Na Sluaite Gaeil i lár an Aonaigh arís/ Hundreds of Gaels in the heart of the Fair again!

Forbairt News
Niamh Nic Ionnrachtaigh i mbun ceoil ag Aonach Oibre Forbairt Feirste 2013

Niamh Nic Ionnrachtaigh i mbun ceoil ag Aonach Oibre Forbairt Feirste 2013

Gaeilge




Bhí na sluaite Gaeil ó fud fad an tuaiscirt sa Cheathrú Ghaeltachta arís an tseachtain seo caite don Aonach Oibre a reachtálann Forbairt Feirste. Bhí daltaí meánscoile ann as gach cearn do Bhéal Feirste ó Chondae Aontroma, ó Chondae an Dúin, ó Chondae Dhoire, ó Chondae Thír Eoghain agus ó Chondae Ard Mhacha, áit ar mheasc siad lena chomhghleachaithe ó Bhéal Feirste Daltaí Choláiste Feirste ina measc ar ndóigh.


Dúirt Colma McKee, príomheagraí na himeachta agus Stiúirthóir ar an chomhlacht Bréisoideachais lánGhaeilge Gaelchúrsaí, go raibh sí thar a bheith sásta leis an fuinneamh, dlúthphairtíocht agus suim a bhí san Aonach i mbliana agus thréisigh sí le gach duine a bhí páirteach agus a chuidigh leis an lá, idir scoileanna, ollscoileanna, gnóanna agus eagraíochtaí Ghaeilge.


“Is deis iontach é an Aonach Nualíoch seo a ligeann d’fhostóirí táithí a fháil ar bhuntáistí an dátheangachais agus dul i dtáithí ar na daoine óga sciliúla i bpobal na Gaeilge. Lena chois sin, tugann sé fostaitheoirí ó achan cearn den tír, eagraíochtaí Ghaeilge, gnónna agus comhlachtaí, agus réimse leathán de soláthraitheoirí oideachais le chéile i gcroílár na Ceathrún Ghaeltachta chun seastáin eolais a chur ar fáil do na céadtaí daltaí.” a dúirt sí.


Cuireadh an seimineáir iomráiteach, ‘buntaiste bréise na Gaeilge’, ar fáil don cheathrú  bhliain as a chéile i bpáirtnéireacht le Coláiste Feirste agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Tharla trí seimineáir i léachtlann Choláiste Feirste agus an Aonach faoi lán seoil in Halla Mór an choláiste.  Bhí rachairt mór ar an trí seimeáir agus d’éist na céadtaí dalta leis  na príomhchainteoirí ag na seimineár mar a bhí Shane Ó Curraighín, Lucinda Glynn agus Feargal Mac Ionnrachtaigh.


Bhronn Gael Linn trí scolaireachtaí chun na Gaeltachta ceann ag gach seisiúin ar an dalta a chur an cheist is fearr nó is géarchúisí ar na gcainteoirí.


Le tuilleadh eolais a fháil  déan teagmháil le feargal@forbairtfeirste.com no scairt air 02890438597 nó 07841101630


English




Hundreds of Gaels from across the North descended on the Gaeltacht Quarter last week for Forbairt Feirste’s Employment Fair. Secondary school pupils were in attendance from across Antrim, Down, Derry, Tyrone and Armagh where they were joined by many of their Belfast counterparts not least those from Coláiste Feirste itself.


Speaking after the event, Colma Mhic Aoidh, Co-ordinator of the Irish medium further education company Gaelchúrsaí, and the main organiser of the Employment Fair stated that she was delighted with the energy, solidarity and general interest that was evident at the Jobs Fair and she congratulated all those who took part or helped on the day including the schools, universities, employers and Irish Language organisations.


The popular educational seminar, ‘Additional advantages of the Irish language’ was provided for the fourth year running in partnership with Coláiste Feirste and Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. The seminars took place in the Coláiste Feirste’s lecture theatre whilst the Employment Fair was in full swing in the Main hall of the school.  The seminar attracted full houses at each of its three sessions with hundreds of pupils hearing from the main speakers, Shane Ó Curraighín, Lucinda Glynn and Feargal Mac Ionnrachtaigh.


Gael Linn added to the sense of excitement on the day by presenting a scholarship to the Gaeltacht at each of the three sessions on the pupil judged to have asked the best or the most perceptive question of the speakers.


For further information, contact us on feargal@forbairtfeirste.com or call us 02890438597 or 07841101630


 



barúlacha a chur isteach

© Forbairt Feirste Website Design Belfast | Admin | Entries RSS Comments RSS