Cathair na Múrmhaisithe – Mural City

Forbairt News
An muirmháisitheoir Dan Devenny in aice leis an saothar is déanaí in ómos do Clive Dutton. Muralist Dan Devenny with his latest work honouring Clive Dutton

An múrmháisí Dan Devenny in aice leis an saothar is déanaí in ómos do Clive Dutton. Muralist Dan Devenny with his latest work honouring Clive Dutton

An tAislingeach agus an Múrmhaisí

The Muralist and the Visionary

Gaeilge


Seachtain ar aghaidh ó bhás an saineolaí idirnáisiúnta athghiniúna uirbí agus údar Mhórphlean na Ceathrún Gaeltachta, Clive Dutton OBE, tá múrmhaisiú in airde i nGaeltacht Feirste ina ómos.


‘Sé an múrmháisí clúiteach Feirsteach, Dan Devenny a rinne an múrmháisiú ar iarratas ó Forbairt Feirste. Agus é ag caint ar fheiceáil an mhúrmaísithe ag balla idirnáisiúnta na bhFál dó dúirt stiúrthóir na heagraíochta, Jake MacSiacais:


“Mar chuid de Mhórphlean na Ceathrún Ghaeltachta dúirt an tuasal Dutton gur chóir ‘branda comhlántach de “Cathair na Múrmhaisithe” a chur chun cinn go dícheallach le go nginfear tuilleadh ioncaim a ghinfidh turasóireacht agus a mhéadóidh tuiscint ar tharraingtí eile an cheantair’. Seo chéim eile sa treo sin chun chuid d’ár gcomhaisling a thabhairt chun críche.


“Tá Forbairt anois i gcomhpháirt le múrmhaisithe áítiúla ag cur plean i gceann a chéile a churfidh branda ‘Cathair na Múrmhaisithe’ chun tosaigh ar an stáitse idirnáisiúnta. Tá sé trathúil go ndéanaimís amhlaidh agus ár gcara Clive ar Shlí na Fírinne.”


Brú an nasc seo Físeán Clive Dutton le podcraoladh Cothaigh a chluinsteán.


Le haghaidh tuilleadh eolais, cuir ríomhphost chuig Jake ar jake@forbairtfeirste.com  nó cur scairt ar 0044 7739875309 nó 02890438957


English


A week on from the death on June 6th of the International urban regeneration expert and author of the Big Gaeltacht Quarter Plan, Clive Dutton OBE, a new mural in his honour has been erected in the Belfast Gaeltacht.


The famous Belfast muralist, Dan Devenny is the man behind the work, which was erected following a request from Forbairt Feirste. Speaking at the site of the new mural at the Falls Road international mural wall, Forbairt director Jake MacSiacais said:


” As part of his Big Gaeltacht Action plan Clive Dutton said that ‘ a complementary brand of ‘Mural City’ should be promoted with the aim of generating more revenue generating tourism as well as elevating awareness of the wider attractions of the area.’ This mural is a step in the direction of fulfilling that ambition.


“Forbairt are currently exploring with local muralists the realisation of a plan of action that will promote the ‘Mural City’ brand on an international stage. It’s timely and fitting that we do this now in keeping with our friend Clive’s vision.”


Click this link to view Clive Dutton Video address to 2014 Gaeltacht Quarter Dinner Cothaigh


For more information contact Jake on jake@forbairtfeirste.com by phone on 0044 7739875309 or 02890438957.



barúlacha a chur isteach

© Forbairt Feirste Website Design Belfast | Admin | Entries RSS Comments RSS