#LnaG10 / Irish Online
Forbairt NewsMargaíochta Gnó Gaeilge / Irish Business Marketing
![]()
Tá Forbairt Feirste arís i dtús cadhnaíochta le ról na Gaeilge sa saol Gnó i mBéal Feirste. Tá Forbairt, i dteannta na gcéadtaí Gael ar fud na hÉireann agus ar fud na Cruinne ag iarraidh go mbeidh an láithreacht is mó ariamh ag Gaeil ar líne ar Lá Fhéile Pádraig mar chuid de Seachtain na Gaeilge.
Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ag déanamh ár ndíchill dul i bhfeidhm ar an oiread gnó agus is féidir chun go mbeidh Gaeilge in úsáid ar líne, agus gach áit eile, le linn Seachtain na Gaeilge 2010. Tréaslaímid leis na hiarrachtaí uilig atá ar siúl ag dreamanna éagsúla fud fad na hÉireann agus fud fad na Cruinne. Má tá gnó agat tá gnó agat leis an Ghaeilge.
Tuilleadh eolais jake@forbairtfeirste.com nó feargal@forbairtfeirste.com
Forbairt Feirste are again leading the field in relation to promoting Irish in the business life of Belfast. Forbairt along with hundreds of Irish speakers throughout Ireland and throughout the world are hoping to have the biggest online Irish Language presence ever on St Patrick’s day as part of Seachtain na Gaeilge.
Forbairt Feirste’s, Irish Means Business project worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh said: ‘We are trying our best to ensure that we influence as many businesses as possible to use some Irish in their online presence and everywhere else during Seachtain na Gaeilge 2010. We congratulate all of those various groups and individuals throughout Ireland and further afield who are involved in these efforts. If you have a business remember Irish means Business.
Further information jake@forbairtfeirste.com nó feargal@forbairtfeirste.com









