Gaeilge agus Fáilte / Irish Welcome

Forbairt News No Comments

Seán Devlin le daltaí Coláiste Feirste, Emma Ní Fhearáin, Danny Boy Ó Conchuir, Lauren Nic Cáilín agus Ciara Ní Dhonnchadh

Comharthaíocht úr sa Cheathrú Ghaeltachta / New Signage in the Gaeltacht Quarter


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste ag tús cadhanaíochta arís le comharthaíocht Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta. Fríd scéim nualaíoch ’Athnuachán na Mórbhealaí’ le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, d’éirigh leis an aisíneacht teanga seirbhís aistriúcháin a chuir ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar nós Siopa Caife Macy’s ar Bhóthar na bhFál.


Dúirt úinéir an ghnó, Seán Devlin: “Tá muid iontach sásta comharthaíocht agus staisinéireacht dhátheangach a chuir ar fáil do phobal na Ceathrún Gaeltachta agus don mhórphobal i gcoitinne. Tá daltaí Choláiste Feirste i measc custaimeáraí laethúla againn agus bhí  an-rachairt ar sheirbhís i nGaeilge. Tuigimid tábhacht na teangan mar uirlis ghnó agus thosaigh muid ag foghlaim Gaeilge tríd an céirnín iontach a chuir Forbairt Feirste ar fáil, ‘Blás ar an Bheágán’ agus tá mé féin agus mo fhoireann ag foghlaim linn.”.


Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ar bís le bheith ag cur chun cinn na Gaeilge i measc gnóthaí atá ag obair ar an talamh. Lena chois sin, tá muid sásta a fhogairt gur oscail scéim ‘Gnó agus Gaeilge’ de chuid Foras na Gaeilge arís. Scéim é seo a thugann deis do ghnóthaí beaga agus meánmhéideacha maoiniú meáitseála 50/50 a fháil do chomharthaí seachtracha agus staisinéireacht dhá theangach. Déanann Forbairt Feirste  iarratais ó ghrúpaí agus ó ghnóthaí, ar suim leo an scéim, a eascú chomh maith le seirbhís aistriúcháin saor in aisce a chur ar fáíl mar chuid don phróiseas. Oibríonn an scéim seo ar bhonn éilimh don té is tuisce i dteagmháil agus le d’áit ar an scéim a chinntiú, b’eigeán dul i dteagmháil le feargal@forbairtfeirste.com nó scairt a chur ar 02890 438597 07841101630.”‘


Le tuilleadh eolais ar Chomharthaíocht Ghaeilge, déan teagmháil linn ar feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste is leading the way again with Irish language signage in the Gaeltacht Quarter. Through the innovative Belfast City Council  ’Renewing the Routes Scheme’, the Irish language development Agency provides a top class translation service for local businesses such as Macy’s Coffee shop on the Falls Road.


Shop owner Seán Devlin said: “We are very happy to provide bilingual signage and stationary to the Gaeltacht Quarter community and the wider community.  Coláiste Feirste pupils are among our best customers on a daily basis and there was clearly a big demand for such a service. We understand the importance of the language as a tool for business promotion and we have begun learning Irish through the fantastic ‘Blás ar an Bheagán’ CD provided by Forbairt Feirste. the staff and myself are learning day by day.”.


Forbairt Feirste Project Worker Feargal Mac Ionnrachtaigh stated:  “We are delighted to facilitate language promotion amongst businesses working on the ground. We are also delighted to announce that Foras na Gaeilge’s national ‘Irish means business’ scheme has just reopened again which allows small and medium sized businesses and community groups to get 50/50 match funding aid with external signage and stationary. We facilitate businesses and groups interested in appling for this scheme and provide free translation services in the process. This scheme works on a first come, first served basis and anyone looking to avail of it, should contact  feargal@forbairtfeirste.com or call us on 02890 438597 or on 07841101630.”


For further information on Irish signage, contact us on  feargal@forbairtfeirste.com



Ón Luaith aníos / Out of the Ashes

Forbairt News No Comments


Leabhrán Atógáil Sráid Bombay ar líne / Bombay Street Book online


Gaeilge


Anuraidh rinne Forbairt Feirste Leabhrán ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in atógáíl Sráid Bombay’,  a fhoilsiú agus a sheoladh. Bhí an Leabhran bunaithe ar ról Ghaeil Feirste in atógáil Sráid Bombay. Cuireadh an leabhrán i gcló mar chuid de chuimhniúchán 40 bliain ar na húafáis uilig a tharla i mBéal Feirste i Mí Lúnasa 1969.


Bhí rachairt iontach mór ar an leabhrán agus d’imigh a raibh de chóipeanna go scioptha. Tá pleánanna idir lámha ag Forbairt chun athfhoilsiú a dhéanamh ar an Leabhrán, i bhfoirm leabhar le clúdach crua, ach de thairbhe an oiread sin daoine a bheith ag iarraidh cóip tá sé curtha ar líne againn ar an suíomh seo.


Le cóip a íoslódáil brú an nasc seo ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay


English


Last year Forbairt Feirste published the booklet  ‘From Ashes to Aisling Belfast Gaels and the Rebuilding of Bombay Street’. The booklet, based on the role of the Belfast Irish speaking community in the rebuilding of Bombay Street, was published to mark the remembrance of the  terrible events of August 1969.


The booklet proved so popular that all copies were snapped up within days. Forbairt Feirste is currently planning to republish the booklet in hard book version, but in light of the continuing high level of interest in the publication we have now made a copy available in downloadable format.


To download your copy click here:  ‘Ón Luaith go dtí an Aisling Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay



Tús Maith … / A Good Start….

Forbairt News No Comments

Fionnuala Nic Thom, Tiarnán MacSiacais agus Jake MacSiacais ag an Nasc Thiar

Brógaí Reatha / Running Shoes


Gaeilge


Bhí ionadaíthe Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus TACA i gcuideachta na céadaí Gael Feirsteacha a bhí páirteach i dtús mór RITH 2010 i mBéal Feirste, De Máirt 9 Márta.


Tús spleodrach bríomhar a bhí ann a leag síos caighdeán ard do na laochra reatha eile a bheas ag tabhairt an báta RITH ar aghaidh thíos tíre i dtreo na Gaillimhe.


Dúirt Fionnuala Nic Thom (féach an pictiúir thuas) a bhí ag rith ar son Taca: ” B’iontach an meascán a bhí amuigh ar sraideanna Bhéal Feirste le haon sprioc amháin acu. Bhí siad ann idir óg agus aosta idir fhir agus mná. Tús maith leath na hoibre.”


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


Representatives of  Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta and TACA joined hundered of Belfast Gaels for the big kick off for RITH 2010 in Belfast on Tuesday March 9th.


There was an enthusiastic, energetic start to the event which has laid down a high standard to be followed by those other Gaelic champions who will now carry the RITH baton on its onward trek across the coutry to Galway.


Fionnuala Nic Thom (see picture above) who ran for Irish Schools Charity Taca said: ” It was inspirational to see such a mix of people take to the streets of Belfast with common purpose. They were all there men and women, old and young. A good start is half the work.”


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



Tacaíocht Tacsaíthe don Teanga / Black Taxi’s support Irish

Forbairt News No Comments

Tarlach Ó Labhraí le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Tomaí Ó Conghaile, Steven Long

Tacaíocht Tacsaithe don Teanga/ Black Taxi’s support for Irish


Gaeilge


Tá Ionad na dTacsaithe Dúbha i mBéal Feirste i ndiaidh tacaíocht don scoth a léiriú d’athbheochan na Gaeilge athuair agus iad i lár an aonaigh le lainseáil RITH 2010 i mBéal Feirste. Beidh trí bhealach reatha sa RITH i mBéal Feirste, in iarthar, tuaisceart agus in oirthear Bhéal Feirste a bheas ag tarlú anocht i mBéal Feirste. D’aontaigh an comharchumann is mó agus is suntasaí sna hoileáin Bhriotánacha, trí thiománaí le Gaeilge líofa a chur ar fáil ar an oíche le bheith ag freastal ar na trí bhealach. Dúirt Feargal Mac Ionnrachtaigh, oifigeach tionscnaimh le Forbairt Feirste agus Eagraí Iarthar Bhéal Feirste do RITH 2010, ‘Tá muid fíorbhuíoch d’Ionad na dTacsaithe Dúbha as an tacaíocht atá siad ag léiriú don togra spreagúil seo a thógann airgead don teanga agus a ardaíonn próifíl na Gaeilge ar fud na tíre. Ní amháin go mbeidh triúr Gael líofa linn ar an oíche agus beidh costais s’acu clúdaithe go flaithiúil ag Ionad féin.’


Maidir leis an tacaíocht seo, arsa bainisteoir an Ionaid, Stiofán Long: ‘Tá muid iontach sásta bheith i ndan tacú leis an togra ceannródaíoch seo a thógann airgead d’athbheochan na teanga agus don phobal féin i gcoitinne. Oibríonn muidne ar son an phobail agus tá muid iontach brodúil as an aon fhoirgneamh taistil poiblí dátheangach sa tír a fuair muid i gcead do chomhoibriú dlúth le Forbairt Feirste. Go fiú féin, ghlac muid an cinneadh comharthaí ár gcuid tacsaithe a sholáthar go dátheangach, céim a bhí iontach cáiliúil leis na mílte custaiméirí agus turasóirí a úsáideann ár gcuid seirbhísí ar bhonn laethúil. Mar sin de, tá muid iontach tógtha faoi RITH agus ag dúil go mór le bheith ag tacú leis.’


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


The West Belfast Taxi Association have again announced fantastic support for the Irish language revival by playing a central role in RITH 2010. There will be three Belfast routes, in West, North and South Belfast that will launch tonight. The largest public co-operative on the British Isles have agreed to provide three fluent Irish speaking drivers to cater for the three routes.  Forbairt Feirste’s project worker and West Belfast RITH organiser Feargal Mac Ionnrachtaigh, stated, ‘We are very grateful for the West Belfast Taxi Association for their support for this inspiring initiative that raises funds for the language and raises the profile of the language revival throughout the country. Not only will three fluent speakers be there on the night but their costs will also be kindly covered by the association.’


In relation to this support, West Belfast Association manager, Stiofán Long stated, ‘We are very happy to be able to support this pioneering initiative that raises much-needed funds for the language revival and our community in general. We work on behalf of the community and are very proud to sport the first fully-bilingual public transport building on the island, that we succeeded in getting through close co-operation with Forbairt Feirste. Even still, we took the decision to provide bilingual signage on our taxi’s, a step which proved hugely popular with the thousands of customers and tourists that use our services on a daily basis.  Therefore, we are very excited about RITH and greatly looking forward to supporting it.’


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



Ullmhaithe do RITH 2010 /Ready to Run 2010

Forbairt News 2 Comments

Jake Mac Siacais agus Fionnuala Nic Thoim réidh le rith

Feirstigh réidh don RITH / Belfast ready to Run


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta réidh lena chomhGhaeil Fheirsteacha eile le haghaidh tús mór RITH 2010. Déanfar tús a chur leis an RITH i mBéal Feirste, De Máirt 9 Márta.


Tosóidh an craic sa Chultúrlann idir a 3 agus a 5 ar an Mháirt le Rónán Mac Aodha Bhuí ó Raidió na Gaeltachta agus le ceol traidisiúnta don scoth. Beidh fearadh na fáilte roimh chách.


Tá trí bhealach reatha i mBéal Feirste – ceann an iarthair a fhágfaidh Scoil na Fuiseoige i gCill Uaighe ar 6.30i.n.- ceann an tuaiscirt a fhágfaidh Scoil Éanna ag 6.45i.n. agus ceann an oirthir a fhágfaidh CLG Ceathrú Aodha Dhuibh ar 6.45. Beidh na trí bhealach seo ag bualadh le chéile ag Halla na Cathrach timpeall a 8.00i.n., áit a mbeidh searmanas gairid le hArdMhéara Bhéal Feirste sula rachaidh an scaifte ar fad ag rith le chéile a fhad le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich áit a mbeidh siamsaíocht is ceol ar fáil  óna 9.00i.n.  ar aghaidh.


Cheannaigh Forbairt Feirste agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta ciliméadair i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta chun tacaíocht a léiriú don togra uaillmhianach seo agus d’athbheochan na Gaeilge i gcoitinne, arsa stiúirthóir Forbairt Feirste, Jake Mac Siacais, “Tréaslaím le lucht eagraithe RITH as ucht a gcuid oibre agus léiríonn muid tacaíocht s’againne dóibh siúd a bhailíonn airgead breise ar son na teanga agus a ardaíonn stádas agus próifíl na hathbheochana Gaelaí ag an am chéanna. Beidh lá den scoth romhainn amárach agus tá muid ag dúil go mór leis.”


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


Forbairt Feirste and Iontaobhas na Gaelscolaíochta are geared up and ready along with their fellow Belfast Gaels for the big kick-off for  RITH 2010.  RITH 2010 the Belfast to Galway Irish language charity fundraiser, kicks off in Belfast on Tuesday March 9th.


The craic for the day begins in Cultúrlann between 3pm and 5pm on Tuesday with Rónán Mac Aodha Bhuí broadcasting live on Raidió na Gaeltachta as well as with traditional music and entertainment of the highest standard with everyone welcome.


There are three Belfast routes for the run – one in the west of  the city leaving Twinbrook from Scoil na Fuiseoige at 6.30pm, one from the north of the city leaving Scoil Éanna ag 6.45pm and one from the south and east of the city leaving from Carryduff GAC at 6.45. All the three routes will meet at City Hall at 8.00pm, where a short ceremony will be hosted by the Mayor before the run heads westward to Cultúrlann McAdam Ó Fiaich where music and craic will commence from 9pm onwatrds.


Forbairt Feirste and Iontaobhas na Gaelscolaíochta have purchased a kilometer in the heart of the Gaeltacht Quarter to show support for this ambitious initiative which seeks to reinvigorate the Irish Language community. Forbairt Feirste director Jake Mac Siacais said:, “I congratulate the organisers of  RITH for all their sterling work to date and want to show our support for fundraising efforts which raise the profile and status of the Irish language at the same time as raising much needed project money which will help drive forward the revival. We have a great day ahead of us and I for one am really looking forward to it.


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



Ó Aidhm go Feidhm / From aims to action

Forbairt News No Comments

Laochra Loch Lao

Seo chugainn na Laochra / Here come the Laochra

Gaeilge


Bhí scaifte maith i láthair  nuair a rinne Micheál Ó Máirtín, Coláiste Ollscoile Muire, agus Cathaoirleach Campa Chormaic clár fógraí a nochtadh  i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an Deardaoin 4ú Márta. Beirt óglaochra agus scoláirí ar Choláiste Feirste, Patrice Ní Cheallaigh agus Naoise Ó Cairealláin atá sa chlar fógraí a bhí deartha ag an dearthóir gráificí áitiúil, Gerd Curley.


Mhol an tUas Ó Máirtín gach atá bainte amach ag Laochra Loch Lao chuige seo agus ghríosaigh sé daoine chun tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na Ceathrún Gaeltachta agus iad ag ullmhú le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta. Lua sé gur eiseáimláir ceart iad na Laochra ar an fheidhm fuinniúil ar an talamh a thógann pobal trí mheán na hathbhecohána Gaelaí.


Is tosaíocht de chuid Forbairt Feirste é CLG Laochra Loch Lao agus tá urraíocht faighte ag an chumann lánGhaelach seo don dara bhliain as a chéile ón Cheathrú Ghaeltachta Teo. Lena chois sin, tá buíochas spéisialta tuillte ag  Mícheál Ó Flannagáin a thug úsáid an balla dúinn don chlar fógraí saor in aisce. Bhí an BBC i láthair fosta agus iad ag scannánú le haghaidh dhá chlár teilifíse a bhéas á dhéanamh acu i mbliana ar na Laochra.


Láinseáladh an clár fógraí mar thús de shraith imeachtaí poiblíochta atá ar na bacáin sna míonna amach romhainn.


Beidh an Fhoireann Feirsteach ag taisteál ag tús an tsamhraidh in éineacht le Foirne ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na hÉireann go Béal a Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2010 ar an Aoine 4 Meitheamh. Beidh bus tacaíochta 50 suíocháin ag fágáil na Cultúrlainne ar an lá céanna do Ghaeil Bhéal Feirste, i gcead do mhaoiniú flaithiúil ó Iontaobhas Ultach.


Más suim le duine ar bith suíochán a chuir in áirithe, déan teagmháil le


feargal@forbairtfeirste.com



jake@forbairtfeirste.com


English


A sizeable crowd gathered when Micheál Ó Máirtin, St Mary’s University College and President of Campa Chormaic launched a new giant billboard in the heart of the Gaeltacht Quarter on Thursday March 4th. Two young Laochra  and Coláiste Feirste pupils, Patrice NÍ Cheallaigh and Naoise Ó Cairealláin are on the billboard that was designed by local graphic designer Gerd Curley.


Mr Ó Máirtín praised the acheivements of Laochra Loch Lao to date and encouraged people to support the Gaeltacht Quarter team as they prepare for this year’s National Gaeltachta football competition. He stated that the Laochra were a thriving example of energetic action in practice on the ground that can build communities through the Irish language revival.


Laochra Loch Lao CLG is a Forbairt Feirste priority and the Irish-speaking team has been sponsored for the second year running by An Cheathrú Ghaeltachta Teo. Special praise was given to Micheal Flannigan who kindly gave use if the wall to An Cheathrú Ghaeltachta Teo free of charge. BBC were also present to film for the two part television series that they will be doing about the Laochra this year.


This billboard launch was the first of a series of publicity events on the horizon in the forthcoming months


The Belfast team will travel, together with other teams from Gaeltacht regions across the country to Béal Átha Mhuirthead in the Mayo Gaeltacht for the national Galeltacht competition on Friday 4th June 2010. A 50 seat supporters bus will leave the Cultúrlann on the same day for Beflast Gaels courtesy of kind funding for the Ultach Trust.


Anyone interested in booking a seat on this bus, should contact us on


feargal@forbairtfeirste.com


or


jake@forbairtfeirste.com



[tab:END]


Beirt Laoch / People’s Champions

Forbairt News No Comments


Laochra Gael / People’s Champions


Gaeilge


Fuair beirt Ghael fuinniúil Feirsteach, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Colma McKee, aitheantas ag An Barr 40 faoi 40, Ócáid Bronnta Ghrúpa Meán Bhéal Feirste a reáchtáladh i Halla na Cathrach ar 4/3/10. Tugann an Barr 40 gradam do na fiontraíthe is mó a bhfuil barrchaighdeán bainte amach acu i réimsí gnó, pobail, spóirt, oideachais agus eile. Bhí aitheantas ar leith tugtha don Bhean Uas. Colma McKee,  stiúrthóir I dTreo na Fostaíochta as an méid atá bainte amach aici le Gaeil óga atá ag déanamh gairmchúrsaí faoi stiúir Forbairt Feirste.


English


Two of Belfast’s energetic Gaels, Feargal Mac Ionnrachtaigh and Colma McKee, have been recognised for their achievements at the Belfast Media Group’s Top 40 under 4o awards ceremony held in Belfast City Hall on 4/3/10. The Top 40 awards go to those entrepreneurs and social entrepreneurs who have achieved excellence in the fields of Business, Community, Sport, Education and other fields of endeavour.  Special recognition was given to Colma McKee the co-ordinator of  Forbairt Feirste’s Towards Employment project for her role in underpinning the achievements of the young Irish speakers who attend the course.



Aonach Oibre Machaire Fíolta / Magherafelt Careers Fair

Forbairt News No Comments

I Lár an Aonaigh / At the heart of the Fair

Gaeilge


Bhí Forbairt Feirste i lár an aonaigh arís i nDoire Theas ag cur cúis na Gaeilge chun Tosaigh. Bhí Forbairt i láthair ag Aonach Oibre a bhí á reachtail ag Páírtnéireacht Foghlamtha Mhachaire Fíolta. Bhí na ceadtaí daltaí scoile i lathair ó scoileanna i mór cheantar lár Uladh iad ag cur spéise sa Ghaeilge agus sna deiseanna fostaíochta atá á chothú ag Athbheochán na teanga sa 21ú haois.


Tuilleadh eolais


feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste were at the heart of the fair again in South Derry putting forward the case for Irish as an additional skill in the jobs marke. Forbairt were guests at a Careers Fair organised by The Magherafelt Learning Partnership.  Hundreds of pupils from schools across Mid-Ulster were showing a massive interest in the Irish language and in the job opportunities being created by the language revival in the 21st century.


Further Information:


feargal@forbairtfeirste.com



Gnó Gaelach / Doing the Business

Forbairt News Comments Off

Gnó le Gaeilge/ Irish Does the Business

Gaeilge


Tugadh céim eile chun tosaigh inniu le ról na Gaeilge sa saol gnó i mBéal Feirste a neartú nuair a bhuail oibrí tionscadail Gnó le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh, le gnónna áitiúla ar spéis leo ról na Gaeilge ina gcuid gnónna a fhorbairt.


Reáchtáladh an chéad cheardlann i sraith úr de cheardlanna  atá beartaithe ag Forbairt Feirste ar an Luan 1ú Márta 2010 i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.


Beidh na ceardlanna á reáchtáil faoi stiúir an Uasail Mhic Ionnrachtaigh ag suíomhanna éagsúla átiúla ar fud Bhéal Feirste idir seo agus an Cháisc.


Tuilleadh eolais


feargal@forbairtfeirste.com


English


Another step forward was taken today in the promotion of the role of Irish in the business life of Belfast when Forbairt Feirste’s Irish language Business Officer, Feargal Mac Ionnrachtaigh met with local businesses interested in promoting role of the Irish language in their businesses.


The first in a series of workshops organised by Forbairt Feirste was held in Cultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Falls Road on Monday 1st March 2010.


The workshops will be organised under the stewardship of Feargal Mac Ionnrachtaigh in various local venues throughout Belfast between now and Easter.


Further Information:


feargal@forbairtfeirste.com



Ceannródaí Brandála / Brand Innovator

Forbairt News No Comments

An Ceannródaí Brandála Joe McGivern

Siopa úr Chluanaí / New Springfield ‘Siopa’

Gaeilge


Cúis cheiliúrtha eile a bhí ag  fear gnó áitiúil, Joe McGivern,  duine de phríomhimreoiri Chumann Tradálaithe Iarthar Bhéal Feirste, nuair a rinne sé an siopa úr s’aige ar Bhóthar Chluanaí a oscailt go hoifigiúil inniu. Rinneadh athmhaisiú  ar an taobh amuigh den siopa le cabhair airgid ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste faoin scéim nuálaíoch, ‘Athnuachan na Mórbhealaí’ i bpáirtnéireacht leis an áisíneacht forbartha Gaeilge, Forbairt Feirste a chuireann seirbhisí comhairliúcháin agus aistriúcháin ar fáil don togra.


Aithníodh an Branda dúchasach atá ag ‘Siopa’ Joe McGivern ag searmanas bronnta bliantúil Forbairt Feirste, Gaelghradam Loch Lao i mí na Nollag 2009 nuair a bhain sé duais Bhéal Feirste don Ghnó beag is Gaelaí sa chathair.


English


Local businessman, Joe McGivern, one of the main players in the West Belfast Traders’ Forum celebrated the opening of his new ‘Siopa’ on the Springfield Road today as it officially opened for business. The front of the ‘Siopa’ was refurbished with help from Belfast City Council under the innovative ‘Renewing the Routes’ scheme, in partnership with Irish language development agency Forbairt Feirste who provide advice and translation services for the project.


Joe McGivern’s native  ‘Siopa’ brand was recognised in Forbairt Feirste’s annual awards ceremony, Gaelghradam Loch Lao in December 2009 when he won the Belfast award for the city’s most Gaelic small business.



© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS