Muid Féin

An Fhís
  • Bunaíodh Forbairt Feirste i 1994 chun 'ár n-oidhreacht chultúrtha a chur chun cinn trí athghiniúint eacnamíochta'.
  • Ba é príomhaidhm na heagraíochta ná 'poist agus failleanna úra a chruthú do phobal na Gaeilge i mBéal Feirste'
  • Tá an eagraíocht ag feidhmiú ó mhí an Mhárta 1996.
Gníomhartha sna blianta tosaigh
  • Cúrsa oiliúna sna Meáin Chumarsáide i gcomhar le Springvale Training Ltd. Chláraigh 12 don chúrsa. (Deireadh Fómhair 1996)
  • Cúrsa Tosaithe Gnó i gcomhar le LEDU agus plean gnó agus chuaigh 5 i mbun an ghnó s'acu féin. (Deireadh Fómhair 1996)
  • Flix Feirste, lonnaithe sa Virgin Cinema Complex ba í seo an chéad fhéile scannánaíochta do mhionteangacha riamh san Eoraip. (Deireadh Fómhair 1997)
  • D'oibrigh FORBAIRT FEIRSTE agus Féile an Phobail le chéile ar straitéis turasóireachta d'Iarthar Bhéal Feirste. Bhí siad beirt lárnach i mbunú Fáilte Feirste Thiar a lainseáladh i mí Lúnasa 2000 agus a bhfuil beirt oibrithe lánaimseartha anois ag obair ann.
  • Fuarthas £100,000 leis An Telelann a bhunú, anois tá triúr fostaithe ann go lánaimseartha ag cur ar fáil seirbhísí ríomhaireachta, riaracháin agus aistriúcháin.
  • Bhí ról lárnach ag FORBAIRT FEIRSTE i mbunú POBAL, scátheagras na Gaeilge sna sé chontae, tá 2 oibrí lánaimseartha ag POBAL agus pleananna ann beirt eile a fhostú gan mhoill.
  • Seimineár dírithe ar an earnáil phríobháideach, chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar bhuntáiste gnó agus mar dhóigh ar leith chun tairgí a dhíol. Bhí 150 i láthair agus ionadaithe óna leithéidí de Bass Ireland, NIE, Westwoods agus NTL.
Obair Reatha
  • Tá Forbairt Feirste ag cur Straitéis dhéthaobhach i bhfeidhm chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa saol eacnamíochta:
  • Taobh 1: Traenáil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge le scileanna a fhorbairt ionas go mbeidh lucht oibre na Gaeilge ardcháilthe.
  • Taobh 2: An Ghaeilge a chur chun cinn in achan ghné den saol gnó ionas go mbeidh buntáiste agus deiseanna breise ann do Ghaeilgeoirí agus iad ag dul in iomaíocht fostaíochta.
Tograí
  • Forbairt 2000: Tá FORBAIRT FEIRSTE ag cur ar fáil an t-aon seirbhís traenála Gaeilge do dheagóirí sna sé chontae.
  • Gnó le Gaeilge: feachtas a iarrann ar ghnóthaí agus ar eagraíochtaí polasaí Ghaeilge a chur i bhfeidhm i dtaca le ? agus na seirbhísí s'acu.
  • An Nasc, foirgneamh úr £300,000 ar Bhóthar na bhFál.
  • Eolaire Gnó ina bhfógrófar na gnóthaí uilig i mBéal Feirste atá ag soláthar seirbhíse trí mheán na Gaeilge. Tá 150 cláraithe.
  • Eurocraft, togra ar aidhm leis earnáil na ceardaíochta a fhorbairt sna ceantair atá páirteach ann.
  • Cúrsa tosaithe gnó i gcomhar le LEDU - go dtí seo, bhí 2 i mBéal Feirste agus 1 i nDoire.
  • Bunchúrsa teilifíse i gcomhar le Nemeton socraithe do Mheitheamh 2001
  • Fóram um Oideachas Breise agus Oiliúint, fóram nuabhunaithe atá ag déanamh taighde ar riachtanais phobal na Gaeilge agus ar aidhm leis seirbhísí cuí a sholáthar don phobal sin.
  • Seo chugainn an Béal Feirste Nua… feachtas poiblíochta ar aidhm leis infheistíocht a mhealladh chuig ceantair Ghaeilge i mBéal Feirste. Tá pleananna ann oibrí úr a fhostú leis an fheachtas seo a fhorbairt.