Moladh don tSnáthaid / Publishers Praised

Forbairt News No Comments

An tSnáthaid Mhór


Nuálaíocht agus díograis / Innovation  and Energy


Gaeilge


Thréaslaigh Oifigeach Gnó le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh leis an ghnó foilsitheoireachta, An tSnáthaid Mhór, as ucht a nuálaíochta  agus a gcuid díograise agus iad ag déanamh píosaí a léamh ón leabhar úr scríofa acu, An Gréasaí Bróg agus na Sióga. Bhí an léamh á déanamh ag Sean Mac Seáin i Siopa an Cheathrú Póilí i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an 15/3/10 mar chuid d’imeachtaí Seachtain na Gaeilge. Bhí an t-imeacht á reáchtáíl ag Leabharpower i gcomhar le Siopa an Cheathrú Póilí.
Dúirt Feargal: “Sé bliana ó shin lasadh splanc sa lánúin Fheirsteach Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin arna teacht ar scéalta ionspioráideacha ón Bhéaloideas. Thosaigh siad ar aistear leis an saibhreas fileata teanga agus na híomhánna beoga seo a chur ar fáíl do ghlúin úr. Aithníonn Forbairt an cur chuige ionspioráideach seo agus bhronn muid saothair an tSnáthaidh Mhór ar bhuaiteoirí Gaelghradam Loch Lao i mbliana.”


Chun tuilleadh eolais a fháil ar obair na ndaoine iontachta seo téigh chuig www.antsnathaidmhor.com




Le tuilleadh eolais a fháil ar obair Forbairt Feirste déan teagmháil le  feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste’’s, Irish in Business project worker,  Feargal Mac Ionnrachtaigh has congratulated An tSnáthaid Mhór publishers for their innovation and energy. He was speaking as An tSnáthaid recited sections from their newest work, An Gréasaí Bróg agus na Sióga as part of the Seachtan na Gaeilge celebrations. The readings were carried out by Sean Mac Seáin in An Cheathrú Póilí bookstore in the heart of Belfast’s Gaeltacht Quarter on Monday 15/3/10. The event was organised by Leabhar Power in conjunction with An Ceathrú Póilí books.
Feargal said:  “Six years ago a spark was lit in the minds of Belfast couple, Andrew Whitson and Caitríona Nic Sheáin, when they discovered some inspirational stories from the Irish Folk Tradition. Thus began a journey to bring the poetical beauty of the Irish Language along with living images to a new generation. Forbairt Feirste recognises and applauds this approach and as such presented copies of their work to the recipients of the Loch Lao Business Awards this year.”


For further information on this inspirational work connect to:  www.antsnathaidmhor.com




For further information on the work of Forbairt Feirste contact:  feargal@forbairtfeirste.com



#LnaG10 / Irish Online

Forbairt News No Comments


Jake Mac Siacais ag labhairt ag #LnaG 2.0 i mBéal Feirste

Margaíochta Gnó Gaeilge / Irish Business Marketing


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste arís i dtús cadhnaíochta le ról na Gaeilge sa saol Gnó i mBéal Feirste. Tá Forbairt, i dteannta na gcéadtaí Gael ar fud na hÉireann agus ar fud na Cruinne ag iarraidh go mbeidh an láithreacht is mó ariamh ag Gaeil ar líne ar Lá Fhéile Pádraig mar chuid de Seachtain na Gaeilge.


Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ag déanamh ár ndíchill dul i bhfeidhm ar an oiread gnó agus is féidir chun go mbeidh Gaeilge in úsáid ar líne, agus gach áit eile, le linn Seachtain na Gaeilge 2010. Tréaslaímid leis na hiarrachtaí uilig atá ar siúl ag dreamanna éagsúla fud fad na hÉireann agus fud fad na Cruinne. Má tá gnó agat tá gnó agat leis an Ghaeilge.




Tuilleadh eolais jake@forbairtfeirste.com nó  feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste are again leading the field in relation to promoting Irish in the business life of Belfast. Forbairt along with hundreds of Irish speakers throughout Ireland and throughout the world are hoping to have the biggest online Irish Language presence ever on St Patrick’s day as part of  Seachtain na Gaeilge.


Forbairt Feirste’s, Irish Means Business project worker, Feargal Mac Ionnrachtaigh said: ‘We are trying our best to ensure that we influence as many businesses as possible to use some Irish in their online presence and everywhere else during Seachtain na Gaeilge 2010. We congratulate all of those various groups and individuals throughout Ireland and further afield who are involved in these efforts. If you have a business remember Irish means Business.




Further information jake@forbairtfeirste.com nó  feargal@forbairtfeirste.com



Gaeilge agus Fáilte / Irish Welcome

Forbairt News No Comments

Seán Devlin le daltaí Coláiste Feirste, Emma Ní Fhearáin, Danny Boy Ó Conchuir, Lauren Nic Cáilín agus Ciara Ní Dhonnchadh

Comharthaíocht úr sa Cheathrú Ghaeltachta / New Signage in the Gaeltacht Quarter


Gaeilge


Tá Forbairt Feirste ag tús cadhanaíochta arís le comharthaíocht Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta. Fríd scéim nualaíoch ’Athnuachán na Mórbhealaí’ le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, d’éirigh leis an aisíneacht teanga seirbhís aistriúcháin a chuir ar fáil do ghnóthaí áitiúla ar nós Siopa Caife Macy’s ar Bhóthar na bhFál.


Dúirt úinéir an ghnó, Seán Devlin: “Tá muid iontach sásta comharthaíocht agus staisinéireacht dhátheangach a chuir ar fáil do phobal na Ceathrún Gaeltachta agus don mhórphobal i gcoitinne. Tá daltaí Choláiste Feirste i measc custaimeáraí laethúla againn agus bhí  an-rachairt ar sheirbhís i nGaeilge. Tuigimid tábhacht na teangan mar uirlis ghnó agus thosaigh muid ag foghlaim Gaeilge tríd an céirnín iontach a chuir Forbairt Feirste ar fáil, ‘Blás ar an Bheágán’ agus tá mé féin agus mo fhoireann ag foghlaim linn.”.


Dúirt Oifigeach Tionscadail Gnó Le Gaeilge Forbairt Feirste, Feargal Mac Ionnrachtaigh: ‘Tá muid ar bís le bheith ag cur chun cinn na Gaeilge i measc gnóthaí atá ag obair ar an talamh. Lena chois sin, tá muid sásta a fhogairt gur oscail scéim ‘Gnó agus Gaeilge’ de chuid Foras na Gaeilge arís. Scéim é seo a thugann deis do ghnóthaí beaga agus meánmhéideacha maoiniú meáitseála 50/50 a fháil do chomharthaí seachtracha agus staisinéireacht dhá theangach. Déanann Forbairt Feirste  iarratais ó ghrúpaí agus ó ghnóthaí, ar suim leo an scéim, a eascú chomh maith le seirbhís aistriúcháin saor in aisce a chur ar fáíl mar chuid don phróiseas. Oibríonn an scéim seo ar bhonn éilimh don té is tuisce i dteagmháil agus le d’áit ar an scéim a chinntiú, b’eigeán dul i dteagmháil le feargal@forbairtfeirste.com nó scairt a chur ar 02890 438597 07841101630.”‘


Le tuilleadh eolais ar Chomharthaíocht Ghaeilge, déan teagmháil linn ar feargal@forbairtfeirste.com


English


Forbairt Feirste is leading the way again with Irish language signage in the Gaeltacht Quarter. Through the innovative Belfast City Council  ’Renewing the Routes Scheme’, the Irish language development Agency provides a top class translation service for local businesses such as Macy’s Coffee shop on the Falls Road.


Shop owner Seán Devlin said: “We are very happy to provide bilingual signage and stationary to the Gaeltacht Quarter community and the wider community.  Coláiste Feirste pupils are among our best customers on a daily basis and there was clearly a big demand for such a service. We understand the importance of the language as a tool for business promotion and we have begun learning Irish through the fantastic ‘Blás ar an Bheagán’ CD provided by Forbairt Feirste. the staff and myself are learning day by day.”.


Forbairt Feirste Project Worker Feargal Mac Ionnrachtaigh stated:  “We are delighted to facilitate language promotion amongst businesses working on the ground. We are also delighted to announce that Foras na Gaeilge’s national ‘Irish means business’ scheme has just reopened again which allows small and medium sized businesses and community groups to get 50/50 match funding aid with external signage and stationary. We facilitate businesses and groups interested in appling for this scheme and provide free translation services in the process. This scheme works on a first come, first served basis and anyone looking to avail of it, should contact  feargal@forbairtfeirste.com or call us on 02890 438597 or on 07841101630.”


For further information on Irish signage, contact us on  feargal@forbairtfeirste.com



Ón Luaith aníos / Out of the Ashes

Forbairt News No Comments


Leabhrán Atógáil Sráid Bombay ar líne / Bombay Street Book online


Gaeilge


Anuraidh rinne Forbairt Feirste Leabhrán ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in atógáíl Sráid Bombay’,  a fhoilsiú agus a sheoladh. Bhí an Leabhran bunaithe ar ról Ghaeil Feirste in atógáil Sráid Bombay. Cuireadh an leabhrán i gcló mar chuid de chuimhniúchán 40 bliain ar na húafáis uilig a tharla i mBéal Feirste i Mí Lúnasa 1969.


Bhí rachairt iontach mór ar an leabhrán agus d’imigh a raibh de chóipeanna go scioptha. Tá pleánanna idir lámha ag Forbairt chun athfhoilsiú a dhéanamh ar an Leabhrán, i bhfoirm leabhar le clúdach crua, ach de thairbhe an oiread sin daoine a bheith ag iarraidh cóip tá sé curtha ar líne againn ar an suíomh seo.


Le cóip a íoslódáil brú an nasc seo ‘Ón Luaith go dtí an Aisling – Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay


English


Last year Forbairt Feirste published the booklet  ‘From Ashes to Aisling Belfast Gaels and the Rebuilding of Bombay Street’. The booklet, based on the role of the Belfast Irish speaking community in the rebuilding of Bombay Street, was published to mark the remembrance of the  terrible events of August 1969.


The booklet proved so popular that all copies were snapped up within days. Forbairt Feirste is currently planning to republish the booklet in hard book version, but in light of the continuing high level of interest in the publication we have now made a copy available in downloadable format.


To download your copy click here:  ‘Ón Luaith go dtí an Aisling Ról Ghaeil Feirste in Atógáil Sráid Bombay



Tús Maith … / A Good Start….

Forbairt News No Comments

Fionnuala Nic Thom, Tiarnán MacSiacais agus Jake MacSiacais ag an Nasc Thiar

Brógaí Reatha / Running Shoes


Gaeilge


Bhí ionadaíthe Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus TACA i gcuideachta na céadaí Gael Feirsteacha a bhí páirteach i dtús mór RITH 2010 i mBéal Feirste, De Máirt 9 Márta.


Tús spleodrach bríomhar a bhí ann a leag síos caighdeán ard do na laochra reatha eile a bheas ag tabhairt an báta RITH ar aghaidh thíos tíre i dtreo na Gaillimhe.


Dúirt Fionnuala Nic Thom (féach an pictiúir thuas) a bhí ag rith ar son Taca: ” B’iontach an meascán a bhí amuigh ar sraideanna Bhéal Feirste le haon sprioc amháin acu. Bhí siad ann idir óg agus aosta idir fhir agus mná. Tús maith leath na hoibre.”


Le tuilleadh eolais ar RITH 2010, gabh chuig www.rith.ie


English


Representatives of  Forbairt Feirste Iontaobhas na Gaelscolaíochta and TACA joined hundered of Belfast Gaels for the big kick off for RITH 2010 in Belfast on Tuesday March 9th.


There was an enthusiastic, energetic start to the event which has laid down a high standard to be followed by those other Gaelic champions who will now carry the RITH baton on its onward trek across the coutry to Galway.


Fionnuala Nic Thom (see picture above) who ran for Irish Schools Charity Taca said: ” It was inspirational to see such a mix of people take to the streets of Belfast with common purpose. They were all there men and women, old and young. A good start is half the work.”


For further information on RITH 2010, go to  www.rith.ie



Tacaíocht Tacsaíthe don Teanga / Black Taxi’s support Irish

Forbairt News No Comments

Tarlach Ó Labhraí le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Tomaí Ó Conghaile, Steven Long

[/caption]
Tacaíocht Tacsaithe don Teanga/ Black Taxi’s support for Irish


Gaeilge

Tá Ionad na dTacsaithe Dúbha i mBéal Feirste i ndiaidh tacaíocht don scoth a léiriú d’athbheochan na Gaeilge athuair agus iad i lár an aonaigh le [...] Continue Reading…


Ullmhaithe do RITH 2010 /Ready to Run 2010

Forbairt News 2 Comments

Jake Mac Siacais agus Fionnuala Nic Thoim réidh le rith

[/caption]
Feirstigh réidh don RITH / Belfast ready to Run


Gaeilge

Tá Forbairt Feirste agus Iontaobhas na Gaelscolaíochta réidh lena chomhGhaeil Fheirsteacha eile le haghaidh tús mór RITH 2010. Déanfar tús a chur leis an RITH i mBéal Feirste, [...] Continue Reading…


Ó Aidhm go Feidhm / From aims to action

Forbairt News No Comments

Seo chugainn na Laochra / Here come the Laochra

Gaeilge


Bhí scaifte maith i láthair  nuair a rinne Micheál Ó Máirtín, Coláiste Ollscoile Muire, agus Cathaoirleach Campa Chormaic clár fógraí a nochtadh  i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an Deardaoin 4ú Márta. Beirt óglaochra agus scoláirí ar Choláiste Feirste, Patrice Ní [...] Continue Reading…


Beirt Laoch / People’s Champions

Forbairt News No Comments

Laochra Gael / People’s Champions


Gaeilge


Fuair beirt Ghael fuinniúil Feirsteach, Feargal Mac Ionnrachtaigh agus Colma McKee, aitheantas ag An Barr 40 faoi 40, Ócáid Bronnta Ghrúpa Meán Bhéal Feirste a reáchtáladh i Halla na Cathrach ar 4/3/10. Tugann an Barr 40 gradam do na fiontraíthe is mó a bhfuil barrchaighdeán [...] Continue Reading…


Aonach Oibre Machaire Fíolta / Magherafelt Careers Fair

Forbairt News No Comments

I Lár an Aonaigh / At the heart of the Fair

Gaeilge


Bhí Forbairt Feirste i lár an aonaigh arís i nDoire Theas ag cur cúis na Gaeilge chun Tosaigh. Bhí Forbairt i láthair ag Aonach Oibre a bhí á reachtail ag Páírtnéireacht Foghlamtha Mhachaire Fíolta. Bhí na ceadtaí daltaí scoile [...] Continue Reading…


© Forbairt Feirste | Powered by WordPress | Design Eóin Lennon | Admin | Entries RSS Comments RSS