Bás Clive Dutton – Death of Clive Dutton

Forbairt News

Clive Dutton OBE (ar dheis) údar Mórphlean na Ceathrún Ghaeltachta, le Ciaran Magoill, Cathaoirleach na Ceathrún Ghaeltachta agus an Aire Cultúrtha Caral Ní Chuilín Clive Dutton OBE (on right) author of The Big Gaeltacht Action plan with Gaeltacht Quarter Chair Ciaran Magoill and Culture Minister Caral Ní Chuilín.

Clive Dutton OBE (ar dheis) údar Mórphlean na Ceathrún Ghaeltachta, le Ciaran Magoill, Cathaoirleach na Ceathrún Ghaeltachta agus an Aire Cultúrtha Caral Ní Chuilín
Clive Dutton OBE (on right) author of The Big Gaeltacht Action plan with Gaeltacht Quarter Chair Ciaran Magoill and Culture Minister Caral Ní Chuilín.

Dutton, Buanchara na Ceathrún ar shlí na fírinne

Gaeltacht champion Clive Dutton dies

Gaeilge


Tá sé fógartha go bhfuil an saineolaí idirnáisiúnta athghiniúna uirbí agus údar Mhórphlean na Ceathrún Gaeltachta, Clive Dutton OBE, tar éis bás a fháil sa bhaile i Londain.


Is lena anamchara agus páirtnéir Kelly Wu a bhí sé nuair a fuair sé bás go luath maidin Dé Sathairn 6ú Meitheamh. Fuair sé bás tar éis tinnis ghairid.


Ag labhairt dó arna chluinstean an droch scéil ag deireadh na Seachtaine dúirt Cathaoirleach Forbairt Feirste Seán Mistéil:


“Bhí tréithe an Státaire agus an fhile araon i gClive Dutton. Tharraing sé ar na buananna seo go fuarasta agus le uaisleacht agus é ag cuidiú leis an chuid bheag seo den Domhán ar turas s’againne amuigh as an chogaíocht. “Ar Aghaidh” a d’abraíodh sé.  Crann taca a bhí ann don smaoineamh go raibh príomhchathracha cultúrtha áitiúla ann agus go bhféadfadh caipiteal a dhéanamh as an chultúr áitiúl – mar áis dhaonna agus sa chiall eacnamaíochta fosta. Sa Cheathrú Ghaeltachta cheangail muid muid féin le fís agus stratéis Clive Dutton a d’aithin áiteanna uathúla agus a chur na háiteanna uathúla seo i gcomthéaces na huathúlachta sonraí.


“Is i mbláth na hanamúlachta a bhí tú agus tú i gcomhluadar Clive: áit slán, áit iontach, áit thar chionn, áit a bhí lán fuinnimh, torthúlachta, iomasaí agus aibhaillí ach thar rud ar bith eile áit a bhí lán dathúil. Cróthnaímid é cheana féin lena mionghaire oscáilte ach sa Cheathrú Ghaeltachta tá oidhreacht s’aige ag seasamh go hard – spéirlíne atá ag claochlú le foirgnimh úra agus le leibheálacha níos fearr de chomhionnanas ó thaobh na heacnamaíochta, an oideachais agus an forbartha sóisialaí de. Go raibh maith agat a Clive, leanann an eachtra chun bua.


Le tuilleadh eolais a fháil  déan teagmháil le jake@forbairtfeirste.com nó cur scairt ar 07739875309 nó 02890438597


English


The death has been announced of International urban regeneration expert and author of the Big Gaeltacht Quarter Plan, Clive Dutton OBE. Dutton a stalwart champion of the Gaeltacht Quarter passed away at his London home with his partner Kelly Wu by his side on Saturday June 6th. He died after a short illness.


Speaking on hearing the news at the weekend Forbairt Feirste Chair Sean Mitchell said:


“Clive carried in him both the quality of a statesman and that of a poet. He drew on these strengths with noble ease as he helped this small part of the world journey out of war.  “Onwards” he called. He championed the idea of local capitals of culture and of local culture as capital – as a resource in both a human and an economic sense. In the Gaeltacht Quarter we buckled ourselves to Clive’s vision and strategy where distinct settings were placed within a context that emphasised settings of distinction.


“ To be in Clive’s company was to be in the vitality of the bloom: a safe, brilliant, fertile, energetic, inquisitive, mischievous and colourful space. We already miss his great warm open smile, but in the Gaeltacht Quarter his legacy stands tall – a changing skyline of new buildings together with hugely improved levels of equality in the areas of education, economic and social development. Thank you Clive, the adventure continues and in triumph.”


For further information, contact us on jake@forbairtfeirste.com or call us 02890438597 or 07739875309



barúlacha a chur isteach

© Forbairt Feirste Website Design Belfast | Admin | Entries RSS Comments RSS