An Nasc

Is ábhar áthais d' Fhorbairt Feirste oscailt An Nasc a fhógairt. Tógadh An Nasc, 199 Bóthar na bhFál ar chostas £350,000 agus cuireann sé go mór le cnuasach cultúrtha Iarthar Bheal Feirste. Lonnaithe istigh ann tá An Telelann, (www.Telelann.com) a chuireann séirbhísí aistriúcháin, riaracháin agus traenáil TE ar fáil chomh maith le hIontaobhas na Gaelscolaíochta (www.iontaobhasnag.com).

Bhí An Nasc maoinithe ag An Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn?, BRO agus Foras na Gaeilge, chuidigh muintir Bhéal Feirste leis an tógra chomh maith nuair a ghlac said páirt san fheachtas Ceannaigh Bríce.

Osclaíodh An Nasc go hoifigiúil de hAoine 1ú Meitheamh ag Gerry Adams agus Maighréad Uí Mháirtín, Cathaoirleach Foras na Gaeilge. Ghlac Willy Mc Carter, Cathaoirleach IFI agus George Mackey, Stiúrthóir BRO páirt san oscailt chomh maith.