Féachaigí Air Seo / Check it out

Forbairt News No Comments


Múrmháisithe úra lainseáilte / New murals launched

Gaeilge


Rinne Cailín Gaelach Laochra Loch Lao, Gráinne Holland dá mhúrmháisiú úra a lainseáil inniú, 22/6/10, ag Sráid na Dubhaise ar thairseach na Ceathrún Gaeltachta.


Tá na píosaí gleoite ealaíona, a rinneadh ag na ealaíontóirí áitiula, Dan Devenney agus Marty Lyons lonnaithe i lár sraith de mhúrmháisithe ag an Bhalla Idirnáisiúnta, mar a bheirtear air, ag bun Bhóthar na bhFál.


Rinneadh an lainseáil in am don séasúr tuarasóireachta a bheas faoi lánsheol ag deireadh na míosa seo.


Tá bunleagán an dáin ‘Lon Dubh Loch Lao’, dán ón 9ú Aois mar aon le leagán Béarla scríofa ar mhúmháisiú Forbairt Feirste, píosa ealaíon atá bunaithe air íomha Laochra Loch Lao CLG, Cumann Peile na Ceathrún Ghaeltachta.


S’iad Forbairt Feirste agus Laochra Loch Lao a rinne comhurraíocht ar an mhúrmháisiú galánta seo.


Bhí an dara múrmhaisiú a lainseáil san am céanna é ag fogairt deáscéal Raidió Fáilte, an raidió pobail Ghaeilge a craolann beo 24 uair in aghaidh an lae ó croílár na Ceathrún i gCultúrlann MacAdam/Ó Fiaich.


Leaganacha an dáin:


Int én bec


ro léic feit


do rinn guip


glanbuidi:


fo-ceird faíd


ós Loch Laíg,


lon do chraíb


charnbuidi.


Original, unknown author 9th century


An t-éan beag


a lig fead


de rinn ghoib


ghlanbhuí;


caitheann [sé] faí


os Loch Laoi


lon de chraobh


charnbhuí.


Translation to modern Irish Nollag Ó Muiríle (2007)


English


Belfast’s very own award winning Irish Coleen, Gráinne Holland from Laochra Loch Lao CLG, has today, 22/6/10, launched two new wall murals at Divis Street the gateway to West Belfast’s Gaeltacht Quarter.


The eye-catching pieces of artwork, executed by local mural artists Dan Devenney and Marty Lyons are located in a series of murals on what is known as the International Wall in Divis Street at the bottom of the Falls Road.


The official launched took place to coincide with the start of the annual tourist season which will get into full swing by the end of this month.


Written on Forbairt Feirste mural is the original version of the ninth century poem known as ‘The Blackbird of Belfast’, along with an English language translation of the same. The mural itself draws on the imagery of Laochra Loch Lao CLG, the Gaeltacht Quarter Gaelic football team.


Forbairt Feirste and Laochra Loch Lao jointly sponsored this beautiful mural full of traditional imagery and associations.


A second mural was simultaneously launched celebrating the role of local Irish Language community radio station Raidió Fáilte which broadcasts 24 hours per day live from Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich in the heart of the West Belfast Gaeltacht Quarter.


Versions of mural poem


the little bird
that whistled shrill
from the nib of
its yellow bill:


a note let go
o’er Belfast Lough -
a blackbird from
a yellow whin


Anonymous ninth century (Translated by Ciaran Carson)


Int én bec


ro léic feit


do rinn guip


glanbuidi:


fo-ceird faíd


ós Loch Laíg,


lon do chraíb


charnbuidi.


Original, unknown author 9th century


An t-éan beag


a lig fead


de rinn ghoib


ghlanbhuí;


caitheann [sé] faí


os Loch Laoi


lon de chraobh


charnbhuí.


Translation to modern Irish Nollag Ó Muiríle (2007)



An Cluiche Epiciúil! / The Epic Encounter!

Forbairt News No Comments

Laochra ag leath-ama in éadan na Dúnaibh

Comhghairdeas leis na Dúnaibh /  Congratulations to the Dúnaibh

Gaeilge


Rinne Foireann Peile na Ceathrún Ghaeltachta eácht bhrodúil eile do Bhéal Feirste agus iad ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2010. Ghlac 25 d’fhoirne sán iomlán páirt sa chomórtas i mBéal Átha Mhuirthead thar dheireadh na seachtaine 4ú go 7ú Meitheamh, le cumainn ó Chorcaigh, Ciarraí, Tir Chonaill, Gaillimh, Maigh Eo, Port Láige agus Londáin. Thug Laochra Loch Lao cath fíochmhar do na Dúnaibh as Tír Chonaill agus chaill siad sa deiread leis an bhearna is lú de chúilín amháin i ndiaidh am bréise. Thaisteal timpeall 50 tacadóir an 250 míle do Bhéal Atha Mhuirthead don chomórtas náisíunta bliantiúil.


Bhí scuad na Laochra neartaithe i mbliana le réalt Aontroma Pádraig Ó Cuinneagáin, a scoráil dhá chúl gleoite agus slam de phointí agus a chríochnaigh le héacht scorála pearsanta do 2-8. Bíodh is gur thosaigh na Laochra go fadalach, d’éirigh leo go fóill comhscór a bhaint amach ag leath-ama i gcead do chúl álainn ó chos Uí Chuinneagáin.


Thóg na Laochra caighdéan s’acu sa dara leath agus bhí siad i bhfad ní ba láidre. Chuir pointí ó Niall Mac an Lia, Feargal Mac Ionnrachtaigh, agus cúl spéisialta eile ó Ó Cuinneagáin chuir siad na Laochra ceithre pointí chun tosaigh agus gnáth-am thart, timpeall na hama céanna ar cuireadh fear lár pháirce na Dúnaibh, Shane Ó Gallchóir ón pháirc i ndiadh do dhá charta buí a fháil. Mar sin féin, sciob na Dúnaibh comhscór faoi  dheireadh, tar éis 7 mbomaite d’am bréise inár scoráil siad cúl agus pointe.


Chuaigh na Laochra dhá phionte chun tosaigh sá chéad trémhse d’am bréise le dhá pointe ó Mhac Ionnrachtaigh agus pointí ó Ó Cuinneagáin agus Ciarán Ó Coinn. Tharraing na Dúnaibh trí pointe ar ais tar éis daofa ionadaí dleathach a chuir ar an pháirc in áit an fear lár pháirce a cuireadh ón pháirc, rud nár fhág ach pointe amháin idir na foirne ag deireadh na chéad thréimhse, 2-13 chuig 2-12.


Mar sin fein, is iad na Dúnaibh a thosaigh an dara tréimhse d’am bréise ní ba láidre nuair a scoráil siad dhá chúilíní gleoite sular bhain siad cic píonóis, a scoráil siad, rud a chuir ceithre cuilín idir na foirne. Tharraing cúl mall ó Chiarán Ó Coinn an bearna idir na foirne ar ais chuig an chuid is lú ar 3-14 chuig 3-13 .


Rinne an reiteoir, a raibh drochlá san oifig aige, neámhaird ar scairt dhéanach ar chic phíonóis do na Laochra tar éis feall ar Ó Cuinneagáin. Thug sé cic saor amach seachas cic éirice no cic 45. Rinne na Dúnaibh ceiliúradh ar bhua iontach s’acu i ndiadh coimhlint epiciúil a chonaic 89 bomaite de pheil. Chur trachtaire Ráidio na Gaeltachta, Seán Bán Breathnach síos ar an chluiche mar chath epiciúil, agus an cluiche ab fhearr sa chomórtas le 20 bliain.


Dúirt Cathaoirelach na Laochra, Jake Mac Siacais:


‘”Tugann an comórtas seo Gaeil le chéile ó gach cearh den tír agus iad ag ceiliúradh le chéile. Téann muid in adharca a chéile ar an pháirc ach tá comradaíocht ann as an pháirc nach bhfuighfear aon áit eile. Ó thosaigh muid ag imirt sa chomórtas, thóg muid cairdeas buan le Gaeil ó neart Gaeltachtaí, ó Oileáin Arainn chuig an Rinn, Port Láirge.


‘Bhí paineál iontach againn do 27 imreoir agus bhí am ar doigh acu. labhrann siad uilig Gaeilge agus dúirt lucht eagraithe an chomortais arís agus arís eile gur thug muid dea-shampla d’fhoirne eile ón Ghaeltacht oifigiúil, áiteanna ina bhfuil an Ghaeilge labhartha lág, ina measc. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an lucht tacaíochta a thaisteal an bealach uilig go Mhaigh Eo. Chuaigh siad i bhfeidhm go mór ar dhaoine óna Ghaeltachtaí eile a fuair spreagadh as úsaid na Gaeilge s’acu ar feadh deireadh na seachtaine. beidh an comórtas i gCloch Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill ar an bhliain seo chugainn agus tá muid ag dúil go mór le bheith ionadaíocht ar Bhéal Feirste agus tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh ar pháirc na péile.”


Tuilleadh eolais feargal@forbairtfeirste.com


English


The Belfast Gaeltacht’s Irish language football team Laochra Loch Lao did their city and county proud last week 4th to 7th June in the annual Gaeltacht football competition 2010.  In total, 25 teams took part from Cork, Kerry, Donegal, Galway, Mayo, Meath, Waterford and London.


But the 50 supporters who travelled the 250 miles to Mayo’s Beal an Mhuirthead (Belmullet) for the Annual, national competition. The Laochra team were boosted by Antrim ace Paddy Cunningham, who scored two scorching goals and a hatful of points and finished with a personal tally of 2-8.


Laochra Loch Lao had a dramatic and heroic battle with Donegal’s An Dúnaibh (Downings) – losing by the narrowest margin after extra time.


Despite starting slowly in the first half, the Laochra still managed to come in level at half time thanks to a stunning goal from Paddy Cunningham. The laochra stepped it up in the second half and were by far the stronger team. Points from Niall Mac an Lia, Feargal Mac Ionnrachtaigh and another fantastic individual major from Cunningham put the Laochra four points up normal time while the Dúnaibh lost their midfielder, Shane Ó Gallchóir to two yellow cards.


But Na Dúnaibh scatched an unlikely draw when they scored a goal and a point late into a full seven minutes of injury time. The Laochra went two points up in the first period of extra time with two points from Mac Ionnrachtaigh and scores from Cunnigham and Ciarán Ó Coinn. The Dúnaibh pulled three points back having installed a legal replacement for their midfielder who had been sent off, leaving only a point between the teams at the end of the first period, 2-13 to 2-12.  However, the Dúnaibh started the second period of extra time very strongly with two fantastic points before winning a penalty which put them they scored putting four points between the teams.


A late goal from Laochra midfielder Ciarán Ó Coinn brought the score back to the minimum deficit at 3-14 to 3-13 with a two minutes remaining. A late shout a penalty after a foul on Paddy Cunningham was ignored by the referee who had a difficult day at the office. He rewarded a free out rather than a penalty or a 45 before finally blowing time on an epic encounter after 89 minutes of football. The Dunaibh celebrated a fantastic victory while the heartbroken Laochra team and their fans rued what might have been.


Radio presenter Seán Bán Breathnach described the game as an epic battle and the best in the competition for 20 years.


Laochra chairman Jake Mac Siacais said:


“Since we’ve started playing here we’ve made long-lasting friendships with Gaels from many Gaeltachtaí, from the Aran Islands to the Rinn in Waterford.”


Jake added: “We had a great panel of 27 players and they had a fantastic time. All of them speak Irish and it was remarked upon many times by the organisers that they set a great example for other teams who may come from areas of the official Gaeltacht where Irish is not so strong.
“And I’d like to thank the large number of supporters who travelled all this way. Many people from the other Gaeltachtaí were impressed and even inspired by their use of Irish the whole weekend. Next year the competition takes place in Cloch Cheann Fhaola in the Donegal Gealtacht and we’re already looking forward to representing Belfast there – and to making more progress on the football field.”


“This competition is really about the Irish speakers around the country celebrating together. We go head-to-head on the field but there’s a camaraderie off the field that you don’t find anywhere else.


Further information feargal@forbairtfeirste.com



Ar imeall na gCnoc / In the Hills’ shadow

Forbairt News No Comments

Derek Whitcroft, Jake Mac Siacais agus páistí Springhill Primary



Oidhreacht Bhaile Uí Mháirtín / Ballygomartin Heritage

Gaeilge


Rinne stiúrthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais, cur i láthair ar logainmneacha agus oidhreacht Cheantar Pharóiste Sibhialta na Seanchille inné 9/6/10 i ‘Springhill Primary’. Reáchtáladh an chaint mar chuid de scéim Oidhreachtaí Cruthaitheacha i gcomhpháírt le hIontaobhas Bharr a’ Chluanaí.


Bhí an léacht ar théama logainmneacha agus oidhreachta á ndéanamh ag Jake  mar chuid de Thionscadal Nansen, scéim leanúnach de chuid Forbairt Feirste.


Rinneadh an cur i láthair  i ‘Springhill Primary School’ i mBaile Uí Mháirtín faoi scáth na Dubhaise agus bhí roinnt scoláirí ó rang a sé agus rang a seacht ón scoil féin,  i láthair mar aon le trí mhúinteoir faoi stiúir an Uas. Derek Whitcroft.


Ag labhairt dó tar éis na cainte, dúirt Mac Siacais:


” Is iontach an méid suime agus a bhíos i gcónaí ag daoine óga agus fosta ag daoine fásta i gcúrsaí oidhreachta áitiúla. Bhí am ar dóigh agam leis na páistí galánta, múinte, fiosracha seo ar chúis bróid dá scoil agus dá phobal iad agus a chur beocht leis an chaint i séisiúin na gceisteanna. Ba mhaith liom buíochas mór a ghabháil le húdaráis na scoile as ucht an chuireadh bheith i láthair agus ach go speisíalta le Derek Whitcroft a rinne stiúir, éifeachtach ar an chur i láthair agus leis na daltaí ár réalta an uile dhuine acu.”


English


Forbairt Feirste Director delivers talks on placenames

Forbairt Feirste director, Jake Mac Siacais, gave a presentation on the theme of heritage and placenames of the Civil Parish of Shankill yesterday 9/6/10. The talk was held in Springhill Primary School in Ballygomartin as part of the Creative Legacies scheme in partnership with theUpper Springfield Development Trust.


The talk was conducted by Jake on the theme of placenames and heritage and formed part of Forbairt Feirste’s ongoing scheme, The Nansen Project.


The talk took place in Springhill Primary School in the shadow of Divis and Black Mountain and some of the school’s primary six and seven classes attended, along with three teachers under the guidance of teacher Mr Derek Whitcroft.


Speaking after the event Mac Siacais said:


” The level of interest from young and indeed not so young people in local heritage is always amazing. I had a wonderful time with these lovely, well-mannered, inquisitive pupils, who are a credit to their school and their community and who enlivened the event especially at the questuion and answer section. I would like to thank the school authorities for inviting me in and I would especially like to thank Derek Whitcroft who did an excellent job in facilitating the event. I would also like to the children who were stars, each and everyone of them.”



Ceacht do Mhúinteoirí Úra / Lesson for New teachers

Forbairt News No Comments

Feargal Mac Ionnrachtaigh le Múinteoirí úra Choláiste Mhuire

Caint Athbheochana tugtha do mhúinteoirí nuacháilithe Choláiste Mhuire / Talk on Irish revival for newly qualified St Mary’s College teachers

Gaeilge


Thug Oifigeach Tionscadail, Gnó le Gaeilge, Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh léacht inniú 9/6/10 ar athbheochan na Gaeilge do mhúinteoirí nuacháilithe ó Cholaiste Ollscoile Mhuire  agus iad ag ullmhú don bhronnadh céime mar mhúinteoirí úra in earnáil an Ghaeloideachais. Bhí 25 mac léinn i láthair ón chúrsa TICO agus teastais iarbhunscolaíochta.


Ag caint di ar an léacht, dúirt comhordaitheoir an chúrsa teagaisc iarbhunscolaíochta, Jill Garland:


“Tá muid iontach buíoch d’Fheargal agus do Forbairt Feirste as an léacht seo a thabhairt do mhic léinn nuacháilithe s’againn. Tuigtear dúinn go bhfuil sé ríthábhachtach go dtuigeann na múinteoirí úra in earnáil na Gaelscolaíochta an comhthéacs stairiúil agus díograise atá le hathbheochan na Gaeilge sula dtéann siad amach i mbun teagaisc. Chuaigh an chaint i bhfeidhm orthu agus thaitin sé go mór leo.”


Ag cur leis an mhéid seo, dúirt Mac Ionnrachtaigh:


“Tá muid iontach sásta agus toilteanach bheith ag obair agus ag tacú le Coláiste Mhuire, atá lonnaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta. Tréaslaíonn muid le lucht stiúrtha an chúrsa agus gabhann muid comhghairdeas ó chroí leis na múinteoirí nuacháilithe  a bheas ag ceiliúradh bronnadh céime s’acu amárach 10/6/10. Is cuid lárnach iad don athbheochan teanga seo againne agus beidh ról ceannródaíoch acu amach anseo agus muid ag tógáil scoilphobail láidir fud fad an tuaiscirt.”


Le tuilleadh eolais a fháil ar sheirbhísí feasachta Forbairt Feirste,  déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste’s Irish Means Business, Project Worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh gave a lecture today 9/6/10 on the Irish language revival to newly qualified teachers in St Mary’s University College as they prepare for their graduation as teachers in the Irish Medium Sector. Around 25 pupils were in attendance from the PGCE course and the secondary school teaching qualification.


Speaking about the lecture, Post-Primary course co-ordinator, Jill Garland, stated:


” We are very grateful to Feargal and to Forbairt Feirste for giving this lecture to our newly-qualified students. We believe that its very important to provide new teachers with the historical context of Irish language activism in our revival before they begin their teaching careers. The lecture had this effect and they greatly enjoyed it.”


Adding to this, Mac Ionnrachtaigh stated:


“We are very happy and willing to work with St Mary’s University College, that is situated in the heart of the Gaeltacht Quarter. We commend the course co-ordinators and would like to give heartfelt congratulations to the newly qualified teachers who will be celebrating their graduation tomorrow on 10/6/10. They are a central part of our Irish language revival and they will play a pioneering role in the future in developing strong school communities throughout the North.”


For further information on Forbairt Feirste services, contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Gradam Ghráinne / Gráinne’s Award

Forbairt News No Comments


Gráinne Holland Laochra Loch Lao CLG Cailín Gaelach 2010

Gradam Náisiúnta Gaeltachta bainte ag na Feirstigh – Arís  / Belfast scoops National Gaeltacht Award – Again

Gaeilge


Tá gradam ‘An Cailín Gaelach’ de chuid Chomórtas Peile na Gaeltachta bainte don dara bliain as a chéile ag Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.


Bronnadh an Gradam ar Ghráinne Holland, ar ceoltóir í leis an bhuíon cheoil Casadh, Oíche Dhomhnaigh 6ú Meitheamh in Óstán Broadhaven Béal a’ Mhuirthead, Chondae Mhaigh Eo.


Onóir mhór a bhí ann do Chathair Bhéal Feirste an duais a thabhairt leo don dara bliain as a chéile. Arna bhronnadh an ghradaim ar Ghráinne rinne Seán Bán Breathnach ó Raidió na Gaeltachta tagairt don tiomántas a bhí ag muintir Bhéal Feirste agus ag Laochra Loch Lao CLG don Ghaeilge agus ghuigh sé gach rath ar Laochra Loch Lao ar an pháirc imeartha sa todhchaí. Dúirt Seán Bán nar mhiste leis féin an Comórtas a fheiceáil i mBéal Feirste Cois Cuain amach anseo.


Bhí Laochra Loch Lao páirteach i gComórtas Peile na Gaeltachta i mBéal a’ Mhuirthead ón 5ú go dtí an 7ú Meitheamh. ”Is é seo an ceathrú bliain a ghlac na Laochra páirt sa chomórtas agus i mbliana bhí mí-ádh orthu nuair a chaill siad amach, tar éis am breise, do Na Dúnaibh CLG Tír Chonáill nach raibh ach an farasbarr is lú d’aon chúilín acu.


Ag labhairt dó tar éis an chomórtais dúirt Jake Mac Siacais, cathaoirleach Laochra Loch Lao:


” Ba mhaith liom ar dtús ár mbuíochas a ghabháil le lucht eagraithe an Chomórtais do 2010 Béal a’ Mhuirthead CLG. Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le Gráinne, a raibh an gradam seo tuillte go maith aici. Bhí sí ina hambasadóir iontach do Bhéal Feirste agus d’Aontroim. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhí bainteach leis an fhoireann mar gheall ar an iarracht eipiciúil a rinne siad agus faoi dheireadh ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil leis Na Dúnaibh CLG ar bhua iontach. Maith sibh go léir.”


English


The coveted Comórtas Peile na Gaeltachta ‘Cailín Gaelach’ award has been scooped by Belfast’s Gaeltacht Quarter for the second year running.


The award was presented to Gráinne Holland, a musician with the traditional group Casadh, on Sunday evening June 6th in the Broadhaven Hotel in Belmullet Co Mayo.


It is a huge honour for Belfast to have scooped the prestigious award for the second year running. Making the presentation, Raidió na Gaeltacht’s Seán Bán Breathnach made special mention of Belfast and Laochra Loch Lao CLG’s determined promotion of the Irish Language and wished Loachra Loch Lao future success on the field of play. Seán Bán said that he personally would be delighted to see the competition being hosted in Belfast in the coming years.


Laochra Loch Lao CLG were participants in Comórtas Peile na Gaeltachta in Belmullet, County Mayo, from June 5th until June 7th. This is the fourth year in which the Gaeltacht Quarter team has participated in the competition and on this occasion they were unlucky to lose out to Na Dúnaibh CLG after extra time with the narrowest margin of a single point.


Speaking after the competition Laochra Loch Lao chair Jake Mac Siacais said:


” Firstly I want to give thank the organisers of this year’s competion Béal a’ Mhuirthead CLG. I want to congratulate Gráinne who was a very worthy recipient of this recognition and who was a great ambassador for Belfast and Antrim. I want to thank all those associated with the team for a huge, indeed epic effort, and finally I want to congratulate Na Dúnaibh on a great win. Well done to all.”


ENDS


An t-eispéireas Bascach / The Basque Experience

Forbairt News No Comments

Eocharthreoir ar athshealbhú Teangan agus Féiniúlachta  / Keys to language and identity recovery

Gaeilge


Tá leabhar úr: “Euskararen berreskuratzea. Hizkuntzak biziberritzeko gako batzuk” “Eispéireas Bascach roinnt eochairthreoir in athshealbhú Teangan agus Féiniúlachta” i ndiaidh a bheith seolta chugainn ó chairde Bascacha atá ag cur futhú in Éirinn agus don duine ar suim leo eolas a bhailiú ar cheachtanna in athbheochan Teangan agus athshealbhú féiniúlachta ba chóir suntas a thabhairt don fhoilseachán thábhachtach seo.


Foilsíodh an leabhar ar an mhí seo caite (Mí Bealtaine 2010) i gCúige Gipuzkoa in Euskal Herria agus is iad Garabide Elkartea, Cumann Pobail Neamhrialtasach i dTír na mBascach a chuir an leabhar i gceann a chéile agus atá anois á chur ar fáil i bhfoirm dhigiteach Béarla saor in aisce.


Is í Lore Agirrezabal Pertusa an comhordaitheoir a bhí ar an saothar seo agus b’iad Jon Sarasua, Urko Kolomo, Amaia Antero, Iñigo Iñurrategi, Andoni Mujika, Jose Anjel Aldai, Julen Arexolaleiba, Joseba Intxausti, Dionisio Amundarain, Xamar, Lore Erriondo, Joxerra Gartzia, Edurne Alegria, Maite Jaio, a rinne comhoibriú léi ar an saothar.


Le cóip a íoslódáil cliceáil ar an nasc thíos


Eispéireas Bascach Eocharthreoir ar athshealbhú Teangan agus Féiniúlachta


Tuilleadh eolais nó le heolas breise a fháil faoin dlúthdhiosca a théann leis an leabhar: déan teagmháil le  info@garabide.org nó téigh i dteagmháil le: Garabide Elkartea, Jose Arana, 13. 20540 Eskoriatza. Gipuzkoa. Teil: 943250397.


English


A new book: “Euskararen berreskuratzea. Hizkuntzak biziberritzeko gako batzuk” “The Basque Experience: some keys to Language and Identity Recovery.” has just been sent to us by some Basque comrades living in Ireland and for anyone interested in gathering information on lessons in language and identity recovery this is a must read publication.


The book was published last month ( May 2010) in the Basque province of Gipuzkoa and the publishers are Garabide Elkartea, a Basque nongovernmental organisation which compiled the publication and which The Basque Experience is making it available in free digital form in English translation.


Lore Agirrezabal Pertusa was the coordinator of the publication and Jon Sarasua, Urko Kolomo, Amaia Antero, Iñigo Iñurrategi, Andoni Mujika, Jose Anjel Aldai, Julen Arexolaleiba, Joseba Intxausti, Dionisio Amundarain, Xamar, Lore Erriondo, Joxerra Gartzia, Edurne Alegria, Maite Jaio, were collaborators in the work.


To download a copy click the link below


The Basque Experience some keys to Language and identity recovery


For further information or to make enquiries about the book’s accompanying CD contact:  info@garabide.org or contact Garabide Elkartea, Jose Arana, 13. 20540 Eskoriatza. Gipuzkoa. Tel: 943250397.


This digital copy may be reposted but is made available here under the following conditions:
Attribution: You must attribute the work in the manner specified by the author or licensor (but not in any way that suggests that they endorse you or your use of the work).
Noncommercial: You may not use this work for commercial purposes.
Share Alike: If you alter, transform, or build upon this work, you may distribute the resulting work only under the same or similar license to this one.


Beannacht an Mhéara leis na Laochra / Mayoral Blessing For Laochra

Forbairt News No Comments


Laochra Loch Lao Buaiteoirí Corn Uí Cheallaigh

“Ádh Mór” a Laochra a deir Ard-Mhéara Naomi Long / Good luck Laochra says Mayor Naomi Long

Gaeilge


I gceann de na litreacha deireannacha a scríobh sí mar Ard-Mhéara Bhéal Feirste ar an 27/5/10, thug Naomi Long, an feisire nua tofa d’Oirthear Bhéal Feirste, a beannacht do Laochra Loch Lao Clg agus iad ag ullmhú do dhúshlán Chomórtas Peile na Gaeltachta.


” Ádh Mór oraibh,” a dúirt an tArdmhéara Long agus í ag guí rath ar na laochra agus iad ag dul go Maigh Eo mar ionadaithe Bhéal Feirste agus ionadaithe Chondae Aontroma.”


” Tá muid thar a bheith buíoch don Ard Mhéara Long as an aitheantas seo agus tá súil againn go n-éireoidh comh geal céanna léi féin ina ról úr agus a d’éirigh léi agus í ina hArd-Mhéara ar an Chathair seo s’againne,” a dúirt Rúnaí Laochra Loch Lao Feargal Mac Ionnrachtaigh.


Bunaíodh Laochra Loch Lao CLG sa bhliain 2006 mar thógra de chuid Forbairt Feirste, agus tá siad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó bhí 2007 i leith. Cláraíodh na Laochra mar chumann oifigiúil de chuid Chontae Aontroma agus is mar ionadaithe an chontae agus Ghaelphobal Feirste féin a ghlacann siad páirt sa chomórtas.


I mbliana, beidh an comórtas i mBéal a’ Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo idir 4ú agus 7ú Meitheamh 2010. Tá maoiniú flaithiúil faighte ag an chumann ó Iontaobhas Ultach chun bus tacaíochta a chur ar fáil ag imeacht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar a 4 a chlog ar an Aoine, 4ú Meitheamh agus ag pilleadh oíche  Dé Domhnaigh 6ú Meitheamh.


Dar le Rúnaí Laochra Loch Lao CLG, Feargal Mac Ionnrachtaigh:


‘Tá muid thar a bheith buíoch d’Iontaobhas Ultach an deis a thabhairt do Ghaeil Bhéal Feirste an comórtas iontach seo a bhlaiseadh i mbliana i Maigh Eo. Deireadh seachtaine den chéad scoth a bheidh ann lán le peil, ceol agus craic leis na mílte Gael ó fud fad na tíre agus na n-oileán máguaird. Ócáid stairiúil a bheas ann do Ghaelphobal Feirste agus beidh BBC i láthair agus iad ag déanamh dhá chlár teilifíse leathuair a chloig bunaithe ar na Laochra.”


‘Ba mhór againn lucht tacaíochta callánach agus bríomhar bheith linn i Co. Mhaigh Eo chun muid a spreagadh ar an pháirc peile!


Le tuilleadh eolais a fháil ar Laochra Loch Lao CLG, déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com


English


Outgoing Mayor of the City of Belfast and newly elected MP for East Belfast, Naomi Long has in one of her last letters  as Lord Mayor, dated 27/5/10, given her blessing to Laochra Loch Lao CLG as they prepare for the challenge of the Gaeltacht Football Competition in County Mayo this weekend.


“Ádh Mór Oraibh / Best of Luck to you,” wrote Lord Mayor Long in her letter as she wished Laochra Loch Lao: “every success in representing not only the city of Belfast but also the county of Antrim.”


Laochra Loch Lao secretary Feargal Mac Ionnrachtaigh said:


“We are indebted to Mayor Naomi Long for her good wishes and support and hope that she has as much success in her new role as she had in her time as Mayor of this city of ours.”


Formed in 2006 as a Forbairt Feirste project, Laochra Loch Lao have been taking part in the National Gaeltacht competition since 2007. They were registered as an official club with the Antrim County Board and it is as county representatives and representatives of  Belfast’s Irish Language speaking community that they take part in the competition.


This year’s competition will be held in Belmullet, Co Mayo between 4th and 7th June 2010. The club has received generous funding  from the Ultach Trust  to provide a free supporters bus that will leave from Cultúrlann McAdam Ó Fiaich around 4 o clock on Friday, 4th June and return on Sunday 6th June.


According to Laochra Loch Lao CLG secretary, Feargal Mac Ionnrachtaigh:


“We are very grateful to the Ultach Trust for giving Belfast Gaels the opportunity to attend this fantastic competition in Mayo. It is an amazing weekend filled with Football, Music and Craic with thousands of Gaels from thoughout the country and its nearby islands. This is an historic occasion for Belfast’s Irish speaking community and BBC will be in attendance in making two half-hour documentaries based on the Laochra. We would greatly appreciate a loud and lively following in Mayo to inspire us on the Football field.”


For further information on Laochra Loch Lao CLG, contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Comharthaí úra sa Cheathrú! / New Signs in the Quarter!

Forbairt News No Comments

Seán Duffy agus Gerard Carlyle ó Bhialann Fáilte le Feargal Mac Ionnrachtaigh

Gnó agus Gaeilge faoi bhláth / Irish Language and Business in bloom

Gaeilge


D’fháiltigh an tOifigeach Tionscadail Gnó le Gaeilge le Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh roimh bhorradh eile faoin Cheathrú Ghaeltachta inniú 3/6/10  nuair a fuair Bialann Fáilte a litir tairisceana faoi scéim chomharthaíochta de chuid Fhoras na Gaeilge le haghaidh maoinithe i dtreo comharthaí Gaeilge.


Ag ceiliúradh na litreach, dúirt comhúinéir na bialainne, Seán Duffy:


“Shíl muidne go raibh sé  ríthábhachtach gur thacaigh Bialann Fáilte le cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe agus muid lonnaithe i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta. Rinne muid teagmháil le Forbairt Feirste, eagraíocht forbartha Gaeilge ar Bhóthar na bhFál, a dúirt linn gur atosaigh an scéim Gnó le Gaeilge a thugann tacaíocht maoinithe le haghaidh comharthaíochta agus stáiseanóireachta Gaeilge do ghnóthaí.


” Caithfear fáilte a chur roimh a leithéid seo de scéimeanna praiticiúla a thugann fíorthacaíochta do ghnónna beaga sa cheantar seo.”


“Tá borramh nach beag faoin Ghaeilge le tamall de bhlianta maidir le comharthaíocht agus seirbhísí agus seo céim eile i dtreo an fheabhais sin a bhuíochas do scéim Fhoras na Gaeilge agus obair s’againne féin ar an talamh,” a dúirt Mac Ionnrachtaigh.


Tuilleadh eolais feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste, Irish Means Business project worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh has welcomed yet another advance in the development of West Belfast’s Gaeltacht Quarter with the receipt today 3/6/10 of  Fáilte Restaurant’s  letter of offer from Foras na Gaeilge under the Irish In Business scheme which part funds bilingual signage and stationery for local businesses.


Restaurant part owner Seán Duffy said:


“We felt is was very important that Fáilte Restaurant promoted the Irish language, particularly given our location in the flourishing Gaeltacht Quarter here in West Belfast.


“We contacted Forbairt Feirste, the Irish language promotion organisation based here on the Falls Road, who told us of the recommencement of the Irish for Businesses project which provides assistance towards Irish language signage and Irish language stationery for businesses.


“Practical initiatives like the Gnó project, which deliver real assistance to new and developing businesses, are to be welcomed in this area.”


“Irish in Business has had renewed impetus in recent years with signage and services increasing and this is another step in the direction of the continuing improvement thanks to Foras na Gaeilge’s Gnó Le Gaeilge scheme and to our work on the ground,” said Mac Ionnrachtaigh.


Further information feargal@forbairtfeirste.com


Sonóg na Laochra / Laochra Mascot

Forbairt News No Comments


Conor Breen ó New Jersey ag imirt lacrosse

Dea-ghuí Ghaeil Mheiriceá ag na Laochra/ American Gaels’ best wishes for Laochra

Gaeilge


Tá sonóg ó New Jersey Stáit Aontaithe Mheiriceá chun foireann peile na Ceathrún Gaeltachta, Laochra Loch Lao CLG, a thabhairt amach chun páirce i mBéal a’ Mhuirthead Mhaigh Eo Dé Sathairn seo 5/6/10.


Is í an tsonóg atá roghnaithe ag na Laochra do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2010 ná Conor Breen, garmhac le Mary Clifford, a d’éag le deireanas agus ar bunaíodh an Charthanacht Ghaeilge Féirín Mháire ina hómós.


Beidh Conor atá deich mbliana d’aois agus ar imreoir Lacrosse é, ag teacht go hÉirinn in éineacht lena athar, an tAturnae Meiriceánach agus bunaitheoir Féirín Mháire, Mike Breen. Beidh siad beirt ag teacht go Maigh Eo ag deireadh na seachtaine seo i dteannta na sluaite Feirsteacha chun tacaíocht a thabhairt do Laochra Loch Lao CLG agus iad ag dul i mbun iomaíochta sa chomórtas Náisiúnta Peile seo a thugann Gaeil ó gach cearn den tír le chéile.


Bunaíodh Laochra Loch Lao CLG sa bhliain 2006 mar thógra de chuid Forbairt Feirste, agus tá siad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó bhí 2007 i leith. Cláraíodh na Laochra mar chumann oifigiúil de chuid Chontae Aontroma agus is mar ionadaithe an chontae agus Gaelphobal Feirste féin a ghlacann siad páirt sa chomórtas.


I mbliana, beidh an comórtas i mBéal a’ Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo idir 4ú agus 7ú Meitheamh 2010. Tá maoiniú flaithiúil faighte ag an chumann ó Iontaobhas Ultach chun bus tacaíochta a chur ar fáil ag imeacht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar a 4 a chlog ar an Aoine, 4ú Meitheamh agus ag pilleadh oíche Dhomhnaigh 6ú Meitheamh.


Dar le Rúnaí Laochra Loch Lao CLG, Feargal Mac Ionnrachtaigh:


‘Tá muid thar a bheith buíoch d’Iontaobhas Ultach an deis a thabhairt do Ghaeil Bhéal Feirste an comórtas iontach seo a bhlaiseadh i mbliana i Maigh Eo. Deireadh seachtaine den chéad scoth a bheidh ann lán le peil, ceol agus craic leis na mílte Gael ó fud fad na tíre agus na n-oileán máguaird. Ócáid stairiúil a bheas ann do Ghaelphobal Feirste agus beidh BBC i láthair agus iad ag déanamh dhá chlár teilifíse leathuair a chloig bunaithe ar na Laochra.”


‘Ba mhór againn lucht tacaíochta callánach agus bríomhar bheith linn i Co. Mhaigh Eo chun muid a spreagadh ar an pháirc peile!


Le tuilleadh eolais a fháil ar Laochra Loch Lao CLG, déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com


English


A mascot all the way from New Jersey in the USA, will lead the Gaeltacht Quarter team, Laochra Loch Lao CLG, onto the playing field in Belmullet, Mayo this Saturday 5/6/10.


The Mascot chosen by the Laochra for Comórtas Peile na Gaeltachta 2010 is ten-year-old Conor Breen a grandson of Mary Clifford who died recently and in whose honour the Irish Language Charity Mary’s Gift has been established.


Ten-year-old Conor,  a keen Lacrosse player, will be travelling to Ireland in the company of his father Mike Breen the American Attorney and founder of Mary’s Gift. Both will head to Mayo in the company of Belfast Gaels to lend support to the Laochra this weekend as they compete in this National Football competition which brings Irish speakers from every corner of Ireland together.


Formed in 2006 as a Forbairt Feirste project, Laochra Loch Lao have been taking part in the National Gaeltacht competition since 2007. They were registered as an official club with the Antrim County Board and it is as county representatives and representatives of  Belfast’s Irish Language speaking community that they take part in the competition.


This year’s competition will be held in Belmullet, Co Mayo between 4th and 7th June 2010. The club has received generous funding  from the Ultach Trust  to provide a free supporters bus that will leave from Cultúrlann McAdam Ó Fiaich around 4 o clock on Friday, 4th June and return on Sunday 6th June.


According to Laochra Loch Lao CLG secretary, Feargal Mac Ionnrachtaigh:


“We are very grateful to the Ultach Trust for giving Belfast Gaels the opportunity to attend this fantastic competition in Mayo. It is an amazing weekend filled with Football, Music and Craic with thousands of Gaels from thoughout the country and its nearby islands. This is an historic occasion for Belfast’s Irish speaking community and BBC will be in attendance in making two half-hour documentaries based on the Laochra. We would greatly appreciate a loud and lively following in Mayo to inspire us on the Football field.”


For further information on Laochra Loch Lao CLG, contact:  feargal@forbairtfeirste.com


Cuairt Chun Ceathrún / Visiting the Quarter

Forbairt News No Comments


Feargal Mac Ionnrachtaigh, Joyce Gibson Cumann Leath Chathail agus Annie Magdziarz, Chicago

Séidín ó Chathair na Gaoithe/ A Breeze from the Windy City

Gaeilge


Cá bhfios cad é a thiocfas isteach leis an ghaoth ach ba dheas an séidín a thug beirt bhan galánta ar cuairt chun na Ceathrún Gaeltachta ar maidin, 1/6/10, mar aíonna de chuid Forbairt Feirste.


Is as Leath Chathail, i gCondae an Dúin do Joyce Gibson, áit a n-oibríonn sí mar Oifigeach Forbartha leis an Chumann Ghaelach áitiúil agus is as Chicago Mheiriceá dá compánach, Annie Magdziarz, bean atá ag stopadh abhus anseo mar chuid den chlár ollscoile na “hAmbasadóirí Óga”.


Chaith an bheirt an mhaidin ag tabhairt cuairte ar fhiontraithe Gaeilge éagsúla agus ag déanamh agallaimh ar chlár Raidió Forbairt Feirste ar an stáisiún áitiúil Gaeilge Raidió Fáilte.


“Bhí sé go hiontach an Ghaeilge a fheiceáil in úsáid ar shráidainmneacha agus ar ghnónna agus í a bheith á labhairt go nádúrtha ag pobal na háite,” a dúirt Annie, dalta ag Ollscoil Naomh Eoin i Chicago, áit a bhfuil sí ag dul do Léann Éireannach.


Le tuilleadh eolais, déan teagmháil le:  feargal@forbairtfeirste.com


English


One never knows what will blow in with the wind but it was a lovely breeze which bore two beautiful women to the Gaeltacht Quarter this morning, 1/6/10, as guests of Forbairt Feirste.


Joyce Gibson is from the Lecale district of South Down, where she works as development officer with the Local Irish Language Society and her companion Chicago native Annie Magdziarz is staying locally as part of the University programme ‘The Young Ambassadors”.


Both spent the morning visiting various Irish Language enterprises and took part in a radio interview on Forbairt Feirste’s fortnightly broadcast on local Irish Language radio station Raidió Fáilte.


“It was wonderful to see Irish in use on street signs and on the businesses and to hear it spoken naturally by local people,” said Annie, a student at St John’s University in Chicago where she is undertaking Irish Studies.


For further information  contact:  feargal@forbairtfeirste.com


© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS