Campa Chormaic Aontroma ag teannadh linn / Campa Chormaic Aontroma drawing near

Forbairt News

Campa Chormaic Aontroma le toiseacht ar an Luan seo chugainn/ Campa Chormaic Aontroma to start next Monday

Gaeilge


Tá na socraithe deireanacha ar bun ag lucht eagraithe, Campa Chormaic Aontroma agus an ócaid iontach ag teannadh linn. Tosaíonn sé ar an Luan seo chugainn, 9ú Lúnasa 2010 agus maireann sé go dtí an Aoine, 13ú Lúnasa i mBunscoil an tSléibhe Dhuibh ar Bhóthar na Carraige Báine, Béal Feirste agus ag Naomh Eoin CLG atá taobh leis. Tosóidh sé ar 10.00r.n. achan maidin agus críochnóidh sé ar 4.00i.n.


Thosaigh Campa Chormaic  a reáchtáil  i dTír Eoghain sé bliana ó shin i ndílchuimhne ar an Ghael Iomráiteach agus peileadóir Uile-Réalt, Cormac Mac an Áilín a d’éag go tragóideach sa bhliain 2004 de bharr láigeacht chroí neamhghnách. Tá an campa bunaithe ar na suimeanna b’ansa do Chormac mar a bhí, an Ghaeilge, aclaíocht Ghaelach agus oidhreacht dhúchais s’againne i gcoitinne. Tá sé dírithe ar bhuachaillí agus cailiní idir 10 agus 15 agus bheireann sé deis daofa an teanga agus an cultúr s’againne a fhoghlaim maraon le páirt a ghlacadh i bpeil Ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht.


Mar dhuine de lucht eagraithe ar champa Aontroma, dúirt Oifigeach Tionscadail, Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh:


“Tá muid iontach sásta an campa iontach seo a éascú i mBéal Feirste den chéad uair ariamh. Nascann sé ár gcluichí dúchasacha agus foghlaim na Gaeilge le chéile ar dhóigh nuálach, a neartaíonn an teanga labhartha taobh amuigh de gheataí na scoile. Tá muid bródúil, agus iontach buíoch gur thug Clann Chormaic agus coiste Campa Chormaic féin an deis dúinn an campa seo a eagrú.”


‘Tá muid iontach buíoch fosta do Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Cumann Naomh Eoin CLG as áiseanna s’acu a roinnt linn don seachtain. Beidh ranganna Gaeilge agus ceoil, siúlóidí staire, turasanna agus ceachtanna peile agus iománaíochta ar fáil le réaltaí áitiúla ón CLG le linn an champa. Tá muid sásta a fhogairt go bhfuil 15 spas fágtha againn ag an phointe seo do dhuine ar bith ar suim leo páistí s’acu a chlárú.


“Ní chosnaíonn an Campa ach £40 don tseachtain agus gheobhaidh achan dalta léine aitheanta Campa Chormaic déanta ag O’Neills ar an luach seo. Ní mór dóibh siúd ar suim leo páirt a ghlacadh teagmháil a dhéanamh liomsa ar a luaithe agus is féidir ar feargal@forbairtfeirste.com nó scairt orm air 07841101630.


Le tuilleadh eolais a fháil déan teagmháil feargal@forbairtfeirste.com


English


Final arrangments are being made for Campa Chormaic Aontroma by its organisers  as this fantasitic program draws near. It begins next Monday the 9th of August t and runs until  Friday the 13th of August 2010 in Bunscoil an tSléibhe Dhuibh, Whiterock Rd, Belfast and the adjacent St Johns GAA club. It will start every morning at 10.00am and finish at 4.00pm everyday.


Campa Chormaic is organised annually for the past six years in Tyrone in memory of the famous Tyrone Gael and All-Star Footballer, Cormac Mac Anallen, who died tragically in 2004 of a rare heart condition. The camp is based on the biggest passions of Cormac as is the Irish Language, Gaelic Athleticism and our native heritage in general. It is aimed at 9-14 year old boys and girls and offers them the chance to learn Irish culture and language and participate in football, hurling and camogie.


As one of the Antrim camp organisers, Forbairt Feirste Project Worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh, stated, ‘We are delighted to bring this fantastic camp to Belfast for the first time. It combines our native games and Irish language learning together in an innovative way and strengthens the living language outside the school gates. We are very proud, honoured and grateful to be given the opportunity to organise the camp by Cormac’s family and the Campa Chormaic committee.’


‘We are also very grateful to Bunscoil an tSléibhe Dhuibh and Naomh Eoin CLG for sharing their facilities with us for the week. Irish language and music classes, historical walks, trips and of course football and hurling sessions delivered by stars from the GAA will all be included in the course of the week. We are also delighted to announce that there is 15 spaces left for anyone interested in registering their child.


‘The costs for the week in only £40 and will include every child being given a unique, O’Neills made Campa Chormaic shirt for the week. Those interested in taking part should contact Feargal Mac Ionnrachtaigh ASAP on feargal@forbairtfeirste.com or 07841101630.


For further information contact:  feargal@forbairtfeirste.com



barúlacha a chur isteach

© Forbairt Feirste Website Design Belfast | Admin | Entries RSS Comments RSS