Is eagraíocht fhorbairt teanga na Gaeilge í Forbairt Feirste. Tá feachtas á reáchtáil againn, 'Gnó le Gaeilge', chun an teanga a chur chun cinn sa saol gnó, príobháideach agus poiblí agus chun deiseanna fostaíochta a chruthú do Chainteoirí Gaeilge. Mar pháirt de Ghnó le Gaeilge, thosaigh Forbairt Feirste feachtas nua, 'Dorchla na Gaeilge', atá ag iarraidh dorchla dátheangach a chruthú ar Bhóthair na bhFál i mBéal Feirste. Tá fás rábach ar phobal labhartha Gaeilge Thuaisceart na hÉireann. Tá aitheantas ag Béal Feirste go háirthe mar chroí athbheochan na Gaeilge, le hIarthar na cathrach ar thús cadhnaíochta lena chnuasach cultúrtha féin. Sa chnuasach Gaeilge ar Bhóthair na bhFál, tá na fiontair seo a leanas; cultúrlann McAdam Ó Fiaich, An Nasc, Meánscoil Feirste agus Glór na nGael, agus fosta a lán naíscoileanna agus bunscoileanna ag cur ar fáil oideachais trí mheán na Gaeilge. Cad é mar is féidir leat úsáid na Gaeilge a fhorbairt mar dheis ghnó? Tá sé furast. I ngach réimse de do straitéis mhargaíochta, tá neart deiseanna ann le Gaeilge a úsaid, agus tá Forbairt Feirste ann le cuidiú a thabhairt duit na hathruithe ar mhian leat tabhairt fúthu a chur i bhfeidhm :
|
||