDF


Cliceáil anseo le foirm clárúcháin a íoslódáil i bhformáid WORD


Reachtálfar Comhdháil na Ceathrún Ghaeltachta ar an 14ú Bealtaine i gColáiste Feirste 7 Páirc Radharc na bhFeá Béal Feirste BT12 7PY. Am tosaithe 9.15rn. Clárú ón 8.30rn do dtí 9.o0rn.


Tá an dara comhdháíl de chuid na Ceathrún Ghaeltachta a reachtáil ar an Aoine beag seo an 14ú Bealtaine ag Coláiste Feirste. Is comhthionscadal é idir Fhorbairt Feirste agus Bord na Ceathrún Ghaeltachta le tacaíocht ó RFSTÉ.


Arna lainseáil na comhdhála dó dúirt Sean Mistéi Cathaoirleach Forbairt Feirste:


“Más mian linn bheith ar an Cheathrú Chultúrtha is fearr ar an domhán, ní mór dúinn próifíl s’againne a choinneáil agus a neartú, ach ar bharr sin caithfidh muid réimse d’institiúidí, d’acmhainní, de sheirbhísí agus de theicneolaíochtaí a fhorbairt agus a neartú, rudaí a n-aithneofar mar ‘scoth na hearnála’.


“Tá, ar ndóigh, ‘scoth na hearnála’ cheana féin sa Cheathrú Ghaeltachta, áit a bhfuil Otharlann thaighde den scoth, Coláiste Ollscoile den chéad ghrád agus scoil chuimsitheach dara leibhéal atá ar cheann de na cinn is fearr i mBéal Feirste.


“Tá tuiscint againn féin ar cé chomh hard agus atá spriocanna s’againn, ach caithfidh muid, le chéile, teacht ar chomhthuiscint, ar chomhinsint agus ar chomhchraobhscaoileadh ar uaillmhian s’againn agus níos tábhachtaí arís ar straitéisí atá dírithe ar bhearta agus táirgí.


“Tá téama an dara Comhdháil seo de chuid na Ceathrún Gaeltachta ag glacadh ionspioráide ó dhá eochair-cheiliúradh céad bliain a dhéanfaidh, i measc rudaí eile, an dara deichniúr seo den 21ú Aois a mhúnlú.


“In 2012 agus in 2016 déanfar ceiliúradh ar shíniú Chúnant Uladh agus ar Éirí Amach na Cásca. Tá an dá chomóradh seo fíte fuaite lena chéile agus ag croílár shaibhir agus coimpléasach stair agus féiniúlachtaí na hÉireann. Tugann na searmanais comórtha seo deis dúinn, le spás agus peirspictíocht, athchuairt a thabhairt ar an bhunbhrí agus ar an bhunfhuinneamh a bhí ann thiar sa lá, agus tugann siad deis dúinn ceisteanna cultúrtha agus féiniúlachta a chíorú agus a mheas agus a shníomh isteach i gcur chuige úr bunaithe ar chomhrath agus ar chómhaith an phobail. Ach ní haon amharc siar atá sa chomhdháíl seo, insíonn an scáthán dúinn cad atá taobh thiar dínn, ‘s’e an rud atá romhainn atá mar ábhar sa chomhdháil seo.”


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


English


Click here to download registration information for the conference


Click here to download all relevant conference material in PDF format


Click here to download registration form in Word format


The Destiny Decade Gaeltacht Quarter Conference will be held at Coláiste Feirste 7 Beechview Park Belfast BT12 7PY on Friday May 14th. Conference opening 9.15 am. The working language of the conference is English. Registration open from 8.30am until 9.00am.


The second Annual  Gaeltacht Quarter Conference wiil be held this Friday May 14th at Coláiste Feirste. The conference is sponsored and organised by Forbairt Feirste and The Gaeltacht Quarter Board With support from DSDNI.


Launching the conference  Mr Mistéil said:


“Becoming the best cultural Quarter in the world means retaining and expanding not just a profile but a portfolio of institutions, resources, services and technologies that can be labelled “best in class”.


“The Gaeltacht Quarter already has a “best of class” research hospital, a top rated University and one of the top performing mixed-ability post-primary schools in the city. Individually we know how high we are aiming, but we need to arrive at a collective expression of our ambition and strategies of delivery.


“The second annual Gaeltacht Quarter Conference takes as its theme and inspiration two key centenary celebrations which will characterise and help to define this, the second decade of the twenty-first, century in Ireland.


“2012 and 2016 mark the respective centenaries of the signing of the Ulster Covenant and the Easter Rising. Those commemorations are at the complex and rich core of Irish histories and identities. Such commemorations provide us with distance and perspective, but also a renewal of original energies, and they can be used to filter and channel questions of culture, identity and belonging into new arrangements for mutual prosperity and community well being: they enable recollection and re-collection.


But this is no look back: the mirror tells us what is behind, but what lies ahead is the goal of this conference


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil linn ar jake@forbairtfeirste.com


Ón Ghaillimh Aniar / Out of the West

Forbairt News No Comments

Malartú idiriartharach / Westsiders’ exchange

Rinne Forbairt Feirste cur i láthair do chuairteoirí ó Choláiste Phobal na Gaillimhe agus iad sa Cheathrú Ghaeltachta le déanaí.


Forbairt Feirste hosted a presentation for visitors Galway Community Collegeduring their recent visit to the Gaeltacht Quarter.


Gaeilge


Cuireadh fáilte agus fíche roimh dhaltaí óga ó Choláiste Phobal na Gaillimhe agus iad ar chuairt le linn na seachtaine seo caite chuig Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.


Labhair oifigeach Tionscadal Gnó le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh  leis na daltaí ag cur i láthair a d’eagraigh Forbairt i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich. S’é an príomhábhar a bhí faoi chaibidil aige ná cur chun cinn na Gaeilge i suíomh ceantair uirbigh atá faoi míbhuntáiste, agus an tsócmhainneacht ar féidir baint as an athbheochan chultúrtha chun pobail a chumhachtú.


Thagair Mac Ionrachtaigh go sonrach d’obair Forbairt Feirste le blianta beaga anuas agus ar thionscadail éagsúla cosúil le Gnó le Gaeilge, i dTreo na Fostaíochta agus forbairt Laochra Loch Lao CLG.


“Deis iontach a bhí againn nascanna a chruthú le daoine i gCathair na Gaillimhe, áit a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe sa réimse gnó agus poiblí ina ionspioráid dúinne abhus anseo.” a dúirt Feargal


English


A hearty fáilte was extended to students from Galway Community College as they visited West Belfast’s Gaeltacht Quarter last week.


Forbairt Feirste’s Irish Means Business Project Worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh spoke to the students during a presentation organised and hosted by Forbairt Feirste  in Culturlann MacAdam Ó Fiach. Chief among the topics covered in the presentation was the promotion of Irish in a deprived urban setting and the asset of language and culture in empowering communities.


Mac Ionrachtaigh made specific reference to the work of Forbairt Feirste over recent years and to various projects including Irish Means Business, Towards Employment and the development of Laochra Loch Lao GAA.


“This was a great opportunity to forge more links with people in Galway City, a place where the promotion of Irish, particularly in Business and the public realm is an inspiration to us in our work here,” said Feargal.


Oidhreacht ag Maigh Luan / Heritage at Malone

Forbairt News 3 Comments


Príomhoide Choláiste Maigh Luan Gerard Price, Jake MacSiacais, Feargal MacIonnrachtaigh agus Dáltaí an dá choláiste

Ar an Eolas / In the Know

Bhí scaifte maith bríomhar i láthair ag Coláiste Malone Dé hAoine 30/4/10 nuair a thug Stiúrthóir Forbairt Feirste caint ar Oidhreacht  Feirste do dháltaí ó Choláiste Mhaigh Luan agus ó Choláiste Feirste.
There was an energetic attendance at Malone Integrated College on Friday 30/4/10 when Forbairt Feirste Director, Jake MacSiacais gave a talk on Belfast Heritage to students from Malone College and Coláiste Feirste.

Gaeilge


Bhí lá maith ag a raibh i láthair ag Coláiste Iomlánaithe Mhaigh Luan i nDeisceart Bhéal Feirste, Dé hAoine 30/4/10 nuair a labhair Stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake MacSiacais le dáltaí ó Choláiste Mhaigh Luan agus ó Choláiste Feirste. Ba faoin scéim Oidhreacht Feirste, a thug an t-uas Mac Siacais a chaint. Bronnadh cóip de labhar nuafhoilsithe Oidhreacht Feirste ar gach duine a bhí páirteach sa lá.


Tá na dáltaí, a bhí i láthair Dé hAoine, páirteach i scéim phobal camógaíochta atá mar chomhthionscadal idir an dá choláiste. Is é lucht Chamógaíocht Chúchulainn Bhéal Feirste Tionscadal Chamógaíocht Scoileanna Sínte Choláiste Feirste agus Choláiste Maigh Luan ainm an chomhthionscadal seo.


For further information contact:  jake@forbairtfeirste.com


English


A good day was had by all at Malone Integrated College in South Belfast on Friday 30/4/10 when Forbairt Feirste Director, Jake MacSiacais addressed students from Malone College and Coláiste Feirste. Mr MacSiacais’ talk was held under the auspices of Forbairt Feirste’s Belfast Heritage scheme. A copy of Forbairt’s newly published booklet, Belfast Heritage, was also presented to all participants.


The students present on the day were all participants in the community Camogie scheme which is a joint initiative between Malone College and Coláiste Feirste. The joint project between the schools is named the Belfast Cúchulainn Camogs (Coláiste Feirste and Malone College Extended Schools Camogie Project)


© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS